Ó SÚILLEABHÁIN, Micheál (1917-2004) Micheál Ó SÚILLEABHÁIN 1917 2004 Imileá, Co. Chiarraí M Coláiste Bhréanainn, Cill Airne, Co. Chiarraí Coláiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh cigire scríbhneoir múinteoir saighdiúir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá eolas ina thaobh in: Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh; Irish Times 18 Nollaig, 2004. In Imileá i bparóiste Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 21 Feabhra 1917; ba dhuine é den seisear clainne a bhí ag Séamus Ó Súilleabháin agus Máire Feiritéar. Deirfiúr leis an scríbhneoir Siobhán Ní Shúilleabháin. Tar éis meánscolaíochta i gColáiste Bhréanainn agus i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, thug scoláireacht é chuig Coláiste Ollscoile na Gaillimhe. Sa Laidin agus sa Ghaeilge a ghnóthaigh sé an B.A. D’éirigh leis an Ard-Dioplóma san Oideachas a fháil freisin. Ar feadh éigeandail 1939-45 bhí sé ina oifigeach airm.

Sa Cheardscoil sa Mhuileann gCearr a thosaigh sé ag múinteoireacht. Ó 1950 go ceann sé bliana bhí sé ina phríomhoide i gCeardscoil Bhéal Átha na Sluaighe. Ceapadh é ansin ina chigire ceardscoileanna agus bhí sé ina phríomhchigire cúnta nuair a chuaigh sé ar pinsean i 1982. Bhí dlúthbhaint aige le bunú na scoileanna pobail, na scoileanna cuimsitheacha agus na gcoláistí réigiúnda teicneolaíochta.

Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe a dhráma Ach ní castar na cnoic 17-20 Márta 1955 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail) agus bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar ghearrscéalta agus ar dhrámaí. Bhuaigh a chéad úrscéal An fear aduaidh, 1978 Duais Speisialta Cuimhneacháin Sheáin Uí Éigeartaigh ag Oireachtas 1975. Is iad Créamaraí, 1984 agus Peacaí na nAithreacha, 1992 an dá úrscéal eile dá thríológ. I gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air féin agus a bhean Eibhlín Ní Bhriain. Bhí mac agus beirt iníonacha acu. Bhí galar Pharkinson air le tamall sula bhfuair sé bás ar 4 Nollaig 2004.