B’fhéidir a rá gur chaith Pádraig Feirtéar dhá shaol a bhí difriúil ar fad le chéile. Mar cheannaire áitiúil i gCogadh na Talún bhí cáil air ar fud Chorca Dhuibhne. Ach is mar cheannródaí béaloidis idir 1889 agus 1924 a thabhaigh sé clú náisiúnta dó féin, ach gurbh i ndiaidh a bháis é.

Sa Bhaile Uachtarach i bparóiste an Fheirtéaraigh a rugadh Pádraig ar 10 Márta 1856. Muiris a bhí ar a athair agus ba í Neil Ní Mhainnín a mháthair. Bhí sé bacach ó bhí sé ina ghasúr. Toghadh ina rúnaí é i gcraobh an Fheirtéaraigh de Chonradh na Talún in 1885. An bhliain dár gcionn bhí Bord Caomhnóirí an Daingin sásta gurbh eisean an duine ab inniúla díobh sin a chuir isteach ar phost mar oifigeach fóirithinte. Dúirt na húdaráis i mBaile Átha Cliath nach raibh an tsláinte sách maith aige. Creideadh gur mar gheall ar chabhair a bhí tugtha ag Pádraig in olltoghchán 1885 don iarrthóir Parnailiteach a deineadh an éagóir sin air. Faoi 1887 bhí siopa aige sa Daingean agus an páipéar United Ireland á dhíol ann. Lean sé air ag troid in aghaidh na dtiarnaí talún. Chaith sé dhá bhliain—ceithre théarma—i bpríosún de thoradh ar a chuid polaitíochta agus cuireadh a mhuintir as seilbh tí agus talún.

Nuair a scaoileadh amach as an bpríosún é thosaigh sé ag bailiú béaloidis agus ag cóipeáil lámhscribhinní. In 1896 b’éigean dó dul ar imirce go Chicago. Post sclábhaí a bhí aige ansin ach níor lagaigh air ach ag bailiú scéalta agus seanchais agus lámhscríbhinní, ar fud Massachusetts go háirithe, cé gur shuarach le rá an tuarastal a bhí aige. Chuirtí saothar leis i gcló in An Gaodhal, An Reult: irisleabhar na hollscoile agus in An tInfhiuchóir, iris a raibh sé féin mar eagarthóir uirthi. D’fhág sé 38 lámhscríbhinní, saothar dhá scór bliana, le huacht ag Ollscoil na hÉireann chun buíochas a thabhairt as an nGaeilge bheith ina hábhar riachtanach don Mháithreánach. D’éag sé i Nua-Eabhrac ar 21 Iúil 1924.

Tá aiste le Breandán Ó Buachalla ar a shaothar i Meiriceá le fáil in Feasta, Nollaig 1964. D’eagraigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne deireadh seachtaine ina ómós Meán Fómhair 1999. Lena linn nochtadh leac ar bhinn an tí inar rugadh é agus seoladh scannán le Breandán Feiritéar, An Síogaí Iniúchtach (ainm cleite a bhí ag Pádraig).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú