LUSH, William Henry [Harry] (1916-2005) William Henry LUSH Harry Lush 1916 2005 Liafuine, Co. Shligigh M Scoil an Bhaile Nua, Co. Phort Láirge Scoil Mhuinseo, Baile Átha Cliath Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath múinteoir bainisteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí an Adelphi, pictiúrlann (2,300 suíochán) i Sráid na Mainistreach Láir, le háireamh ar cheann den cheithre phictiúrlann ba mhó i mBaile Átha Cliath i rith na tréimhse ba rathúla ag an gcineama. Bhí Harry Lush ina bhainisteoir ann. B’fhéidir a rá gurbh ionann ó thaobh tábhachta de an bainisteoir agus a phictiúrlann, rud a d’fhág go raibh meas ar leith ag saol na Gaeilge ar Harry. Ní hamháin gur chainteoir líofa Gaeilge é ach ba bhreá an phearsa fir é. Tá cuntas ag Risteárd Ó Glaisne air in De bhunadh Protastúnach nó rian Chonradh na Gaeilge, 2000, agus is leis a bhain ‘An Mhuintir s’againne’ in Irish Press 4 Nollaig 1954. Tá cuntas iarbháis in Irish Times 21 Bealtaine 2005.

I Liafuine, Cill Ghlas, Co. Shligigh, a rugadh é ar 17 Deireadh Fómhair 1916. Ba é an duine ba shine é den chúigear mac a bhí ag T.J. Lush, feirmeoir a raibh muileann lín aige. Múinteoir ba ea Mamie, a mháthair. Críochdheighilt na hÉireann ba chúis le teip ghnó an lín agus d’aistrigh an teaghlach go dtí an Chúil Rua, Tigh na hÉille, Co. Chill Mhantáin. Thug scoláireacht Harry go dtí Scoil an Bhaile Nua i gContae Phort Láirge mar ar adhain na múinteoirí Liam Glynn agus Séamas Ó Maoileoin[B3] spéis ann sa Ghaeilge. I Scoil Mhoinseo, Baile Átha Cliath, ina dhiaidh sin chuidigh a eolas ar an teanga leis chun scoláireacht a bhuachan i gColáiste na Tríonóide. I 1946 fuair sé céim le honóracha sna teangacha Ceilteacha; ba ghá dó Gearmáinis a fhoghlaim mar chúnamh sa chúrsa sin. Le linn dó a bheith ina mhac léinn bhí sé ina bhall de phríomhfhoirne sacair, cruicéid agus hacaí na hollscoile. Chaith sé ceithre bliana mar mhúinteoir Gaeilge agus aclaíochta i gColáiste Naomh Columba, Ráth Fearnáin, Co. Bhaile Átha Cliath. Go minic is buachaillí nach raibh puinn Gaeilge acu a bhíodh air a ullmhú le haghaidh na meánteistiméireachta agus chun teacht timpeall ar an bhfadhb sin tharraing sé chuige féin ‘modh múinte na Rinne’, mar a thug sé air: stór focal agus frásaí a thabhairt dóibh sula dtosaíodh sé ar aon ghramadach a mhúineadh. Is fearr a d’oir dá chás freisin a phriméar féin gramadaí a scríobh.

Bhí post an Adelphi fíorchrua sa mhéid gur mhinic é ag obair ar feadh 13 uair an chloig sa lá. Air a thiteadh cúram réaltaí scannáin mar Gary Cooper, John Wayne, Marlene Dietrich... a thagadh chun a gcuid scánnán a phoibliú. Cuimhnítear go háirithe ar chuairt na Beatles um Shamhain 1963. Cuid de ghnó na pictiúrlainne seo ba ea bialann mhór nach raibh a leithéid ach in aon phictiúlann amháin eile sa phríomhchathair, an Savoy. Ach thapaíodh sé aon deis fhánach a bhí aige chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phictiúrlann. Chuirtí leaganacha Gaeilge de scannáin eolais an Rialtais ar fáil – cuimhnítear go háirithe ar na cinn a dhéantaí le linn don Dr Noel Browne a bheith ina Aire Sláinte – agus d’fhéachadh sé chuige gurbh iad a thaispeánfaí. Mhisníodh sé an fhoireann chun an teanga a úsáid i ngnóthaí na pictiúrlainne. Thugadh sé cuairt ar Dhún Chaoin go minic. Cara leis ba ea Muiris Caomhánach (‘Kruger’) [B1] agus nuair a d’éirigh idir Muiris agus Paddy Kavanagh, cara eile aige, i ngeall ar alt a bhí i gcló ag an bhfile i dtaobh an tí tábhairne i nDún Chaoin, bhí sé ina idirghabhálaí eatarthu, obair gan bhuíochas.

Bhí sé pósta ar Mollie McLoughry (d’éag 1980) agus bhí mac agus iníon acu. D’éag sé 5 Bealtaine 2005.