Ó DOMHNAILL, Tomás (1871–1943) Tomás Ó DOMHNAILL 1871 1943 Lios Cearnaigh, Co. Chiarraí M feisire parlaiminte [B9] múinteoir polaiteoir múinteoir náisiúnta 1882–1922 [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

É féin agus John P. Boland an bheirt bhall parlaiminte den Pháirtí Éireannach is mó a thugadh tacaíocht do ghluaiseacht na Gaeilge. Ó Domhnaill a thug uaidh, ar 19 Feabhra 1901, an t-aon óráid amháin Ghaeilge dár tugadh riamh i nDáil na Breataine. Tá scéal a bheatha inste ag J. Anthony Gaughan in A Political odyssey, 1983.

I Lios Cearnaigh, Baile Dubh, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 30 Samhain 1871. Micheál Ó Domhnaill, feirmeoir, a athair agus Ellen Rohan a mháthair. 1 samhradh 1881 cuireadh Micheál as seilbh. D’aistrigh sé an chlann go dtí cábán bocht ach lean sé air ag cur a chuid beithíoch ar féarach sa tseanfheirm. I ndiaidh seacht mbliana d’ísligh an tiarna talún an cíos agus lig do Mhicheál cur faoi arís i Lios Cearnaigh.

Bhí triúr deartháireacha agus cúigear deirfiúreacha ag Tomás agus is go dtí scoil Fhearann na Coille a chuaigh siad go léir. Bhí a n-uncail Seán Caol Ó Domhnaill ina mháistir scoile ann agus uncail eile Thomas Rohan mar chúntóir aige. Ba chol ceathar dúbalta do Thomás, mar sin, mac Sheáin, Pádraig Ó Domhnaill(1890–1953), seanathair an fhile Nuala Ní Dhomhnaill. Agus bhí Pádraig pósta ar Nóra Nic Oitir, neacht le bean chéile Thomáis!

Le linn do Thomás bheith ar scoil is é is dóichí gur Béarla ar fad a bhíodh ar siúl ann. Ach ba í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh.

Ceapadh Tomás ina mhonatóir in 1885. In 1890 ghnóthaigh sé Duais Reid agus thug sin go dtí an Mhodhscoil Láir i mBaile Átha Cliath é. Fuair sé post cúntóra i scoil Chill Orglan. Phós sé Nora Ryan, iníon le tábhairneoir ar an mbaile sin, in 1897. Thugadh sé cúnamh sa teach tábhairne agus bhí gnó éanlaithe clóis aige.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge i gCill Orglan i Márta 1900. Bhí sé ag teagasc na Gaeilge lasmuigh d’uaireanta scoile ag an am agus ar 19 Iúil 1900 bhí sé mar urlabhraí thar ceann 100 múinteoir ag cruinniú poiblí sa Rotunda, Baile Átha Cliath.

Bhí spéis ar leith aige i gceist na talún agus bhí ceangailte aige leis an United Irish League in 1899. D’éirigh leis suíochán Chiarraí Thiar a bhuachan in olltoghchán 8 Deireadh Fómhair 1900.

Timpeall an ama sin a chum Micheál Ruiséal an dán úd in An Duanaire Duibhneach ag fáiltiú roimhe:

Céad Fáilte ’on Daingin siar fé

ghradam roimh ár laochaibh/ Tomás

Ó Domhnaill calma is a leanas é de

laochfhir.

Mar fheisire ba mhinic ag labhairt thar ceann na múinteoirí é. Bhí tuairimí raidiceacha aige i dtaobh bhainistíocht na scoileanna. Chaith sé tréimhse ina chomhrúnaí ar choiste oideachais an Pháirtí. Agus mhair a spéis sa teanga ar feadh an ama. Bhíodh rang Gaeilge aige trí lá den seachtain i dTeach na Dála. Nuair a bhí feachtas ar siúl i dtaobh litreacha agus seolta i nGaeilge orthu chuireadh sé ceisteanna parlaiminte ina thaobh. Bhí sé ar dhuine den dream ba thúisce a mhol go mbeadh coláistí samhraidh ann (litir uaidh in An Claidheamh Soluis 11 Bealtaine 1901). Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó i 1908 agus thóg sé páirt mhór sa chath ar son an teanga bheith riachtanach i máithreánach na hollscoile nua. Bhí sé ar choiste bainistíochta Choláiste Gaeilge an Daingin ó 1910 amach.

Glaodh chun an bharra é i 1905.

Bhí an t-atmaisféar ag athrú. I 1914 rinne Ó Domhnaill a dhícheall chun go mbeadh na hÓglaigh dílis don Réamonnach ach vótáil na hÓglaigh i dTrá Lí, 300 in aghaidh 20, go mbeidís dílis do Mhac Néill. Chuir Ó Domhnaill cuid mhór den mhilleán ar Chonradh na Gaeilge (litir chuig John Dillon i gcló in A Political Odyssey, l. 97). Síleadh gur mhó ná baill eile pharlaiminte an Pháirtí Éireannaigh a rinne sé earcaíocht d’arm na Breataine. Fiú nuair a rinne sé a dhícheall ar son na bpríosúnach i ndiaidh Éirí Amach 1916 ní rabhthas buíoch de. Labhair sé amach in aghaidh coinscríofa i 1918. Ach ba léir dó gur cath caillte a bhí sé a throid agus níor sheas sé i dtoghchán 1918. D’aistrigh sé go Baile Átha Cliath i 1920.

Bhí páirt mhór aige in eagrú an pháirtí pholaitiúil, an National League, i 1924–26. Ba bheag a bheann ar an impireacht ag an am ach níor mhar sin do chuid mhaith de na baill. Bhí an páirtí nua seo in aghaidh pholasaí na Gaeilge éigeantaí. Toghadh ochtar díobh i gcéad thoghchán 1927. Theip ar Ó Domhnaill i gContae an Chláir. Bhí seans ann go n-éireodh le comhrialtas a bheadh bunaithe ar an National League, Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre, agus sa chás go n-éireodh leis an iarracht bhí seans go mbeadh Ó Domhnaill ina Phríomh-Aighne. Ach theip ar an iarracht ar 16 Lúnasa 1927 nuair a d’fhan John Jinks T.D. as láthair.

Nuair a scoireadh an National League is ag cabhrú le Fianna Fáil i dtaobh cheist íocaíochtaí na talún is mó a bhí Ó Domhnaill. Sheas sé d’Fhianna Fáil i 1932 i nDáilcheantar Chontae Bhaile Átha Cliath ach ní bhfuair ach 756 vótaí. Rinne abhcóide sinsir de an bhliain chéanna sin. Bhí tionchar aige ar rialtais Fhianna Fáil as sin amach agus ba mhinic de Valera féin ag iarraidh a chomhairle air. Ó 1933 amach ba mhinic é ag gníomhú mar bhreitheamh sa chúirt chuarda agus ceapadh é sa deireadh ina bhreitheamh i gcúirt chuarda an Chláir, Chiarraí agus Luimnigh. D’éag sé ar 11 Meitheamh 1943. Bhí 10 clainne aige.