MAC FHLANNCHAIDH, Seoirse (1881–1921) Seoirse MAC FHLANNCHAIDH 1881 1921 An Ghráinsigh, Luimneach M An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath óglach 1913–1922 [B9] polaiteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Sa Ghráinsigh in aice le Cill Mocheallóg i Luimneach a rugadh é ar 13 Márta 1881. Siúinéir a athair John Clancy agus ba í Brigid O’Farrell a mháthair. Bhí ceathrar deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. D’fhoghlaim sé Gaeilge ó sheandaoine sa cheantar. Fíníní ba ea a athair agus a uncail. Deartháir leis Patrick Clancy, T.D. ag an Lucht Oibre 1923–1932. Tar éis meánscolaíochta sa Bhrú bhí sé ina mhac léinn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ó 1898 go 1904. Eisean seachas éinne eile a chuir tús le gluaiseacht na hathbheochana ann nuair a bhunaigh sé craobh de Chonradh na Gaeilge. Bhí sé cairdiúil le daoine a bhí éagsúil ar fad le chéile—Pádraig Mac Piarais, Tom Kettle, Micheál Cíosóg, Frank Skeffington, James Joyce, Séamus Clandillon agus Art Ó Gríofa. É féin, Skeffington agus Kettle na cairde ba mhó ag Joyce ann agus Madden agus Davin na sloinnte atá air in Stephen hero agus Portrait of the Artist as a young man. Bhunaigh sé an club ‘The Confederates’ i mBaile Átha Cliath. Roinn den chlub sin an fhoireann iomána a raibh sé féin ina chaptaen orthu. I ndiaidh dó céim a ghnóthú chuaigh sé a mhúineadh teangacha i gColáiste Choill Chluana Gabhann ach b’éigean dó éirí as an bpost sin mar gheall ar dhrochshláinte. I 1906 sa Ghráinsigh bhí agóid ar siúl aige chun go roinnfí eastát de Salle ar fheirmeoirí beaga an cheantair. Thairg John Redmond rúnaíocht náisiúnta an Pháirtí Phairlimintigh dó ag an am sin ach i 1908 ghlac sé le post múinteora Gaeilge i gcathair Luimnigh. I 1915 phós sé Máirín Ní Chillín, muinteoir i Scoil Phádraig, Luimneach, a casadh air i gColáiste na Mumhan i mBéal Átha an Ghaorthaidh. I ndiaidh fliú mhóir 1918 bhí sé chomh tinn sin gurbh éigean dó éirí as an múinteoireacht. Ceapadh é ina stiúrthóir áitiúil i gcomhlacht árachais.

Bhí baint nár bheag aige le bunú na bhFianna agus na nÓglach i Luimneach agus chaith sé cúpla tréimhse ghairid i bpríosún. Toghadh é ina bhall den Bhardas i dtoghchán 1920 agus ar 31 Eanáir dhein Méara ar Luimneach de i gcomharbacht ar Mhicheál Ó Ceallacháin. Feallmharaíodh an bheirt acu ina dtithe féin ar 7 Márta 1921. Ina leaba ag léamh Céitinn faoi sholas coinnle a bhí Seoirse go gairid roimh na feallmharfóirí úd a theacht chuig doras an tí.