Ó FIANNÚSA, Pádraig (1914-1990) Pádraig Ó FIANNÚSA 1914 1990 Réidh na dTiompán, Co. Phort Láirge M Scoil Thuar an Fhíona, Co. Phort Láirge bailitheoir béaloidis [B9] scríbhneoir múinteoir bailitheoir béaloidis bailitheoir béaloidis [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I léirmheas ar leabhar Phádraig Tyers, Sliabh gCua m’óige, 2003 in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise, 8, 2004 luaitear an Fiannúsach seo mar ‘an scríbhneoir agus an fear léinn is mó a dhein saothrú ar son na teangan agus na staire in iarthar Déise’. In Dungarvan Observer 30 Meitheamh 1990 tá tuairisc ómósach don mhúinteoir seo chomh maith le gearrchuntais ar chúrsa a shaoil. Tá cuntas báis ag a iníon Áine in Waterford News and Star 20 Iúil 1990. I Réidh na dTiompán, i bparóiste Shliabh gCua, leath bealaigh idir Dún Garbhán agus Cluain Meala, a rugadh é 17 Márta 1914. Bhí feirm bheag ag a athair Patrick Fennessy agus ba í Ellen Whelan a mháthair. Bhí deartháir amháin agus beirt deirfiúracha aige. D’fhreastail sé ar scoil Thuar an Fhíona. Sa bhaile fearainn lámh leis, Na Sceithíní, a rugadh Pádraig Ó Mileadha [B4]. I dteaghlach dátheangach a tógadh Pádraig. Bhí tionchar mór ag scéalta Fiannaíochta air agus ag a raibh le cloisteáil aige cois tine óna sheanaintín, Mairéad Ní Fhearaíola, agus ag na cainteoirí líofa Gaeilge a bhí ina gcomharsana aige. D’fhreastail sé ar ranganna oíche a d’eagraigh Ó Miléadha. Bhí sé ag cruinniú béaloidis ó bhí sé 14 bliana d’aois agus d’iarr Séamus Ó Duilearga [B5] air seanchas a bhailiú ón seanaintín úd. Bhí baint aige le Conradh na Gaeilge i gCluain Meala, le Feis Cheapach Chuinn, leis an bhféile drámaíochta san áit sin agus le Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge. Bhí sé tamall ina rúnaí ag Ailtirí na hAiséirí, páirtí polaitiúil Ghearóid Uí Chuinneagáin [B8]. D’fhéach sé chuige gur tógadh plaic i gCeapach Chuinn i gcuimhne ar Phádraig Denn [B6]. Bhí baint aige leis an gcumann Seanchas Cois Móire agus bhunaigh sé an iris áitiúil Cumarsáid: Ceol Cois Móire. Ó 1936 ar aghaidh bhí sé ag múineadh ranganna oíche ar fud na nDéise faoi Choiste Gairmoideachas Phort Láirge. Bhain sé teastas múinteora Gaeilge amach i 1937 agus teastas timire Gaeilge i 1946. Chaith sé an chuid eile dá shaol ina mhúinteoir i gCeapach Chuinn, i dTulach an Iarainn agus i gCoill Mhic Thomáisín. Deirtear gurbh é an chéad mhúinteoir é a bhain leas as téipthaifeadán mar áis scoile.

Tá a úrscéal Ghaibh a leithéid an tslí tráth, 1974 suite i gceantar Shliabh gCua; is mar shraith in Déirdre a foilsíodh ar dtús é. Baineann Tuath Chois Móire Chois Bhríde, 1980 le stair agus le logainmneacha áitiúla. Téacsleabhar scoile is ea Mar a deir an seanfhocal, 1985. D’fhoilsigh Cló Grianréime, comhlacht Ghearóid Uí Chuinneagáin, na leabhair sin. Bhí sé an-tógtha leis an dátheangachas. Deir a iníon, Áine, i litir chuig na húdair, go raibh glactha aige leis le fada nach bhféadfadh gach aon duine a bheith chomh tógtha sin ar fad leis an nGaeilge cheart bhlasta ná leis an ngramadach chasta. Rinne sé a dhícheall i rith a shaoil an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga ag daoine i ngnáthchúrsaí a saoil. Bhunaigh sé club dátheangach don óige.

Phós sé Nóirín Ní Chundúin ó Bhaile Mhac Cairbre agus bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu. Bhí cónaí air i gCeapach Chuinn. D’éag sé 21 Meitheamh 1990 agus tá sé curtha i dTuar an Fhíona. I 1994 chinn Comhairle Gairmoideachais an chontae ar scoláireacht na Rinne a bhunú ina onóir (Dungarvan Leader and Southern Democrat 25 Feabhra 1994).