Ó FAIRCHEALLAIGH, Tomás (1904-2004) Tomás Ó FAIRCHEALLAIGH 1904 2004 Dún Dealgan, Co. Lú M Coláiste Ullmhúcháin Bhráithre De La Salle, Mala, Co. Chorcaí Coláiste Oiliúna De La Salle, An Baile Nua, Co. Phort Láirge múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Gné thábhachtach ar feadh i bhfad, agus gné chonspóideach go minic, ba ea an rince in obair Chonradh na Gaeilge. Ach is beag aird a thugann staraithe an Chonartha ar an ngné sin. Chaith an Faircheallach seo 25 bliain ina uachtarán ar an gCoimisiún le Rincí Gaelacha, eagraíocht a bhunaigh an Conradh in 1930 chun caighdeáin a leagan amach i gcomhair mhúineadh an rince agus i gcomhair moltóireachta sna comórtais. Tá tuairisc ar shaol Uí Fhaircheallaigh in Irish Times 7 Feabhra 2004. I nDún Dealgan a rugadh é 27 Bealtaine 1904. Ba dhuine é den ochtar a rugadh do John Farrelly, táilliúir, agus Catherine Matthews. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí ar dtús agus chaith tréimhse i gColáiste Ullmhúcháin Bhráithre De La Salle in aice le Mala, Co. Chorcaí. Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Oiliúna de La Salle, Port Láirge, agus fuair post i scoil na mBráithre Críostaí ina bhaile dúchais in 1925. Ba é an chéad mhúinteoir tuata riamh acu é. Bhí curtha aige lena eolas ar an nGaeilge sna coláistí samhraidh in Ó Méith agus i Rann na Feirste. Nuair a d’éirigh sé as an bpost in 1970 bhog an teaghlach go dtí Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath.

I nDún Dealgan a d’fhoghlaim sé rince ach ar ball thaistealaíodh sé go dtí rang Peg Medlar, múinteoir cáiliúil i mBaile Átha Cliath. Bhuaigh sé craobh Uladh ag Feis Mhuirtheimhne in 1929 agus bhuaigh craobh na hÉireann in 1931. Níor chuir sé isteach ar aon chomórtas ina dhiaidh sin ach bhíodh éileamh mór air mar mholtóir. Bhailíodh sé rincí agus ba é a thug slán ‘Sólaistí na Bealtaine’ agus ‘The Trip to the Cottage’. Sholáthraigh sé rincí do Ár Rinncidhe foirne, téacsleabhar an Choimisiúin. Ó 1939 ar aghaidh ba mhinic é ag rince agus ag eagrú sna Stáit Aontaithe, Ceanada, an Astráil agus an Nua-Shéalainn. Ar nós fhormhór na rinceoirí fear is treabhsar a chaitheadh sé agus ní filleadh beag (tá pictiúr de ag rince in Nua-Eabhrac ag John Cullinane in Irish Dancing costumes: their origins and evolution, [c.1995]). Bhí baint mhór aige óna thús in 1970 le hOireachtas Rince na Cruinne. Bhí baint nár bheag aige leis an amharclannaíocht amaitéarach ina bhaile dúchais. Phós sé Freda McGreevy in 1945 agus bhí iníon agus triúr mac acu. D’éag sé 26 Eanáir 2004.