KENT, William Henry (1857–1935) William Henry KENT 1857 1935 Sasana M Coláiste Naomh Séarlas, Bayswater, Londain sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Duine de na hilteangaigh ba cháiliúla lena linn ba ea é. Deirtear go raibh leathchéad teanga ar eolas aige, an Ghaeilge ina measc.

I Sasana a rugadh é, ach ba shin-sheanuncail leis Esmond Kyan, fear de cheannasaithe ’98 a crochadh i Loch Garman. Sin-sheanathair leis ba ea an Captaen William Kent a d’fhionn Oileáin Kent. Bhí a athair ina eagarthóir ar an nuachtán Globe. I gColáiste Naomh Séarlas, Bayswater, Londain, a cuireadh oideachas air agus cheangail sé le hOblátaigh Naomh Séarlas (OSC) in 1876. Oirníodh é cúig bliana ina dhiaidh sin. Ó 1882 go 1895 bhí sé ag teagasc diagachta. Bhíodh sé ag scríobh don Dublin Review agus don Tablet, mar a mbíodh colún aige faoin ainm W.H.K. agus trácht ann go minic ar chúrsaí na Gaeilge.

Nuair a cuireadh an dlí ar Larry Ginnell MP toisc a ainm a thabhairt i nGaeilge glaodh ar an Athair Kent mar fhinné. Bhí sé beagáinín bodhar, áfach, agus nuair a bhí an breitheamh go follasach ag búirthíl air ba é an freagra a thug an sagart bocht air: ‘As it says in one of our hymns, my lord, “The sweetness of thy soft low voice I am too deaf to hear”’ Cás an-cháiliúil in Éirinn ba ea é. Shaighneáil Labhrás Mag Fhionnghail a ainm i nGaeilge ar 24 Meitheamh 1916 in Wakefield, agus an lá dár gcionn in Knutsford, nuair a bhí cuairt á tabhairt aige ar lucht an Éirí Amach a bhí i ngéibheann. Bhí an triail ar siúl 8 Iúil i gCúirt na bPóilíní, Sráid Bow, agus gearradh trí sheachtain príosúnachta ar Mhag Fhionnghail. Bhí Liam P. Ó Riain [B1] mar fhinné freisin.

Thug Kent seanmóir Ghaeilge na Féile Pádraig 1902 in Eaglais N.Proinsias, Notting Hill. Pósadh beirt Ghaeilgeoirí i mBayswater i 1909. ‘B’shin an chéad phósadh i nGaeilge ag Bayswater agus ba é an tAthair Ceannt, nach raibh riamh in Éirinn a phós iad’ (Donncha Ó Súilleabháin, Conradh na Gaeilge i Londain, 1894–1917, 1989).

Bhí spéis mhór aige i stair na hÉireann agus bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ar an ardán ag an bhfáiltiú a cuireadh go Londain roimh Art Ó Gríofa, Micheál Ó Coileáin agus na teachtaí eile i nDeireadh Fómhair 1921. D’éag sé ar 19 Aibreán 1935 agus tá cuntas fada ar a shaol in Scéala Éireann 23 Aibreán.