Ó BRIAIN, Neilí [Ní Bhriain] (1864-1925) Neilí NÍ BHRIAIN 1864 1925 Cathair Maothail, Co. Luimnigh Londain Cathair Maothail, Co. Luimnigh F Scoil na Mínealaíon Slade, Londain ealaíontóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Ó BRIAIN Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Rugadh í ar 4 Meitheamh 1864 i gCathair Maothail, Co. Luimnigh. William Smith O'Brien, an tÉireannach Óg, a raibh idir scríobh agus léamh na Gaeilge aige, a seanathair. Bhí spéis ag a hathair Edward O'Brien sa Ghaeilge freisin toisc, b'fhéidir, é bheith ar scoil i gColáiste Cholumba, Ráth Fearnáin. Mary Spring Rice, iníon leis an Tiarna Monteagle, a máthair. Fuair sise bás den eitinn in 1866 agus ba í Charlotte (1845-1909), iníon le William Smith O'Brien, a thóg an chlann óg. Phós Edward, a raibh 500 acra aige i gCathair Maothail, arís ach ní rómhaith a thaitin an leasmháthair le Neilí.

Cuireadh ar scoil go Sasana í ach ba láidre an tionchar a bhí ag Charlotte uirthi. Bhí bá aicisean leis na Fíníní agus dúil aici sa Ghaeilge ('Conas Atá Tú' a thug sí ar a madra i ndiaidh di céad leabhar Uí Ghramhna a léamh). Bhí teach aici i gCluain Sceach agus ann a chuir Neilí aithne ar an gCraoibhín agus Gaeilgeoirí eile. Chaith Neilí tamall i Scoil Slade i Londain ag foghlaim ealaíne agus tá cuntas in DIB ar a saothar ealaíne. Bhí a pictiúir le feiceáil ag taispeántais san RHA, san Oireachtas agus araile. Bhí miondealbh dá seanathair William Smith O’Brien [q.v.] i measc an dosaen píosa a bhí ar taispeáint aici i Luimneach in 1906.

Nuair a d'éag Charlotte fuair Neilí le huacht a raibh aici. Níor mhiste léi riamh caitheamh as an stór sin chun leasa na Gaeilge. Ba í ba mhó faoi deara Coláiste Eoghain Uí Chomhraí i gCarraig an Chabhaltaigh a bhunú. Tá cuntas cuimsitheach ar an mbaint a bhí aici le Coláiste Uí Chomhraí ag Mainchín Seoighe in Ómós do Eoghan Ó Comhraí (1995) in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta (‘Bunú Choláiste Uí Chomhraí’). Chuir sí An tEaglaiseach GhaedhealachThe Gaelic Churchman, iris dhátheangach, ar bun agus sholáthraigh an t-airgead lena choimeád beo ó 1919 amach. Bhunaigh sí freisin Craobh na gCúig gCúigí de Chonradh na Gaeilge ('The Branch of the Five Protestants' mar a thugtaí air) agus in 1914 thaistil sí go Meiriceá in éineacht le Fionán Mac Coluim a bhailiú airgid don Chonradh. Bhí líofacht Ghaeilge aici ach an chaint ábhairín crochta.

Le hEaglais na hÉireann a bhain sí agus bhí tuairim aici gurbh fhéidir eaglais úrnua, a mbeadh glacadh léi go coitianta, a dhéanamh as na heaglaisí Críostaí a bhí seanbhunaithe in Éirinn. Ba mhian léi freisin a heaglais féin a ghaelú trí instealladh den seanspioradáltacht agus trína thabhairt ar a comhchreidmhigh aitheantas a thabhairt do shibhialtacht na nGael. B'ise freisin faoi deara seirbhísí bheith ar siúl go rialta i nGaeilge in Ardeaglais Phádraig agus in Eaglais Chríost i mBaile Átha Cliath. Is di a tiomnaíodh Leabhar na hUrnaí Comhchoitinne a chuir Cumann Gaedhealach na hEaglaise (a raibh baint mhór aici leis ó thús) amach in 1931.

Deirtear go raibh lámh agus focal idir í féin agus an péintéir Walter Osborne (1959-1903) ach nár phósadar toisc go bhfuair sé bás sula raibh deis acu. Níor phós sí riamh. Deartháir di an péintéir cáiliúil Dermod (1865-1945) agus leasdeartháir di Conor (1880-1952), an tÉireannach ba thúisce a sheol farraigí an domhain agus brat na hÉireann ar foluain ó chrann seoil a luaimh. Bhí spéis aigesean sa Ghaeilge freisin agus ina luamh The Kelpie a tugadh na raidhfilí i dtír i gCill Chumhaill. Col ceathrair di, aisteach mar a tharla, Mary Spring Rice, a raibh baint aici sna raidhfilí a thabhairt go Binn Éadair san Asgard.

D'éag Neilí (nó Ellen Lucy mar a baisteadh í) i dteach a dearthár Dermod i Londain ar 1 Aibreán 1925. Cuireadh í i gCathair Maothail, Co. Luimnigh. Tá cuntas uirthi ag Risteard Ó Glaisne in Feasta, Lúnasa agus Meán Fómhair 1979.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »