MAC LOINSIGH, Séarlaí (1861-1954) Séarlaí MAC LOINSIGH 1861 1954 Gleann na Mínteach, Co. Dhún na nGall M fíodóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Seo é údar The Last of the Name, 1986, dírbheathaisnéis duine de na cainteoirí dúchais Gaeilge deireanacha in Inis Eoghain atá in eagar ag Brian Friel. Foilsíodh leagan Fraincise, Le Dernier du Nom, 1999. Deir Nollaig Mac Congáil faoi: ‘Sin leabhar, dá mbeadh sé scríofa as Gaeilge ar an chéad dul síos, a chuirfeadh an dlaíóg mhullaigh ar scríbhneoireacht Ghaeilge Dhún na nGall dá bhfoilseofaí é nuair a bhí lagtrá ag teacht ar scríbhneoireacht Ghaeilge Dhún na nGall sna 1940idí agus sna 1950idí.’ I gCluain Maine, Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall, a bhí cónaí ar an bhfíodóir seo agus sna 1940idí deireanacha thosaigh múinteoir sa cheantar, Patrick Kavanagh, ag breacadh a scéil síos óna bhéal féin. Nuair a bhí sé inste aige mheall Kavanagh é chun é a insint i nGaeilge; ina óige ba í teanga an pharóiste í. Ní raibh taifeadta ach an ceathrú cuid nuair a d’éag sé agus tá an cheathrú sin inAn Fear Deireanach den tSloinne, 2002 in eagar ag Desmond Kavanagh, mac an mhúinteora, agus Nollaig Mac Congáil. Is é áit a bhfuair siad an teideal san alt deiridh den leabhar: ‘So, whenever I die, they will know where to bury me. And after my day the grave will not be opened again, for I am the last of the name’.

Tá gearrchuntas ar a bheatha ag Mac Congáil. I nGleann na Mínteach, Cluain Maine, a rugadh Séarlaí 21 Nollaig 1861. Bhí a athair, arbh fhíodóir é, in ann Gaeilge a léamh agus bhí leabhair mar sheanmóirí Uí Ghallchobhair sa teach. B’annamh ar fad a d’fhág sé a cheantar féin; bhí sé in Albain uair agus i mBaile Átha Cliath uair eile. Níor phós sé. In Miscellanea Celtica in Memoriam Heinrich Wagner, 1997 in eagar ag Séamus Mac Mathúna agus Ailbhe Ó Corráin tá scéal barrúil ag Seán Ó hEochaidh [q.v.] ar an teagmháil a bhí ag an scoláire mór Eilbhéiseach le Séarlaí.