Tá bunsonraí a bheatha in Who’s who, what’s what and where in Ireland. I Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 4 Eanáir 1915. Ba é an triú leanbh é ag Edward O’Callaghan agus a bhean Katherine Arnold. Cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste de La Salle, Port Láirge. Bhí sé ag múineadh in iarthar na hÉireann ar dtús agus ansin ar feadh tamaill de bhlianta sa Sciobairín. Fuair sé post sa Christian College, coláiste príobháideach na mBráithre i gCorcaigh. Le tacaíocht ón mBráthair Meeres bhain sé B.Mus., H. Dip. in Ed, agus céim mháistir san oideachas amach. Bhunaigh sé dhá cheolfoireann sa Christian College agus d’éirigh go maith leo. Nuair a aistríodh an Bráthair Meeres cuireadh deireadh le múineadh an cheoil ann. Chaith sé tamall ansin ag múineadh i scoileanna eile den dara leibhéal. Bhí sé ina fheitheoir i gColáiste Ollscoile Chorcaí orthu siúd a bhí ag iarraidh an H. Dip. in Ed. a ghnóthú. Bhí sé ina léachtóir le ceol i Roinn an Oideachais, Coláiste Ollscoile Chorcaí, agus i bhForas Éireann. D’fhoilsigh sé Songs for schools, 1 agus 2; Beidh ceol againn 1 agus 2 agus Ceol na cruinne, a bhfuil i measc na n-amhrán ann dánta le Thomas Moore aistrithe go Gaeilge aige. I 1958, i bpáirt leis na Soroptimists, bhunaigh sé an Cork Youth Orchestra agus bhí ina stiúrthóir ceoil / bainisteoir acu. Bhí baint aige le Daonscoil na Mumhan sa mhéid a bhain le ceol. Phós sé Maeve Ní Shúilleabháin agus bhí ceathrar iníonacha agus beirt mhac acu. D’éag sé 31 Márta 1991.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú