Tá eolas faoin sagart Froinsiasach seo ag Éamonn Ó hÓgáin in ‘Scríobhaithe Lámhscríbhinní Gaeilge i gCill Chainnigh 1700-1870’ (Kilkenny: History and Society: Interdisciplinary Essays on the History of an Irish County, in eagar ag William Nolan agus Kevin Whelan, 1990). Fuair na húdair iasacht ón Athair Ignatius Fennessy OFM den aiste ‘In search of a Franciscan in Kilmacow’ a bhí scríofa aige i gcomhair chomóradh 200 bhliain shéipéal Chill Mhic Bhúith, Co. Chill Chainnigh. Ba é an Donnabhánach seo tiomsaitheoir na lámhscríbhinne ‘Suim Athchumair an Teaguisg Criosttaighe: arna tharuing ó theagasc Criosttaighe Douai . . . maille re cúram an Athar Bonaventura Cuimín cum sochar na gcreidmhach agus go sunnrathach Chontae Cheill Chainneich. Arna sgriobh liomsa, Proinsias Ó Donován . . . 1758.’ Tá an lámhscríbhinn i dtaisce in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, leis na lámhscríbhinní eile i gcnuasach an Easpaig Seán Ó Murchú. Sa lámhscríbhinn tá freisin seanmóirí, ar foilsíodh péire díobh in Seanmóirí Muighe Nuadhad 11, 1907, agus graiméar Gaeilge don aos óg.

Sa lámhscríbhinn deir sé gurbh iad Cornelius O’Donovan agus Catherine Power a mhuintir, gur baisteadh é 2 Aibreán 1704 agus gur glacadh isteach sna Froinsiasaigh é 14 Nollaig 1759. Thug Seán Ó Donnabháin le fios gur éag sé in 1806 (sliocht spéisiúil i gcló ag Ó hÓgáin agus Fennessy araon). D’fhágfadh sin go raibh sé 55 bliana d’aois nuair a chuaigh sé isteach san ord, agus go raibh sé 102 bliain nuair a cailleadh é. Deir Fennessy: ‘The dates here seem unlikely, and there may be some confusion between two Franciscans named Francis Donovan, one of whom may have been a diocesan priest who became a Capuchin (OFMCap) late in life.’ Tuairimíonn Ó hÓgáin gurbh fhéidir dearmad éigin a bheith sa teastas baiste agus deir Fennessy go ndeachaigh Proinsias Ó Donnabháin áirithe isteach san ord i gColáiste San Isadóir sa Róimh um Shamhain 1759 ach gur mar fhear óg—‘ingenus iuvenis’—a tuairscíodh air. Bhí seisean ina choimeádaí teidealach ar mhainistir Ros Mhic Thriúin ach níl tagairt dó i gcáipéisí an Oird i ndiaidh 1773; míniú a d’fhéadfadh a bheith air sin nárbh i mainistir a bhí cónaí air. Deimhníonn taifid pharóiste Chill Mhic Bhúith go raibh sagart darb ainm Francis Donovan ag obair i bparóistí an Ghleanna Mhóir agus Shliabh Rua idir 1768 agus 1786. D’íoc sé síntiús le foilsitheoirí Lives of the … Saints, 1779-80 le Alban Butler. Deir Fennessy: ‘That was an expensive set of books, more suitable, one might think, for a diocesan priest than a Franciscan. Still it is possible that, as a friar (if he was one) he was living with or near his family, relatives or friends. In those days, when religious were officially banned by law, they sometimes tried to pass themselves off as parish clergy.’

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú