MAC GRÉAGÓIR, Art (1882–1959) Art MAC GRÉAGÓIR 1882 1959 Baile Mhic Coiligh, Co. Phort Láirge M Scoil na mBráithre Críostaí, Cnoc Sióin, Port Láirge státseirbhíseach roimh 1922 [B9] státseirbhíseach Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I mBaile Mhic Coiligh, taobh le cathair Phort Láirge. a rugadh é, Arthur Patrick Gregg. 13 Márta 1882, Ba é Michael Gregg. ardchonstábla nó Head Constable sa Constáblacht Ríoga i mBaile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh, a athair. Bridget Dora Dickson a mháthair. ls dóigh gurbh eisean an AP. Gregg a bhuaigh an tríú duais don bhuachaill ab fhearr Gaeilge in Éirinn sa ghrád sóisearach in 1896 agus a bhí ar scoil ag na Bráithre Críostaí i bPort Láirge (Irisleabhar na Gaedhilge, Deireadh Fómhair 1896).

Bhí post státseirbhíse aige in Oifig na dTaifead i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Thosaigh sé ag dul go dtí an Rinn i 1910. D'éirigh sé as a phost faoi fhorálacha an Chonartha Angla-Éireannaigh agus chuaigh chun cónaithe sa Rinn i 1924. Scríobh sé Stair na nDéise ó thosach go dtí 1169 A.D., 1938. Leagan Béarla is ea Waterford and Lismore diocese, (c.1953), Scríobh sé freisin: Seanphaidreacha na nDéise, (c.1954); History of Waterford City 853-/1170, 1953; Fr Owen Duffy, parish priest of Tubrid [gan dáta]. Chuir sé eagar ar véarsaí in onóir don Mhaighdean Muire a scríobh an Eoghan Ó Dufaigh seo, Proinsiasach a mhair sa dara leath den 16ú haois. Scríobh sé réamhrá Cúrsa símplí sa chreideamh, 1950 a bhí scríofa ag an Dr Micheál Ó Síocháin[B3] agus, dar le Dungarvan Leader 27 Meitheamh 1959, chabhraigh leis an údar céanna agus é ag bailiú an ábhair a d'fhoilseofaí in Seanachaint na nDéise II, 1961. Más fíor don pháipéar sin, chabhraigh sé freisin leis an gCanónach Pádraig de Paor agus innéacs eagrán 1952 de The place names of the Decies á réiteach aige agus bhí stair Choláiste na Rinne á scríobh aige. Deir Micheál Ó Domhnaill in Iolscoil na Mumhan ... Coláiste na Rinne: gearrstair,(1987) gur chuir sé eagar ar bhailiúchán de lámhscríbhinní atá anois i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Bhí sé, b'fhéidir, ar an duine ba thúisce a thuig gur bhrionnadóireacht ba ea an dán 'Marbhna Oilíféir Grás'. Chuir sé an dán ina iomláine i gcló in Scéala Éireann i 1936. Bhí aiste scríofa aige ar an bhfile a cheap é, Pádraig Ó Néill, ach níor fhoilsigh sé í go raibh aiste Choilm Uí Lochlainn[q.v.] i gcló in Éigse, samhradh 1940, agus is mar thaca le hobair bhleachtaireachta Choilm atá sí i gcló in uimhir an gheimhridh den iris sin. D'éag sé 14 Meitheamh 1959. Ag "Tower Lodge', Bóthar Chill Chuacháin, Port Láirge, a bhí cónaí air ag an am. Deir Micheál Ó Domhnaill: 'Ó 1910 anuas, bhíodh a thriall anseo [An Rinn] agus níorbh é ná raibh dílis don áit go lá a bháis ...'.