Nuair a bunaíodh Bord na Gaeilge i 1978 ba é Tomás a ceapadh ina Rúnaí. Bhí cuntas iarbháis le Ciarán Ó Feinneadha i gcló in Foinse 28 Márta 2004. Bhí an státseirbhíseach seo ina rúnaí ar Chomhairle na Gaeilge roimhe sin. In Rialto, le hais an Chuarbhóthair Theas, Baile Átha Cliath, a rugadh é 29 Meán Fómhair 1923. Ba iad a thuismitheoirí John Cullen, ar de bhunadh na cathrach é, agus Margaret Downey ó Thiobraid Árann. I Scoil Náisiúnta Rialto spreag Riobard Ó Faracháin é chun suim ar leith a chur sa Ghaeilge. D’éirigh leis ceann de scoláireachtaí Bhardas Bhaile Átha Cliath a bhuachan agus ó 1935 go 1941 bhí sé i Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge, sa chuid sin den scoil a dtugtaí ‘an sruth lán-Ghaelach’ air. D’éirigh leis post státseirbhíse a fháil i 1942 agus d’fhan ann go 1988. In Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais a thosaigh sé agus bhí ag obair ina dhiaidh sin in Oifig na nOibreacha Poiblí agus ansin sa Roinn Airgeadais sular aistríodh é go dtí Comhairle na Gaeilge.

Dhealródh gurbh óna óige a bhí sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge. Go dtí lá a bháis bhí sé ina rúnaí ag Craobh Inse Chór; nuair a chuaigh Feis Bhaile Átha Cliath in éag ba iad Tomás agus Cathal Ó Feinneadha, a bhí ina Uachtarán ar an gConradh 1965-68, a d’athbhunaigh é agus chaith sé tamall maith ar choiste na Feise sin.

Ceann de na feachtais ba mhó dá raibh ar siúl ag an gConradh sna 1980idí is leis an gcaoi a raibh RTÉ ag caitheamh leis an nGaeilge, sna cláir theilifíse, go háirithe, a bhain sé. Chaith roinnt Conraitheoirí téarmaí gairide i bpríosún nuair nach n-íocfaidís as ceadúnas teilifíse. Cé go raibh sé contúirteach ag státseirbhísigh a bheith bainteach le feachtas dá leithéid níor chuir sin Tomás dá bhuille.

Bhí sé rannpháirteach ina chomharsanacht féin in imeachtaí Chumann Lúthchleas Gael agus bhí ar bhunaitheoirí Chlub Roibeáird Emmet agus ina uachtarán air ar ball. Deir Ó Feinneadha: ‘Ní raibh rud níos mó a thaitneodh leis ná pionta Guinness a ól i gcomhluadar (Gaeilgeoirí go háirithe) agus é ag plé an chluiche is déanaí ag na Dubs. Ní bheidh an Palace Bar riamh arís mar a bhí, Tomás agus a sheangheansaí Bhaile Átha Cliathach air – caithfidh gurb é an ceann is sine in Éirinn é – agus an duine ba shine in Éirinn a chaith ceann! Ba Dub go smior é, agus bhíodh sé ag na cluichí ar fad agus ag tacú leis na foirne éagsúla.’ Bhí sé pósta ar Bhríd Ní Chonchubhair agus bhí triúr iníonacha agus beirt mhac acu. D’éag sé go tobann 13 Márta 2004 ina theach i mBaile Pheire, Baile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú