Rugadh é 22 Aibreán 1866 (teastas breithe), mac le George Ellerker, ‘boot-top maker, master,’ agus a bhean Hannah Hullah. Bhí cónaí orthu in Allhallowgate, Ripon, Yorkshire.

Post sna Ceithre Chúirt a thug go hÉirinn é. Phós sé Ultach dar sloinne Graham. Bhí beirt mhac acu. Fuair Willie bás de ghás i gCologne díreach i ndiaidh an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Bhí Bunny (nó an Dr H.G.Ellerker) ina imreoir póló uisce den scoth agus ghlac sé páirt i gcluichí Oilimpeacha 1936 i mBerlin. Fear spóirt ba ea Thomas freisin. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Irish Civil Service Rifle Club. Bhí urchar maith aige agus deirtear go mbeadh sé ar fhoireann na hÉireann i mBisley murach gur Shasanach é.

Bhí Thomas ar dhuine den deichniúr a bhí ag an gcruinniú ag ar bunaíodh Conradh na Gaeilge 31 Iúil 1893. Ag ‘Glentana’, Bóthar Torquay, Carraig an tSionnaigh, Co. Bhaile Átha Cliath, a bhí cónaí air san am. Ní cosúil go raibh baint dá laghad aige leis an eagraíocht i ndiaidh na chéad oíche sin agus ní móide aon spéis a bheith aige i gcúrsaí na teanga. Mar chomhghleacaí agus b’fhéidir mar chara le Eoin Mac Néill a bhí sé ag an gcruinniú cinniúnach úd.

Ceapadh é ina Phríomh-Scrúdaitheoir 1913 agus sin é an post a bhí aige san Ard-Chúirt i ndiaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh. Bhí sé ina bhall den Choimisiún Clisiúnais. Bhí sé ina údar ar chúrsaí seansaireachta agus ar chleachtas comhlachta.

Fuair sé bás 10 Feabhra 1929 agus adhlacadh é i gCnocán Iaróm, Baile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú