MAC GABHANN, Cathal (1929-2005) Cathal MAC GABHANN 1929 2005 Cluain Tarbh, Co. Bhaile Átha Cliath M Scoil Mhuire, Fionnradharc, Baile Átha Cliath Scoil na mBráithre Críostaí, Fionnradharc, Baile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath cuntasóir comhairleoir gnó bainisteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ceannródaí ba ea é in obair Ghaeltarra agus Údarás na Gaeltachta. I gCluain Tarbh, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh é 14 Meitheamh 1929. Bhí aiste fhada dar teideal ‘Passing of a pioneer in development of Gaeltacht areas – Cathal Mac Gabhann’ ag Nollaig Ó Gadhra in Connacht Tribune 16 Nollaig 2005.

Ba iad a thuismitheoirí Charles Smith ó Chontae an Chabháin agus Lavinia Teresa Lavelle ó Bhéal Átha Beithe, Co. Mhuineacháin. Bhí beirt deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Tar éis bunoideachais i Scoil Mhuire, Fionnradharc, Baile Átha Cliath, agus meánoideachais i Scoil Sheosaimh sa cheantar céanna ghnóthaigh sé B.A. agus B.Comm. sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Cháiligh sé mar chuntasóir ina dhiaidh sin agus bhí ag obair do mhuintir Price Waterhouse san Iodáil ar feadh dhá bhliain go leith. Bhí an saol agus an comhluadar sa tír sin ag réiteach leis ach nuair a d’éag a athair d’fhill sé abhaile chun cabhrú lena mháthair. Tairgeadh post mar rúnaí ar Ghaeltarra Éireann (bunaíodh 1957) dó i 1958 agus ghlac sé leis ar choinníoll nach mbeadh polaiteoirí ag cur isteach ar ghnóthaí an chomhlachta stáit seo. Tar éis tamaill, nuair nach raibh gach rud chun a shástachta sa treo sin, chuaigh sé mar rúnaí ag Caltex, comhlacht ola, agus d’aistrigh as sin go Lincoln & Nolan, gnó mór cóimeála carranna. Bhí sé ar ais i nGaeltarra Éireann, a aistríodh ó Shráid na bhFíníní, Baile Átha Cliath go dtí Coismeig Móir sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, mar bhainisteoir ginearálta, tharla muinín a bheith aige as an mbord a bhí ceaptha, as Íomhar Ó Cionnaigh agus Colm Barnes go háirithe. In Eanáir 2005, nuair a bhí 25 bliana den Údarás á chomóradh, dúirt an tAire Éamon Ó Cuív go raibh de thoradh ar fheachtas chearta sibhialta na Gaeltachta agus ar rud a rinne Cathal, is é sin Ghaeltarra a dhílárú, go raibh plé áitiúil agus díospóireacht á gcothú sa Ghaeltacht, sin agus an tionchar a bhí ag an dá rud maidir le ceist bheo a dhéanamh de cheist na Gaeltachta. Mhol sé Gaeltarra i ngeall ar an obair cheannródaíoch a rinne siad i rith 1957-80. I bPreasráiteas an Údaráis 2 Nollaig 2005 dúradh faoi Chathal: ‘Ba é a ghlac an mháistreacht ar dhílárú Ghaeltarra Éireann ó Shráid na bhFíníní i mBaile Átha Cliath go dtí an Ghaeltacht sna Forbacha i 1969 agus ba é a chuir tús le ré Údarás na Gaeltachta mar Phríomhfheidhmeannach don chéad dá bhliain, 1980-1982’.

Cuireadh Údarás na Gaeltachta in ionad Ghaeltarra faoi Acht 1979. I rith a théarma ceannais bhíodh Cathal le feiceáil agus le clos go minic ar chláir chúrsaí reatha mar ‘Féach’. Nuair a d’éirigh sé as an bpost chaith sé tamall ag obair do Toyota faoi Tim O’Mahony (duine d'iarfhostuithe Ghaeltarra!). Ina dhiaidh sin bhí a ghnó féin aige mar chomhairleoir gnó. Bhí sé go mór in aghaidh na rialacha pleanála a chuir bac rómhór, dar leis, ar thógáil tithe aonair faoin tuath agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí IRDA (Irish Rural Dwellers Association). Phós sé Monica Quinn ó Bhré, Co. Chill Mhantáin, i 1960 agus bhí triúr cailíní agus triúr buachaillí acu. Sna Foraí Maola, Bearna, Co. na Gaillimhe, a bhí cónaí orthu. D’éag sé 1 Nollaig 2005 agus ta sé curtha i Reilig an Choilligh sa Spidéal.

I litir chuig údair an leabhair seo scríobh Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: ‘Fear fad-bhreathnaitheach a bhí ann. I rith na 1970idí d’fhéach sé chuige gur ceannaíodh talamh chun forbartha ar fud na Gaeltachta, rud a d’fhág go bhfuil forbairtí fós á ndéanamh ar thalamh a ceannaíodh an uair sin agus atá mar “bhanc talún” ag an ngníomhaireacht seo i gcónaí. Sé a chuir coincheap na réamh-mhonarchana agus na n-eastát tionscail chun cinn, agus ceann de na nithe ba shuntasaí a léirigh a fhís agus a fhadbhreathnaitheacht ná forbairt aerstráicí féir ar thrí oileán Árann agus ar an gCarraig Fhinn i nDún na nGall agus ceannach aerstráicí (nár forbraíodh) i mBaile an Sceilg agus sa Charn, Béal an Mhuirthead. Tháinig fás agus forbairt lena linn ar líon na dtionscal eachtrannacha sa Ghaeltacht agus mhéadaigh an fhostaíocht dá réir. Chaith sé tréimhse ag obair le Ferrari san Iodáil i lár na 1960idí agus bhain sé úsáid thairbheach as a chuid teagmhálacha ansin, agus as a líofacht Iodáilise, nuair a mheall sé trí chomhlacht Iodálacha go dtí an Spidéal sna seachtóidí.’