HILLIARD, Stephen Patrick (1947-1990) Stephen Patrick HILLIARD 1947 1990 M An Ardscoil, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath Ollscoil Londan An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste Diagachta Eaglais na hÉireann, Baile Átha Cliath sagart Anglacánach [B9] iriseoir ministir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Garmhac le Beatrice Hamilton[q.v.] an t-iriseoir seo. 27 Deireadh Fómhair 1947 a rugadh é agus ba iad a thuismitheoirí Eithne Bride Hamilton agus William Geoffrey Hilliard, cigire árachais. Tá cuntas air ag Ó Glaisne in De bhunadh Protastúnach: nó rian Chonradh na Gaeilge, 2000 agus ag Denis Carroll in Unusual Suspects: Twelve Radical Clergymen, 1998. Cuireadh scolaíocht air san Ardscoil, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. Óna óige bhí spéis aige sa Ghaeilge. D’fhreastail sé ar chúrsa i gColáiste Uladh. Foilsíodh dán Gaeilge agus alt leis in The Erasmian, iris na hArdscoile. Ó scríobh sé litir chuig Ó Glaisne i 1966 mhair comhfhreagras eatarthu. In De Bhunadh Protastúnach tugann Risteárd léiriú ar an iarracht a rinne Stephen ar Ghaeilge a fhoghlaim. D’fhreastail sé ar ranganna Chonradh na Gaeilge agus bhí baint aige le CARA, gluaiseacht Ghaeilge a bhunaigh P. A. Ó Síocháin[B8]. Tar éis dó scoil a fhágáil chaith sé tamall de shamhradh ag scuabadh sráideanna i Londain. D’fhreastail sé ar feadh tamaill ar an Atlantic College, é ar intinn aige post a fháil mar oifigeach raidió loinge. I 1968 fostaíodh é mar fho-eagarthóir nuachta san Irish Times. Chaith sé tamall ina thuairisceoir ar chúrsaí creidimh agus bhí sraitheanna d’ailt Ghaeilge aige ann. Ba é a scríobhadh an colún ‘Beocheist’ anois agus arís agus bhí baint aige le ‘Tuarascáil’. Foilsíodh in Irish Times aistriúcháin a rinne sé ar ‘Oíche Nollag’, dán Mháire Mhac an tSaoi, agus ar ‘The Sash my Father wore’. Bhí aistí aige in Inniu, Comhar, Feasta.... I 1973 fuair sé céim sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus sa stair i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ba é an chéad chathaoirleach é ar Christians For Socialism, eagraíocht idireaglasta a bunaíodh i 1977. Thosaigh sé ag staidéar ar an diagacht agus bhain céim amach in Ollscoil Londan i 1985. Chinn sé ar dhul leis an ministéireacht agus tar éis trí bliana staidéir i gColáiste Diagachta Eaglais na hÉireann oirníodh ina dheagánach é i 1986. Luann Ó Glaisne bacaíl sa chaint aige mar dheacracht sa tslí air. Tar éis dó tamaill a chaitheamh ina churáideach in Ardeaglais Chríost agus i nGleann na gCaorach ceapadh é ina reachtaire i Ráth Droma, Co. Chill Mhantáin. Ní raibh sé ach trí sheachtain sa phost nuair a dúnmharaíodh é. Bhris fear isteach sa teach agus sháigh Stephen. D’éag sé an lá céanna, 9 Eanáir 1990. Bhí sé pósta ar Betty O’Doherty, Caitliceach Rómhánach, agus bhí iníon acu. Léirigh iriseoirí a meas agus a gcion air in Irish Times 10 agus 11 Eanáir 1990. Gairid i ndiaidh a bháis chuir Phoenix ina leith gurbh oifigeach faisnéise ag an IRA é. Chuir a mhuintir dlí ar an bhfoilsitheoir ach fuair amach nach dtagann clúmhilleadh i gceist i gcás an mhairbh.

In Unusual Suspects tá cuntas ag Denis Carroll ar uncail Stephen, an tUrramach Robert M. Hilliard (1903-37), ‘the Boxing Parson’. Tá cuntas eile in De bhunadh Protastúnach ach an cuntas is iomláine is ag John Corcoran atá sé in Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society 2005. I Maigh Íochtarach in aice le Cill Airne, Co. Chiarraí, a rugadh é 7 Aibreán 1904. Poblachtach ba ea é agus deirtí gur vótáil sé seacht n-uair déag in olltoghchán 1922. Bhí cáil air mar dhornálaí amaitéarach agus roghnaíodh ar fhoireann na hÉireann é i gCluichí Oilimpeacha 1924 i bPáras. Theip air sna réamhchomórtais. Bhuaigh sé craobh chleitmheáchain na hÉireann i 1931. Agus é ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide bhí sé ina bhall den Chumann Gaelach agus ina bhall bunaidh den Thomas Davis Society. Chaith sé tamall ina shagart i mBéal Feirste 1933-4. D’éirigh sé as an misean, agus chuaigh go Londain mar ar cheangail sé leis an bPáirtí Cumannach. Liostáil sé sa Bhriogáid Idirnáisiúnta i rith Chogadh Chathartha na Spáinne. Gortaíodh go dona é i gcath Jarama an 13 nó an 14 lá Feabhra 1937 agus d’éag sé 22 Feabhra 1937.