Ó CUÍV, Shán (1875–1940) Shán Ó CUÍV 1875 1940 Maigh Chromtha, Co. Chorcaí M An Mhodhscoil, Dún Mánmhaí, Co. Chorcaí scríbhneoir iriseoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Scríobh Osborn Ó hAimhirgín an méid seo faoi in Éigse Iml. 2, Cuid a 4 (Geimhreadh 1940): ‘Níl aon tsúil agamsa go bhfeicead a leithéid arís in Éirinn. Do bhí aithne mhaith agam air daichead éigin bliain ó shin. Fear óg agus é lán de bhrí agus d’fhuinneamh, flosc chun oibre air, agus misneach an domhain. Fé mar a ghluaiseadh na blianta, bhíodh an chuid eile againn ag dul in aois, ach má bhí seisean ag dul in aois ní mhothófá a rian air. Nuair a bhí sé trí fichid, do bhí a chroí chomh hóg is chomh haibidh le croí garsúin.’ In Scéala Éireann scríobh an tAimhirgíneach: ‘I feel a deep sense of personal loss only slightly tempered by the thought that I have been honoured by the friendship of one of the worthiest and most unselfish Irishmen of our time.’

In The Leader agus é ag cur síos ar ‘Irish Made easy’ (An leitriú shímplí) ar 7 Meán Fómhair 1907 scríobh an Duinníneach: ‘Níl aon Ghaeilgeoir in Éirinn dh’oibríonn leath chomh dícheallach le Shán Ó Cuív.’

I Maigh Chromtha ar 27 Meán Fómhair 1875 a rugadh Shán Ó Cuív (nó John Michael O’Keefe mar a cláraíodh é). Ba iad John O’Keefe, súdaire, agus Margaret Duggan a thuismitheoirí. Bhí Gaeilge ag an mbeirt acu ach is é an Béarla a labhraídís lena gclann. Ach d’fhoghlaim Shán an Ghaeilge nuair a bhí sé ina ógánach. Bhí sé ar scoil sa Mhodhscoil, Dún Mánmhaí, agus i scoileanna eile. Ba bhall de Chonradh na Gaeilge é ó 1897 amach.

Chuaigh sé ag obair mar iriseoir sa Cork Herald i gCathair Chorcaí in 1898. Bhí sé ina bhall de Choiste Chraobh Chorcaí den Chonradh nuair a d’fhág sé an chathair le dul go Baile Átha Cliath i mí na Samhna 1900. Bhí sé ar dhuine den cheathrar a bhunaigh Craobh an Chéitinnigh i mí na Bealtaine 1901 agus bhí i láthair mar ionadaí on gcraobh sin ag Ard-Fheis 1902. Bhí baint mhór aige leis an mbunreacht nua ar glacadh leis ag an gcruinniú sin.

Ag obair don Evening Telegraph agus don Freeman’s Journal a bhí sé anuas go dtí 1924 nuair a tháinig deireadh leis na páipéir sin. Faoin am sin bhí sé ina phríomh-fho-eagarthóir sa Telegraph. Bhí sé ina eagarthóir ar Glór na Ly in 1911–12 agus ar Irish Opinion in 1916. Bhíodh sé ag múineadh na Gaeilge sa Dublin College of Modern Irish. Chaith sé leathbhliain ag cur eagar ar pháipéar an Chonartha, Fáinne an Lae, in 1926. Bhí sé ag tuairisceoireacht don Irish Independent sular ceapadh é ina eagarthóir Gaeilge sa pháipéar sin in 1931. Ceapadh ina stiúrthóir ar Bhiúró Eolais an Rialtais é i 1934 agus ba é an chéad duine sa phost sin é. Is léir ón méid a scríobh Quidnunc san Irish Times 18 Lúnasa 1940 go raibh cion agus meas ag na hiriseoirí ar Shán ach dúirt sé freisin: ‘It was an understood thing from the start that the Bureau existed to bait the newspapers and the papers to bait the Bureau.’

Phós sé Hannah O’Keefe ó Mhaigh Chromtha i Meán Fómhair 1905. Bhí triúr cailíní agus triúr buachaillí acu. Rugadh an tAthair Shán ar 19 Meán Fómhair 1910, an tArd-Aighne Aindrias ar 4 Deireadh Fómhair 1912 agus an tOllamh Brian[q.v.] ar 20 Samhain 1916. D’éag a mhac, an tAthair Shán Ó Cuív, ar 6 Meán Fómhair 1977.

Tuairim 1907 a sheol sé féin, an tAimhirgíneach agus an Dr Risteard Ó DálaighAn letiriú shímplí. Bhí Norma Borthwick, Tomás Ó Rathile agus Eleanor Knott ag cabhrú leo. Ba é an sagart a thug eolas dóibh i dtaobh na foghraíochta agus chuir Shán spéis ar leith sna fadhbanna a bhain le blas na teanga a mhúineadh. Bhí spéis mhór aige i modhanna múinte – bhí duais bainte aige sa roinn sin ag Oireachtas 1906 – agus taithí fhada um an dtaca seo aige ar an mhúinteoireacht. Leagadh sé an-bhéim ar thábhacht na foghraíochta chun cruinneas urlabhra a mhúineadh. Tá focal an Aimhirgínigh againn gur bhreá an múinteoir é.

Ós simpliú ar an litriú a bhí i gceist bhí taithí aige ar chineál áirithe córais litrithe: an luathscríbhneoireacht. Deireadh sé mar fhreagra orthusan a deireadh go ndéanfadh an ‘letiriú shímplí’ dochar don Ghaeilge nár léir go ndearna an luathscríbhneoireacht puinn dochair don Bhéarla. Thugadh sé féin creidiúint na hoibre don Aimhirgíneach agus don Dálach.

Fuair a bhean bás in 1939 agus d’éag sé féin ar 13 Lúnasa 1940.

Bhí baint mhór aige le bunú Choláiste na Mumhan in 1904. Ag Dáil na Mumhan i mí Lúnasa 1903 ba é a mhol go mbunófaí coláiste ‘chun cainteoirí Gaeilge d’ullmhú i gcomhair múinteoireacht na teanga.’

D’ullmhaigh sé eagráin sa ‘letiriú shímplí’ de leabhair leis an Athair Peadar. Chuir sé leagan de Caoineadh Airt Uí Laoghaire (1908) ar fáil sa ‘letiriú’. Scríobh sé Fiche duan (1917), An comhgar (1917), Cúirt na Dála (1918), The sounds of Irish (1921), Fuaimeanna agus blas na Gaedhilge (1922), The short cut to Irish (1927–29), An dord Féinne (1928), Niamh chinn óir (1928), Domhnall Donn agus sgéilíní eile (1929), Dhá sgéilin (1929), Sgéalta ón radio (1931), An eochair chun labhartha na Gaedhilge (1932), Prós na h-aoise seo (1933).