Ó MAOILMHICHÍL, Gearóid (1910–2004) Gearóid Ó MAOILMHICHÍL Séamus Ó Dubhda An Giolla Dána 1910 2004 Baile Mhic an Bhaird, Co. na Gaillimhe M Coláiste Ghearrbhaile, Béal Átha na Sluaighe, Co. na Gaillimhe Ollscoil na hÉireann, Gaillimh amhránaí [B9] amhránaí bailitheoir béaloidis bailitheoir amhrán bailitheoir amhrán [B9] mórbhailitheoir béaloidis [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí sé ar dhuine de na géibheannaigh phoblachtacha i gCampa an Churraigh i rith 1939-45 agus chaith sé seal ina uachtarán ar cheardchumann na meánmhúinteoirí (ASTI). Rinne Seosamh Ó Duibhginn [B8] comhrá leis sa tsraith ‘An Mhuintir seo Againne’ in Irish Press 6 Feabhra 1954 agus scríobh Domhnall Ó Lubhlaí píosa ómóis in Midland Topic, Samhain 2004. I mBaile Mhic an Bhaird, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 5 Samhain 1910. Bhí a athair Seán (Mitchell), saor cloiche, páirteach i gCogadh na Talún in éineacht lena athairsean. Bhí uncail leis sna ‘Captain Moonlights’ úd a ghoideadh beithígh an tiarna talún le solas na gealaí. Bhí seanuncail leis sna Ribínigh agus b’éigean dó teicheadh go Meiriceá. Agus i rith Chogadh na Talún briseadh seanuncail eile leis as a phost mar mháistir scoile i mainistir an Chreagáin. In aimsir Chogadh na Saoirse baineadh talamh coimín dá athair toisc bá a bheith aige féin agus ag a mhuintir le Sinn Féin.

Ba í Julia Ward máthair Ghearóid agus ba é an duine ba shine de chúigear clann é, beirt chailíní agus triúr buachaillí. Tar éis bunscolaíochta i nGairfean d’fhreastail sé ar Choláiste Sheosaimh (Gearrbhaile), Béal Átha na Sluaighe. Thug scoláireacht é go Coláiste Ollscoile na Gaillimhe mar ar bhain sé céim le honóracha amach i nGaeilge agus i stair; Tomás Ó Máille[B3] an t-ollamh Gaeilge a bhí aige. Is é a thabharfá leat ón gcuntas in ‘An Mhuintir seo Againne’ go raibh sé sa dara háit nuair a bhuaigh an Bráthair M.S. Ó Flaitile[B8] scoláireacht Theach an Ard-Mhéara i 1931. Bhain sé Ard-Teastas san Oideachas amach an bhliain dár gcionn agus d’fhostaigh na Bráithre Críostaí mar mheánmhúinteoir é i gColáiste Mhuire sa Mhuileann gCearr, scoil a múintí gach ábhar inti i nGaeilge ach amháin teagasc críostaí. Bhí sé ar ball ina chathaoirleach ar chraobh Mhuileann gCearr de Chumann na Meánmhúinteoirí. Bheadh sé ina Uachtarán ar an gceardchumann sin. Tá ‘Aitheasc an Uachtaráin, Cumann na Meánmhúinteoirí’ i gcló in Feasta, Meitheamh 1956. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chomhar na Múinteoirí Gaeilge. Bhí sé go mór chun tosaigh sa mholadh a rinneadh go mbeadh scrúdú cainte Gaeilge ina chuid éigeantach den Mheánteistiméireacht agus den Ardteistiméireacht. Agus shíl sé faillí sa chuid is fearr den nualitríocht a bheith déanta sna cúrsaí Gaeilge meánscoile. Toghadh é ina choimisinéir baile sa Mhuileann gCearr agus bhí dá thoradh gurbh i nGaeilge amháin a taispeánadh sráidainmneacha an bhaile. Bhí sé ina leaschathaoirleach ar Choiste Leabharlann Longphoirt-Iarmhí. Bhí blianta fada caite aige sa Mhuileann gCearr sular aistrigh sé i 1955 go dtí scoil na mBráithre i gCaisleán Droimeanach, Baile Átha Cliath, mar a raibh sé fostaithe go 1976. ‘Bhí an-ghrá aige do Ros Muc. Chaith sé tamaill ag múineadh i gColáiste na bhFiann agus i gColáiste Bhreacain’ (Ó Lubhlaí).

Bhí baint aige le hÓglaigh na hÉireann sna 1930idí agus gabhadh agus cuireadh i ngéibheann é ar an gCurrach i gContae Chill Dara i 1940. Bhí d’ardmheas air ag na Bráithre Críostaí gur coimeádadh a phost dó go dtí gur scaoileadh saor é. Tá cuntais aige, ‘Cuimhní Géibhinn (1940-1943)’, in Leas (Fómhar 1972, Nollaig 1972, Earrach 1975) ar an tréimhse sin agus ar na ranganna a cuireadh ar bun. Bhí sé féin ar dhuine den seisear nó ochtar a toghadh chun cúrsa oideachais na ngéibheannach a riaradh agus bhí sé féin ag múineadh stair na hÉireann agus Gaeilge. É féin agus a chara Peadar Mac Aindriú a chuir na ‘Cábáin Ghaeilge’ ar bun sa champa. Sna cuimhní seo is féidir blaiseadh de ghreann Uí Mhaoilmhichíl, go háirithe sna leaganacha cainte a thugadh sé do ghéibheannaigh le foghlaim – bhain cuid díobh le saol crua an champa, le buinneach etc. - agus sa chuntas ar an gcaidreamh a bhí aige le Máirtín Ó Cadhain [B4].

Bhí baint fhada aige le Conradh na Gaeilge, rud is léir ar litir Mháirtín Uí Chadhain dar dáta 24 Márta 1937 i gcló ag an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin in De Ghlaschloich an Oileáin..., 1987. An chraobh a bhí á stiúradh aige sa Mhuileann gCearr sna 1930idí is le Glúin na Buaidhe a d’imigh a mbaill ar feadh tamaill. Daichead bliain ina dhiaidh sin bhí a mhac, Gearóid óg, ar dhuine de na Conraitheoirí sin a cúisíodh faoin Acht chun Iontráil agus Áitiú le Foirneart a Thoirmeasc nuair a cheanglaíodar iad féin le doirse Ard-Oifig an Phoist le slabhraí ar 10 Feabhra 1977 mar agóid in éadan pholasaí RTÉ i leith na Gaeilge (Ar Son na Gaeilge..., 1993 le Proinsias Mac Aonghusa).

Bhí dúil ar leith aige sa cheol agus san amhránaíocht. Thug sé an chraobh leis san amhránaíocht uair ag Feis Lár na hÉireann agus ag Feis Cheoil an Iarthair. Bhailigh sé idir amhráin agus bhéaloideas, i gceantair bhreac-Ghaeltachta go háirithe. Thóg sé amhráin síos ó Thomás Ó Lócháin[B5]. D’fhoilsigh An tIrisleabhar (Ollscoil na Gaillimhe) aistí dá chuid idir 1930 agus 1936 agus faoin ainm cleite ‘An Giolla Dána’ bhíodh aistí aige in Ar Aghaidh i rith na tréimhse céanna. Bhí ábhar i gcló aige in Feasta idir 1949 agus 1975 agus in Comhar idir 1947 agus 1971. Faoin ainm cleite ‘Séamus Ó Dubhda’ agus faoina ainm féin bhíodh ailt aige i gceann de na páipéir thráthnóna i rith 1960-61. Phós sé Eilís Sighle Ní Thaidhg 29 Nollaig 1943 sa Mhuileann gCearr. I nGaeilge atá an teastas pósta agus ba é an tAthair Eric Mac Fhinn[B8] a bhí i mbun an tsearmanais. Bhí naonúr clainne acu, cúigear cailíní agus ceathrar buachaillí. D’éag sé ar 27 Deireadh Fómhair 2004 agus tá sé curtha i Reilig Chrois an Fhearainn Nua, Baile Átha Cliath.