MAC THIARNÁIN, Eoin (1915-2004) Eoin MAC THIARNÁIN 1915 2004 Manhattan, Nua-Eabhrac M Coláiste Naomh Seosamh, Nua-Eabhrac Ollscoil New Hampshire, Stáit Aontaithe Mheiriceá Ollscoil Stát Pennsylvania, Stáit Aontaithe Mheiriceá ollamh Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ba é bunaitheoir an Fhorais Cultúir Ghael-Mheiriceánaigh (Irish American Cultural Institute) é agus is dóigh gurbh é an Meiriceánach é is mó a thug cabhair agus misneach do scríbhneoirí Gaeilge agus is mó a rinne iarracht ar spéis i léann na hÉireann a chothú i measc sliocht na nGael i Meiriceá. Tá eolas ina thaobh: sa léacht a thug sé um Meán Fómhair 1987 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus atá ‘athchlóite mar ar scríobh sé í sa seanchló Gaelach’ in “Is treise dúchas ná oiliúint”: Eoghan Mac Tighearnáin, Ollamh Meiriocánach Gaelach agus conas mar a bhunaigh sé an Foras Cultúir Gaeil-Mheiriocánach, 1987 (Comharchumann Íde Naofa, Áras Íde, Faing, a d’fhoilsigh); in Dreamers of dreams: portraits of the Irish in America, 1984 le Donal O’Donovan; in The Irish Times 24 Iúil 2004; i bpíosa ómóis le ‘N. Ó G.’ san The Irish Times go luath tar éis a bháis.

In Manhattan, Nua-Eabhrac, a rugadh é ar 15 Bealtaine 1915. Ba é an duine ba shine é den cheathrar a bhí ag Henry McKiernan agus Delia Nagle. B’as an Leacht, Co. an Chláir, do Delia. Luann ‘N.Ó.G.’ Liatroim freisin mar chuid eile de chúlra a mhuintire. Sa léacht sin dúirt sé: ‘... bíodh gur ar oileán Mhanhattan i gceartlár Nua-Eabhrac a rugadh mé féin, i mbaile beag ó thuaidh de sin a chuaigh mé ar bhunscoil. Ní raibh teas lárnach sna tithe sin ná uisce reatha i mórchuid de na tithe. Ní raibh pictiúrlann ann .... Cois teallaigh bhaineadh muid an-sult as scéalta agus amhráin mo mháthar, scéalta faoi Chontae an Chláir, pisreoga agus nósanna na háite. Ar an mbealach sin fuair muid eolas cruinn ar Éirinn – bealach nádúrtha ba ea é.’ Fuair an t-athair bás nuair a bhí sé 12 bliain d’aois agus b’éigean don teaghlach aistriú go ‘Ghetto na nGael’ i Nua-Eabhrac. Liostaíonn sé trí rud a chuaigh i bhfeidhm air: cnuasach de leabhair ar Éirinn i bPríomhleabharlann Phoiblí Nua-Eabhrac; Cumann na Gaeilge sa chathair, cumann a bunaíodh in 1883; tamall ar fheirm a uncail sa Chlár agus tamall lena linn ag freastal ar Choláiste an Phiarsaigh i Ros Muc. Sa réamhrá leis an léacht deir Risteard Mac Siacuis[B8] gurbh í Máiréad Nic Dhonnchadha a chéad mhúinteoir Gaeilge. Deirtear san The Irish Times gur scoláireacht ó Chonradh na Gaeilge i Nua-Eabhrac a chuir an tamall i Ros Muc ar a chumas. Tar éis dó BA (litríocht agus na teangacha clasaiceacha) a fháil ó Choláiste Naomh Seosamh, Nua-Eabhrac, fuair sé céim mháistir sa tsíceolaíocht ó Ollscoil New Hampshire agus PhD sa Bhéarla ó Ollscoil Stáit Pennsylvania. Anuas go 1959 bhí sé ina cheann ar roinn an Bhéarla in Ollscoil Stáit Manhattan ach d’aistrigh ansin go Coláiste Ollscoile San Tomás in St. Paul, Minnesota; bhí cloiste aige go raibh baint ar leith ag an ollscoil sin le hÉirinn le linn don chath i dtaobh na Gaeilge sa mháithreánach a bheith á throid. Roimh dhul isteach sa phost nua sin fuair sé an deis naoi mí a chaitheamh in Éirinn in éineacht lena bhean agus a naonúr clainne (triúr mac agus seisear iníonacha).

Bliain tar éis dó a bheith sa phost nua chraol cainéal oideachais ‘ó chósta go cósta’ caoga clár teilifíse i dtaobh chultúr na hÉireann a scríobh agus a láithrigh sé. ‘Tháinig na mílte litreacha chugainn ó chuile cheard den tír’, deir sé. ‘Thuig mé uaidh sin go bhféadfadh lucht scríofa na litreacha sin a bheith mar chumhacht tréan i gcúrsaí na hÉireann. Sin mar a tháinig an Foras Cultúir ar an saol, leanbh óg arbh í a mháthair an boob tube.’ 1964 bliain a bhunaithe. Chuir an Foras an iris Éire-Ireland ar bun an bhliain dár gcionn agus Mac Thiarnáin a bhí ina eagarthóir go ceann 21 bliain. ‘Éire-Ireland goes to every major university in 26 countries in the Western world including the Hebrew University of Israel, and embracing Poland as well .... Academic and scholarly Éire-Ireland may be, but there is in it surely a point of contact for everyone with a feeling for good writing and a curiosity about the Ireland we all profess to love’ (O’Donovan).

In Éirinn ba iad baill Bhord an FhoraisRisteard Mac Siacuis, Mairéad Nic Dhonnchadha agus Colm Ó hEocha [B8] agus ba iad na baill Mheiriceánacha Patrick Butler, Charles Grace, Kingsley Murphy, Laurence O’Shaughnessy agus John Walsh. Ba é Perry Wilson rúnaí an Fhorais. Thit an oiread sin de dhua an Fhorais ar Eoin féin go mbíodh sé ag obair ochtó uair sa tseachtain, ach ó thús 1986 ba é Breandan Shortall a bhí i gceannas. Ba liosta le lua na himeachtaí go léir ar thacaigh an Foras leo: foirne drámaíochta agus léachtóirí as Éirinn a chur ag taisteal na Stát; coimisiúin do chumadóirí ceoil; scoláireachtaí a chuir ar cumas Mheiriceánaigh óga tamall foghlama a chaitheamh in Éirinn; ‘Trees for Ireland’, deis do Mheiriceánaigh crainn a chur in Éirinn ar chostas beag, feachtas a raibh tábhacht leis ó thaobh caidrimh phoiblí; scoláireachtaí le haghaidh taighde; duaiseanna do ealaíontóirí agus scríbhneoirí - cuimhnítear go háirithe ar Dhuaiseanna an Bhuitléaraigh. I mbrollach An Bíobla Naofa, 1981 gabhann Pádraig Ó Fiannachta buíochas leis an bhForas agus le Mac Thiarnáin as a dtacaíocht fhial. Thug trí ollscoil dochtúireachtaí dó, Ollscoil na hÉireann ina measc. D’éag a bhean Juliette i 1996 agus d’éag sé féin ar 18 Iúil 2004.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »