Duine de na hilteangaigh ba cháiliúla lena linn ba ea é. Deirtear go raibh leathchéad teanga ar eolas aige, an Ghaeilge ina measc.

I Sasana a rugadh é, ach ba shin-sheanuncail leis Esmond Kyan, fear de cheannasaithe ’98 a crochadh i Loch Garman. Sin-sheanathair leis ba ea an Captaen William Kent a d’fhionn Oileáin Kent. Bhí a athair ina eagarthóir ar an nuachtán Globe. I gColáiste Naomh Séarlas, Bayswater, Londain, a cuireadh oideachas air agus cheangail sé le hOblátaigh Naomh Séarlas (OSC) in 1876. Oirníodh é cúig bliana ina dhiaidh sin. Ó 1882 go 1895 bhí sé ag teagasc diagachta. Bhíodh sé ag scríobh don Dublin Review agus don Tablet, mar a mbíodh colún aige faoin ainm W.H.K. agus trácht ann go minic ar chúrsaí na Gaeilge.

Nuair a cuireadh an dlí ar Larry Ginnell MP toisc a ainm a thabhairt i nGaeilge glaodh ar an Athair Kent mar fhinné. Bhí sé beagáinín bodhar, áfach, agus nuair a bhí an breitheamh go follasach ag búirthíl air ba é an freagra a thug an sagart bocht air: ‘As it says in one of our hymns, my lord, “The sweetness of thy soft low voice I am too deaf to hear”’ Cás an-cháiliúil in Éirinn ba ea é. Shaighneáil Labhrás Mag Fhionnghail a ainm i nGaeilge ar 24 Meitheamh 1916 in Wakefield, agus an lá dár gcionn in Knutsford, nuair a bhí cuairt á tabhairt aige ar lucht an Éirí Amach a bhí i ngéibheann. Bhí an triail ar siúl 8 Iúil i gCúirt na bPóilíní, Sráid Bow, agus gearradh trí sheachtain príosúnachta ar Mhag Fhionnghail. Bhí Liam P. Ó Riain mar fhinné freisin.

Thug Kent seanmóir Ghaeilge na Féile Pádraig 1902 in Eaglais N.Proinsias, Notting Hill. Pósadh beirt Ghaeilgeoirí i mBayswater i 1909. ‘B’shin an chéad phósadh i nGaeilge ag Bayswater agus ba é an tAthair Ceannt, nach raibh riamh in Éirinn a phós iad’ (Donncha Ó Súilleabháin, Conradh na Gaeilge i Londain, 1894–1917, 1989).

Bhí spéis mhór aige i stair na hÉireann agus bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ar an ardán ag an bhfáiltiú a cuireadh go Londain roimh Art Ó Gríofa, Micheál Ó Coileáin agus na teachtaí eile i nDeireadh Fómhair 1921. D’éag sé ar 19 Aibreán 1935 agus tá cuntas fada ar a shaol in Scéala Éireann 23 Aibreán.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú