Ó COILLTE, Eibhlín [Ní Ch.] (fl.1745) Eibhlín NÍ CHOILLTE fl.1745 F file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Ó COILLTE Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

In Field Day Anthology of Irish Writing IV, 2002, sa chaibidil ‘Courts and Coteries II’ in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha, tá amhrán Seacaibíteach a chum an file seo tuairim 1745, ‘Stadaidh bhur ngéarghol, a ghasra chaomhdha’, é in eagar ag Pádraig A. Breatnach maille le haistriúchán; síltear go mba as Cathair Druinge in aice le Baile Mhistéala di. Deir Breatnach faoin amhrán: ‘It survives in more than twenty copies, an indication that it was remarkably popular. These name the author as either Eibhlín Ní Choillte or Eibhlín Ní Eachiarainn. As the former appears in a more diverse cross-section of manuscripts, it seems deserving of greater credence. . . . The opinion given by James Hardiman[B7], in his Irish Minstrelsy, p. 149, that Eibhlín Ní Choillte (“Ellen Quilty”) was “probably a nom-de-guerre, assumed by some bard to avoid detection”, seems groundless’.