MAC CANA, Somhairle (1901-1975) Somhairle MAC CANA 1901 1975 Béal Feirste, Co. Aontroma M Scoil na mBráithre Críostaí, Béal Feirste Scoil na nEalaíon, Béal Feirste Coláiste Ríoga na nEalaíon, Londain ealaíontóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

An péintéir seo a dhear pictiúr de Thomás Ó Criomhthain[B5] le haghaidh dheannchlúdach An tOileánach, 1929 agus a mhaisigh Fíon na filidheachta, [1931] le Micheál Breathnach[B8]. I mBéal Feirste a rugadh é (Samuel Malachi MacCann) 23 Samhain 1901. Deir Marie Coleman in DIB gurbh í Mary Jane Riddell a mháthair. Tá cuntas air ag Theo Snoddy in Dictionary of Irish artists: 20th century, 2002. Caibinéadaire ba ea a athair, J.P. McCann. Tar éis dó a bheith ar scoil ag na Bráithre Críostaí i mBéal Feirste fuair sé post mar dhearthóir earraí fite i 1915 ach bhí ag freastal ar an Scoil Ealaíne (Béal Feirste) tar éis obair an lae. Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh agus gabhadh é i gContae an Chabháin. Deir Snoddy: ‘He might have remained a designer all his life had he not become involved with an IRA company.’ Daoradh chun báis é agus chaith sé an seacht mí anuas go dtí an sos cogaidh i bpríosún Bhóthar Chromghlinne. D’fhill sé ar an Scoil Ealaíne agus bhuaigh scoláireacht Sorella i 1923; bhí sé ag múineadh sa scoil sin i rith 1924. Bhuaigh sé scoláireacht Dunville an bhlian dár gcionn agus chuir sin ar a chumas trí bliana a chaitheamh i gColáiste Ríoga na nEalaíon, Londain, gur thug abhaile leis an chéim ARCA. Chaith sé bliain ag múineadh i mBéal Feirste agus ó 1929 go 1935 bhí sé ina mháistir ealaíne i gCeardscoil na Gaillimhe. Bhí a shaothar ar taispeáint san Acadamh Ríoga Íbeirneach i 1935. Ceapadh é an bhliain sin ina chigire ealaíne sa Roinn Oideachais. Ó 1937 amach go dtí 1967 bhí sé ina phríomhoide i Scoil Ealaíne Crawford i gCorcaigh. D’éag sé 25 Eanáir 1975. Scríobh sé Irish craftsmanship, 1956. Tá cuid dá shaothar ar taispeáint i nDánlann Crawford, Corcaigh. Deir Snoddy gur chuir sé ‘a rational Gaelic alphabet’ ar fáil sna 1940idí déanacha. Duine dá scoláirí i gCorcaigh ba ea Domhnall Ó Murchadha[q.v.].

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »