Ó hAODHA, Tomás (1866–1935) Tomás Ó hAODHA 1866 1935 Sráid na Cathrach M Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Sa réamhrá a chuir sé lena chnuasach The Hills of Clare (c.1922) dúirt sé: “I have endeavoured to introduce little flashes of patriotism, religion and history and to give expression to the affection I had for the town where I first learned to crawl about the sun-kissed flags on the path before the house where I was born in the Main Street, Miltown Malbay”.

Tomás an duine ba shine sa chlann. Ba iad na deartháireacha a bhí aige Micheál, a lean ceird an athar, Antoine agus Pádraig agus bhí beirt deirfiúracha aige, Máire agus Caitríona.

I litir a chuir sé chuig Muiris Ó Droighneáin tuairim 1930, mar fhreagra ar cheistneoir a chuir Muiris chuige, dúirt sé gur Ghaeilgeoirí líofa a raibh an-chur síos acu a thuismitheoirí, Micheál Ó hAodha agus Máire Ní Mhaol Ruanaí. Dúirt sé freisin gur ar éigean go raibh duine i Sráid na Cathrach nó sa dúiche ina thimpeall gan Gaeilge a bheith aige agus lá aonaigh nó margaidh gurbh i nGaeilge ar fad a dhéantaí an díol agus an ceannach agus gach gnó eile (Feasta, Márta 1964).

Ar 1 Samhain 1866 a rugadh é. Cúipéir ba ea a athair. In 1881 fuair Tomás post monatóra sa scoil áitiúil. Fuair sé post múinteora i Scoil Chrois Araild i mBaile Átha Cliath nuair a bhí sé 20 bliain d’aois. Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, in 1891–92. Tá an tagairt seo dó in Irisleabhar na Gaedhilge (Feabhra 1895): “Gaelic League, Dublin. On Friday evening, Dec 21, a musical entertainment was given by Mr Thomas Hayes and a chorus selected from his pupils in St Patrick’s schools, Cathedral Parish, and specially trained for the occasion”. Ceapadh é ina phríomhoide i Scoil Naomh Gaibréil, Sráid Eachroma, in 1895. Chaith sé an chuid eile dá shaol oibre sa scoil sin. Um Cháisc na bliana céanna thug sé aitheasc uaidh i dtaobh na teanga ag Comhdháil na Múinteoirí Náisiúnta i gCorcaigh. Bhí sé ina bhall de choiste gnó Chumann na Múinteoirí ag an am.

Bhí sé an-ghníomhach ar feadh blianta tosaigh an Chonartha mar bhall den Chomhairle agus ansin mar bhall den Choiste Gnó. Toghadh é ar Choiste Chuimhneachán an Chliabhraigh in 1895. Bhí sé ina Leas-Uachtarán ar Chraobh an Chéitinnigh nuair a bunaíodh í. Bíonn tagairtí minice dó bheith i mbun ranga i gcraobhacha na Carraige Duibhe, Dhún Laoghaire agus Dhroim Conrach. Bhí baint aige freisin le bunú craoibhe i Sráid na Cathrach. Shábháil sé rúnaí na craoibhe (J. Murphy) ó chontúirt a bháite san fharraige in aice leis an mbaile sin ar 30 Iúil 1899.

Bhí baint aige le bunú na hirise Banba ach nuair nár thaitin a bpolasaí leis dúirt sé go poiblí nár theastaigh uaidh aon bhaint a bheith aige leo a thuilleadh.

Fear mór ceoil ba ea é agus ba é an múinteoir ba thúisce in Éirinn é, deirtear, a mhúin na hamhráin Ghaeilge leis an Solfa Tónach. Chuir sé An Salfathóir Gaedhealach ar fáil do na scoileanna (Gill, 1922). Bhíodh sé i gceannas ranganna amhránaíochta san Ard-Chraobh agus i gCraobh an Chéitinnigh agus ba é a bhí freagrach as an bhfoghraíocht ag Córan Oireachtais i dtús an chéid. Ag Oireachtas 1898 bhuaigh sé an dara duais i gcomórtas amhránaíochta na bhfear agus i 1901 bhuaigh sé an chéad duais ar fhonn a cheapadh d’amhrán an Chraoibhín, ‘Caoineadh ar Éirinn’. Bhí sé ina bhall den Fhochoiste Ceoil agus Ealaíne i 1903. An bhliain chéanna sin bhí sé ina stiúrthóir cóir ag an Confederate Club a bhunaigh Seoirse Mac Fhlannchaidh.

Ach is leis an drámaíocht is mó a thabhaigh sé clú. Áirítear é mar cheannródaí i saothrú an dráma Gaeilge in éineacht leis an Athair Peadar, an Craoibhín, Conán Maol, Cú Uladh agus an Duinníneach. Léiríodh Seán na Scuab ag Oireachtas 1904 – bhí páirt ag Tomás féin ann – agus Seabhac na Ceathramhan Caoile ag Oireachtas 1906. Dúradh in An Claidheamh Soluis (1 Meitheamh 1906):

Tomás Ó hAodha’s achievement in producing two rattling melodramas – we use the word in no uncomplimentary sense – is probably the greatest that can so far be placed to the credit of the young Irish stage. It has taken other national theatres something like a hundred years to reach the point marked by Seabhac na Ceathramhan Caoile”. Shíl an Piarsach gurbh in é an chéad dráma foirmiúil i ndáiríre sa Ghaeilge. Tugadh an chéad duais dá dhráma An Scrabhadóir ag Oireachtas 1909 agus an tríú duais do Mainchín i 1911.

Scríobh sé freisin An gioblachán (1903), Giolla na leisce agus sgéalta eile (1924) agus An figheadóir agus sgéalta eile (1926). I gcomhpháirt le Pádraig Ó hAichir, arbh as Sráid na Cathrach dó freisin, chuir sé an chéad léarscáil Ghaeilge d’Éirinn ar fáil do na scoileanna.

Bhí sé pósta faoi dhó. Fuair an chéad bhean bás in 1899. Bhí iníon aicisean a fuair bás ina naíonán in 1898 agus mac a d’éag i 1921. Bhí mac agus beirt iníonacha aige sa dara pósadh. D’éag sé ar 10 Nollaig 1935. Dúradh in eagarfhocal an Catholic Bulletin (Eanáir 1936): “Maraon le bheith ina oide oilte, amhránaí álainn a bhí ann, aisteoir aoibhinn, cainteoir ciallmhar cliste cruinn, file fial fíorbhinn, údar eagnaí aiclí, cara ceansa, Gael groí gealgháireach cumasach dathúil”.