Bhí sé ar dhuine de na fir ba mhó lena linn sna Stáit Aontaithe a rinne obair ar son na teanga. In aice le Cill Airne a rugadh é agus chuaigh sé ar imirce sna luathchaogaidí. Bhí baint aige láithreach le 9ú Reisimint Nua-Eabhrac (‘The Irish Volunteers’), an dream as ar fhás an ‘Fighting 69th’. Rinneadh captaen de sa reisimint sin agus ghlac sé páirt sa Chogadh Cathartha in arm an tuaiscirt. Is cosúil go raibh sé i bpríosún sa deisceart agus gur gortaíodh é go minic. Nuair ab éigean dó éirí as an saighdiúireacht fuair sé post cigire cánach i roinn na stór banna.

Thosaigh sé ag soláthar ábhair Gaeilge don Irish-American in 1857. Chabhraigh sé le Micheál Ó Lócháin chun An Gaodhal a bhunú in 1881 agus bhí baint aige freisin le bunú na chéad scoile Gaeilge sa Bhowery. Bhí sé ar an dream beag Gaeilgeoirí ó stáit éagsúla a d’fháiltigh roimh Eoghan Ó Gramhna in 1894. Buaileadh go dona tinn é 1897 agus nuair a tháinig biseach air chuir sé cuid den locht ar bheith ag síorobair ar son na teanga. D’éag sé ar 14 Eanáir 1900. Tá cuntas ar a shaol in An Claidheamh Soluis 10 Feabhra 1900 agus tugann Fionnuala Uí Fhlannagáin (Micheál Ó Lócháin agus An Gaodhal, 1990) cuntas ar an soláthar a dhéanadh sé do An Gaodhal.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú