Ó hÉIGEARTAIGH, Pádraig Sáirséal (1879-1955) Pádraig Sáirséal Ó hÉIGEARTAIGH 1879 1955 Bóthar Síorghlas, Corcaigh M Scoil na mBráithre Críostaí, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh óglach 1913–1922 [B9] státseirbhíseach státseirbhíseach roimh 1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Réabhlóidí i gcaitheamh a óige, fear mór leabhar, scoláire, staraí agus scríbhneoir ba ea é. Ba í Katherine Hallahan, iníon le Patrick Hallahan, coillteoir i dteach mór i Maigh Chromtha, a mháthair. D’imigh sí ar deoraíocht go Bostún agus bhí ag obair ansiúd mar chócaire. Casadh uirthi John Hegarty. Bhí gnó maith tógála aige. Pláistéir agus oibrí stucco ba ea é, ceird a bhí ag a mhuintir. Deir P.J. Twohig in Green tears for Hecuba, 1979 gurbh as Maigh Chromtha dóibh sin. Tuairimítear gurbh é a bhallraíocht sna Fíníní a thug go Meiriceá é. Phós siad i mBostún agus d’fhill ar Chorcaigh. In ‘Creedon’s House’, Bóthar Síorghlas, Corcaigh, a rugadh Pádraig Sáirséal ar 29 Nollaig 1879. Rugadh an dara mac, Seán, i Márta 1881. Bhí an teaghlach ina gcónaí ina dhiaidh sin ag 2 Ardán Anglesea. Bhuail an eitinn John Hegarty agus bhí sé in ospidéal na mbocht ar feadh na mblianta go dtí a bhás Lá Nollag 1888. Bhí saol crua ag a bhean chéile. Thosaigh sí ag obair mar chócaire agus is anseo is ansiúd sa chathair a bhíodh cónaí orthu. Bhí P.S. ar scoil sa Mhainistir Thuaidh, mar a raibh Traolach Mac Suibhne[q.v.] ina dhalta ag an am céanna agus ina dhlúthchara leis. Fuair a mháthair post cléirigh in oifig aturnae dó in 1895 agus chuaigh sé isteach i seirbhís an phoist i gCorcaigh in 1897. Thug sé oideachas dó féin le léitheoireacht. Bhí sé ina bhall i 1905 de chumann iomána Ard-Oifig an Phoist i gCorcaigh (a dheartháir Seán a bhí ina chaptaen agus bhí J.J. Walsh, a bheadh ina Aire Poist agus Telegrafa ar ball, ina uachtarán). Tuairim an ama chéanna bhí sé ina bhall den Chumann Liteartha Ceilteach. Ainmníodh é mar theachta ó Chraobh Chúchulainn, Ard-Oifig an Phoist i gCorcaigh, chuig Ard-Fheis 1906 Chonradh na Gaeilge (An Claidheamh Soluis 28 Iúil 1906).

Ó 1902 go 1913 is i Londain a bhí sé lonnaithe. Tá aistí aige in Feasta, Feabhra, Márta, agus Meitheamh 1954, ar an bpáirt a bhí aige in obair Chonradh na Gaeilge ann. Bhí sé i rang ‘Chonáin Mhaoil’ [Pádraig Ó Séaghdha (1855-1928)] [B1] ar dtús agus théadh freisin chuig rang Phádraic Uí Chonaire [B3]. D’fhoilsigh Tomás de Bhaldraithe a chuimhní ar Phádraic in Pádraic Ó Conaire: clocha ar a charn, 1982. B’éigean do P.S. tamall de 1909 a chaitheamh sa bhaile. ‘Pádraig Ó hÉigeartaigh, as most of our readers know was suddenly struck down during the month with a severe illness brought on by overwork, in season and out of season, in every national cause for which work could be done in London (An Claidheamh Soluis 24 Aibreán 1909). Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó ach d’éirigh sé as toisc é a bheith ina chónaí i Londain. Bhí sé ina eagarthóir ar nuachtán an Bhráithreachais, Irish Freedom, agus is é a scríobh an píosa cáiliúil ar chuairt Sheoirse V ar Éirinn 1911: ‘Damn your concessions, England: we want our country!’. Faoin am sin bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta agus bhainfeadh sé post ard amach san eagraíocht sin. D’éirigh sé cairdiúil le Michael Collins i Londain, agus ba é P.S. a chláraigh é mar bhall de Shinn Féin agus a chuir faoi mhionn an Bhráithreachais é.

Ceapadh é ina mháistir poist i gCóbh 1913. Craobh an Chóibh a d’ainmnigh é mar iarrthóir i dtoghchán an Choiste Gnó (An Claidheamh Soluis 25 Iúil 1914). Bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ag bunú díormaí de na hÓglaigh i gCorcaigh agus aistríodh go Shrewsbury é nuair a bhris an Cogadh Mór amach. Phós sé Wilhelmina Rebecca Smyth [Liaimín Uí Éigeartaigh] [q.v.] i 1915. Bhí sé ina mháistir poist i Welshpool, Montgomeryshire, ina dhiaidh sin agus is ann a rugadh a mhac Seán Sáirséal [q.v.]. Rugadh beirt iníonacha dóibh, Máire Caitríona agus Gráinne Dill. Tar éis Éirí Amach 1916 shíl sé nach raibh aon ghá dul i muinín an fhoréigin arís. ‘He was at heart more a Griffith man than an I.R.B. man’, a dúirt a gharmhac Cian (Irish Times 4 Eanáir 1980). I 1918 d’éirigh leis filleadh ar Éirinn agus d’oscail sé Siopa na Leabhar Gaelach i Sráid Dásoin, Baile Átha Cliath, i gcomhar le hÉamonn Mac Giolla Iasachta. Fear mór leabhar ba ea P.S. agus d’éirigh go han-mhaith leis an siopa.

Teach sábháilte ba ea a theach cónaithe ag Collins i rith Chogadh na Saoirse. D’fhan an Chuntaois Markievicz ann ar theacht amach as príosún di. Bhí P.S. ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh, agus bhí drochmheas aige ar sheasamh de Valera ag an am. Cuireadh i gceannas Ard-Oifig an Phoist é nuair a bunaíodh an stát agus d’éirigh sé as an bpolaitíocht. A sheanchara J.J. Walsh a thairg post Rúnaí na Roinne Poist agus Telegraf dó agus chaith sé an chuid eile dá shaol oibre sa phost sin. Bhí baint mhór aige le bunú Radio Éireann agus lena riaradh sna blianta tosaigh. Deir Maurice Gorham in Forty years of Irish broadcasting, 1967: ‘But he betrayed an ominous attitude towards the broadcasting station when he asserted that all important matters had been, and were still being, attended to from his office, and the only work that devolved on the station staff was really the engagement of artists and the compilation of programmes’. Agus i dtaobh theacht i gcumhacht Fhianna Fáil deir sé: ‘P.S.O’Hegarty ... had been one of the most active and embittered propagandists against the party he now served’. Ach thug sé ‘a lively and literate character’ air. Chuaigh sé ar pinsean i 1945. Staraí ba ea é agus scríobh: A history of Ireland under the Union 1801-1922, 1952; chaith sé na blianta 1924-1949 ag gabháil dó. Leabhair eile leis is ea: John Mitchel, an appreciation, 1917; The indestructible nation, 1918; Sinn Féin, an illumination, 1919; Ulster, a brief statement of fact, 1919; A short memoir of Terence McSwiney, 1922; The victory of Sinn Féin, 1924. Bhí sé ina eagarthóir ar: An t-Éireannach, iris an Chonartha i Londain, i 1913; Irish Freedom 1911-14; The Irish World 1918-19; The Separatist, 1922. Bhíodh ábhar aige in Guth na nGael, An Claidheamh Soluis, Irish Book Lover, Dublin Magazine, Sunday Independent .... D’fhoilsigh sé in Dublin Magazine sraith fhada de leabharliostaí de shaothar laochra na Poblachta: an Piarsach, Séamus Ó Conghaile, Ruairí Mac Easmuinn ....

Leabharbhách agus leabhareolaí ba ea é agus is aige a bhí an leabharlann phríobháideach ba mhó sa tír. Cnuasach an-bhreá de stair agus litríocht na hÉireann is ea cuid di. In Ollscoil Kansas atá ‘Leabharlann P.S. Uí Éigeartaigh’ anois agus meas uirthi i measc scoláirí mar fhoinse thábhachtach taighde. Léirmheastóir géarchúiseach ba ea é freisin agus deirtear gurbh é ba thúisce a d’aithin talann Uí Chonaire. In The Separatist 22 Meán Fómhair 1922, san uimhir chéanna a bhfuil eagarfhocal Gaeilge inti faoi bhás Mhichíl Uí Choileáin, d’fháiltigh sé roimh Ulysses le James Joyce agus mhol go hard é; d’aithin sé láithreach go mbeadh monalóg Molly Bloom ar cheann de sheoda na nualitríochta. Meastar go mba é seo an chéad léirmheas fabharach a fuair Ulysses in Éirinn. Cothrom chéad bliain a bhreithe scríobh a gharmhac Cian Ó hÉigeartaigh in Irish Times 4 Eanáir 1980: ‘His great virtue was the originality and self-reliance of his judgement. Nobody had ever taught him what he should think about literature; he came fresh to what he read, judged it in relation to his own rich experience of life, and because he had a shrewd eye and broad sympathies, his judgements have stood the test of time’.

Bhí an-dúil aige sa nádúr agus thaitin leis dairchnónna a chur. Reathaí maith ba ea é ina óige agus bhí sé tugtha don rothaíocht. Lean a spéis sna cluichí Gaelacha ach ní rachadh chuig cluichí i bPáirc an Chrócaigh de bhrí go gcastaí ‘Faith of our fathers’ roimh chluiche agus gurbh easpag a chaitheadh isteach an liathróid, nós a raibh blas an tseicteachais air, shíl sé. Tógadh ina Chaitliceach é ach thréig sé an eaglais sin ina óige de bharr ionsaithe na n-easpag ar an bpoblachtánachas. Théadh sé chuig cluichí rugbaí go han-mhinic. In ainneoin a ghéire a scríobhadh sé faoin dream nó faoin rud nár thaitin leis, is cosúil gurbh fhear éadromchroíoch i gcomhluadar é agus go raibh dúil ar leith aige sna bailéid náisiúnta. D’éag sé 17 Nollaig 1955. Cathal Ó Seanáin [B1] a thug an óráid os cionn na huaighe (Inniu 30 Nollaig 1955).

Bhí a dheartháir Seán ar dhuine de na ceannairí ba mhó i gCorcaigh i rith Chogadh na Saoirse. Lean sé Tomás Mac Curtáin [B4] agus Traolach Mac Suibhne mar cheannasaí ar Bhriogáid a hAon d’Arm na Poblachta i gCorcaigh. Ba é a d’eagraigh marú D.I. Swanzy, an póilín a mharaigh Tomás Mac Curtáin os comhair a bhean agus a chlann i lár na hoíche. Chomh luath le 1909 bhíodh litreacha i gcló aige in Sinn Féin. Phós sé Maghdalen (‘Mid’) Ní Laoghaire (An Claidheamh Soluis 17 Feabhra 1912), neacht leis an Athair Peadar Ó Laoghaire [B2], agus ba é an tAthair Peadar a d’aistrigh seirbhís an phósta chun gurbh i nGaeilge a bheadh an searmanas. Ball de Chumann na mBan ba ea Mid agus tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 27 Deireadh Fómhair 1917 í a bheith faoi ghlas i gCorcaigh toisc airgead a bhailiú gan chead i mBéal Átha an Ghaorthaidh mar a raibh cónaí orthu ar feadh tamaill. Is dóigh gur mar scarúnaí a toghadh Seán ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis 1915. Bhí sé in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh ach dhiúltaigh sé aon pháirt a ghlacadh i gCogadh na gCarad. D’fhéach sé le síocháin a dhéanamh ach níor éirigh leis. Fear stórais ag Bardas Chorcaí ba ea é i ndeireadh a shaoil. D’éag sé 31 Bealtaine 1963 agus tá sé curtha i dteampall dúchais mhuintir Éigeartaigh i gCill Mhuire, Co. Chorcaí.