DOYLE, Bernard [Brian Ó Dubhghaill] (c.1860–1933) Bernard DOYLE Brian Ó Dubhghaill c.1860 1933 Bealach Conglais, Co. Chill Mhantáin 21 Ascaill Brighton, Baile Átha Cliath Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath M Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Phroinsiais, Baile Átha Cliath foilsitheoir fear gnó clódóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ar a chostas féin bhunaigh sé Fáinne an Lae, an chéad pháipéar nuachta agus bolscaireachta dá raibh ag Conradh na Gaeilge.

I mBealach Conglais i gCill Mhantáin a rugadh é. ‘Barney’ a thugtaí air de ghnáth. Ba í an chuimhne ab fhaide siar ina cheann an lá a ghabh na póilíní a athair. Clódóir ba ea é siúd agus chaith sé sé mhí i bpríosún mar gheall ar bholscaireacht a dhéanamh ar mhaithe leis na Fíníní. D’aistrigh an chlann go Baile Átha Cliath nuair a saoradh é. Ar feadh a shaoil bhí an ghráin ag Brian ar an ‘Saxon usurper’.

Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid San Proinsias agus d’fhoghlaim sé ceird na clódóireachta i gcomhlacht Sealy, Bryers & Walker. Bhí gnó clódóireachra faoin ainm Thomas Doyle ag 6 Swift’s Row agus ó 1892 amach bhí gnó ar siúl ag Brian in uimhir a 5. Deirtear go bhfuair sé tacaíocht ó na ceardchumainn agus ó pholaiteoirí an lucht oibre. Ó 1896 amach is ag 9 Cé Urmhumhan a bhí sé agus timpeall an ama sin a bhunaigh sé an Irish Leather Trades Journal. Thairg sé duais Oireachtais trí ghiní ar aiste faoi dhéantúis na hÉireann Lúnasa 1897.

Faoi lár na 1890idí bhí foireann de chló gaelach ceannaithe aige. Bhí sé gníomhach sna réitithe a bhí ar siúl chun Nócha hOcht a cheiliúradh agus bhí ina rúnaí ar an Wicklow ’98 Monuments Committee. B’fhéidír gurbh í an bhliain a bhí ann a chuir ina cheann é páipéar Gaeilge a thabhairt amach Lá Coille 1898. Is léir ar eagarfhocal Irisleabhar na Gaedhilge, Samhain 1897, gur oir sé go breá don Chonradh go mbeadh a leithéid ar fáil. ‘Mr Bernard Doyle, of 9 Upper Ormond Quay, Dublin, the enterprising printer who recently caused a new and very highly perfected fount of Irish type to be struck, has, of his own motion and as a result of his experience of the great growth of an Irish-speaking public, undertaken the publication of the new weekly .... The new journal will be a bona fide newspaper, intended to supply in Irish a summary of news and miscellaneous interesting matter as weekly reading for the ordinary household. In fulfilling this purpose, it will attain the great end of creating an Irish-reading public. Bearing this in mind, it should be the chief aim in circulating the paper, to obtain readers for it among the mass of the Irish-speaking people’.

Tháinig an chéad uimhir de Fáinne an Lae amach ar 8 Eanáir 1898. Bhí socair ag Conradh na Gaeilge le Brian go gcuirfidís ar fáil, ábhar nuachta agus eile, gur fúthu a bheadh polasaí agus eagarthóireacht a stiúradh, cé gur le Brian an iris. In uimhir Eanáir de Irisleabhar na Gaedhilge dúradh: ‘The Gaelic Journal will henceforth be relieved of the duty of chronicling the events of the movement, and will, consequently, be almost wholly devoted to the literary cultivation and accurate study of the Irish language’.

Ní raibh an bhliain féin istigh nuair a d’éirigh eatarthu. Tá cur síos maith ar thaobh an Chonartha den scéal in Eoin Mac Neill: scholar and man of action, 1867–1945 (1980) le Michael Tierney. Thug Aisling Ní Dhonnchadha léacht ‘Fáinne an Lae: ceann d’fhoinsí na hAthbheochana’ (i gcló in Léachtaí Uí Chadhain, 1989, in eagar ag Eoghan Ó hAnluain). Ba iad cúiseanna an aighnis: Brian bheith ag éirí ábhairín neamhspleách; achainí ar léitheoirí airgead a sholáthar le haghaidh foclóra a scríobhfadh Osborn Bergin[B2], bhí sí i gcló in aon uimhir le hachainí speisialta an Chonartha le haghaidh chiste na teanga; gur shíl an Conradh gá a bheith leis an páipéar a mhéadú agus nach raibh Brian ag aontú leis sin. Chuir Eoin Mac Néill, eagarthóir Irisleabhar na Gaedhilge, síos ar chuid de na deacrachtaí sin agus luaigh go raibh míshástacht bhaill Chraobh na Laoi den Chonradh á cur chun cinn in iris Uí Dhubhghaill. Luaigh sé freisin nach raibh puinn Gaeilge ag Brian. Bhí a n-aigne déanta suas ag an gConradh go mbeadh iris dá gcuid féin acu agus foilsíodh an chéad uimhir de An Claidheamh Soluis ar 18 Márta 1899.

Le cabhair Chraobh na Laoi lean Fáinne an Lae ar aghaidh go dtí Iúil 1900 ach bhí ag teip uirthi nuair nach raibh tacaíocht an Chonartha aici. Thairg Brian don Chonradh í ar £250 ach níor ghlac siad leis an tairiscint agus ba ghairid go raibh sé bancbhriste. Cheannaigh an Conradh teideal na hirise sa deireadh, cé nach bhfuair Brian féin aon phingin dá luach, agus is é teideal pháipéar an Chonartha ó 4 Lúnasa 1900 amach An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae.

Bhí a ghnó ar fad caillte ag Brian. Cuireadh coiste cumhachtach ar bun chun cabhrú leis, an Craoibhín, Eoin Mac Néill, T. W. Rolleston [B1], an Piarsach, Seán Diolúin MP, Pádraig Archer [q.v.], an tAthair Pádraig Breathnach C.M. [q.v.] i measc na mball. D’fhoilsigh siad ‘Testimonial to Mr Bernard Doyle’ in An Claidheamh Soluis 3 Bealtaine 1902. Dúradh ann: ‘Mr Doyle was the first and only person in the Printing Trade in Ireland to undertake the risk of printing and publishing a weekly paper largely in Irish, and wholly devoted to the cause of the Irish Language ... realising the hope of Tomas Davis, and giving a great impetus to the National Language Movement’. Dúradh freisin gur bhris sé monaplacht an phéire comhlacht a raibh cló gaelach acu, agus gurbh eisean ba thúisce a chuir colúin phlátáilte Ghaeilge ar fáil, agus go mbaineadh páipéir chúigíocha feidhm astu. Cibé airgead a fuair Brian de bharr na teistiméireachta, faoi Aibreán 1903 bhí gnó clódóireachta tosaithe aige arís.

Níorbh é Fáinne an Lae an t-aon pháipéar a bhunaigh sé. Seachtaineán liteartha a thug sé amach in 1898 ba ea United Ireland, más fior do chuntas The Wicklow People i ndiaidh a bháis. Ní rófhada a mhair sé aige. Bhí páipéar den teideal sin ann ó 1881. B’fhéidir go raibh an teideal i seilbh Bhriain ar feadh tamaill de 1898 nó b’fheidir gurbh é an United Irishman, páipéar Airt Uí Ghríofa in 1899, a bhí i gceist. Brian a chlóbhuaileadh é agus ba é 9 Cé Urmhumhan seoladh an pháipéir sin i dtosach.

Acht an Rialtais Áitiúil i Lúnasa 1898 faoi deara do The Irish Worker a fhoilsiú. Deirtear gur chabhair ar leith é don lucht oibre sna toghcháin i mBaile Átha Cliath. I 1914 nuair nach raibh sé ag réiteach le tuairimí Shéamais Uí Lorcáin chuir sé The Liberator and Irish Trade Journal ar bun. Ba é an Rathmines Free Press a fhiontar deireanach. Tá cuma na fírinne ar rud a dúradh in The Wicklow People 20 Bealtaine 1933: ‘Many of his publishing enterprises had varying fortunes but he was ever optimistic. He met adversity with courage and was ever ready to embark on a further pursuit of fame and fortune’. In 1899 d’fhoilsigh sé Principles of Irish reading, le M.L.

Timpeall 1912 thosaigh sé ag obair don City Printing Works, 13 Sráid Stafford, agus bhí cónaí air ag 21 Ascaill Brighton, Ráth Garbh, nuair a d’éag sé 14 Bealtaine 1933. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Dúirt Eoin Mac Néill in 1899 nach raibh aon Ghaeilge aige. I nDaonáireamh 1901 líonadh isteach san fhoirm go raibh an teanga go deimhin ag a athair Tomás, ag a dheartháir agus aige féin. Ach moladh do Ghaeil a bhí ar bheagán Gaeilge an freagra sin a thabhairt i gcúiteamh na ndaoine go léir a mbeadh náire orthu a admháil go raibh eolas acu ar an teanga. In An Tír, Meitheamh 1933, dúirt Eoin Ó Searcaigh gur fhoghlaim Brian Gaeilge nuair a bhí sé anonn go maith sna blianta.

Tá eolas níos mine ar a shaol agus a shaothar ag Caoilfhionn Nic Pháidín in Fáinne an Lae agus an Athbheochan (1898-1900) (1998).