LOTH, Joseph (1847-1934) Joseph LOTH 1847 1934 Guémené-sur-Scorff, an Fhrainc M scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] scoláire Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntais ar an scoláire seo ag Joseph Vendryes[B4] in Revue Celtique L1, in Times 2 Aibreán 1934 agus in Zeitschrift für keltische Philologie und volksforschung XXII. Tá liostaí fada dá fhoilseacháin ag R.I. Best in Bibliography of Irish Philology and printed literature to 1912, 1913 agus in Bibliography of Irish Philology and manuscript literature, 1942. In Guémené-sur-Scorff, Morbihan, sa Bhriotáin, a rugadh é 28 Nollaig 1847. Ba í an Bhriotáinis a theanga dhúchais. Ó Dheireadh Fómhair 1869 bhí sé ina ollamh le reitric i gColáiste Quimper. Ach nuair a bhris cogadh 1870 amach liostáil sé i gcór na mBriotánach in Arm na Fraince. I ndiadh an chogaidh bhí sé ag múineadh reitrice i gColáiste Saumur i rith 1871-72. As sin chuaigh sé go Páras agus bhí ag múineadh i gcoláistí éagsúla ann. Ceapadh ina ollamh é i gColáiste Chaptal in 1879, agus ina dhiaidh sin i gColáiste Stanislaus. Ag an am céanna bhí sé ag obair in l’Ecole Pratique des Hautes Etudes agus in Collège de France faoi stiúradh Henri Gaidoz[B6], Henri d’Arbois de Jubainville[B5] agus scoláirí eile. Bhí sé i gceannas na gcúrsaí ar theanga agus ar litríocht na Gréigise in Ollscoil Rennes ó 1884 amach agus ina dhéan ar an ndámh ar feadh 1889-1910. Nuair a cailleadh Arbois de Jubainville i 1910 tháinig sé i gcomharbacht air mar ollamh leis an léann Ceilteach in College de France. D’éirigh sé as i 1930. Bhí sé ina Chevalier de la Légion d’Honneur ó 1899 agus ina oifigeach ó 1926. D’éag sé i bPáras 1 Aibreán 1934.

‘Loth devoted the greater part of his life to the language and origins of the Celtic peoples. By dint of infinite care and perseverance he succeeded after many years of work in adding materially to the existing knowledge of the Celtic tongues’ (Times 2 Aibreán 1934). Bhí baint aige le Revue Celtique, iris scolártha a mhair ar feadh 1877-1934 agus bhí ina eagarthóir ó 1910 ar aghaidh. I gcomhar le Arbois de Jubainville réitigh sé an dá imleabhar déag de Cours de Littérature Celtique. In imleabhair III agus IV, 1889 chuir sé eagar ar Les Mabinogion, D’aistrigh Richard Irvine Best[B2] imleabhar amháin den Cours... agus foilsíodh é faoin teideal The Irish Mythological Cycle,1903. I measc na leabhar eile a scríobh sé tá: Essai sur le verbe néo-celtique en irlandais ancien et dans les dialectes modernes ..., 1882; L’émigration bretonne en Amorique du Ve au vii siecle de notre ere, 1883; Vocabulaire vieux breton ..., 1884; Le vers du Livre Noir de Carmarthen, 1907; Le dieu log, la terre mère et les lugones, 1915; Les noms du cheval chez les Celtes en relation avec quel-ques problemes archaeologiques, 1925.

In Celtic Studies in Europe and other essays, 2000, luann Seán Ó Lúing[B8] é i measc na scoláirí sin a thug tacaíocht do Scoil an Léinn Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Deir sé freisin: ‘Because of the affinity of Brittany and Wales he devoted himself also to Cornish but most of all to Welsh. His translation of the Mabinogian tales forms a milestone in Welsh scholarship and his three volume study of Welsh metrics is indispensible’. Bhí sé ar bhunaitheoirí Annales de Bretagne, 1886. Bhí aiste aige, ‘Le Celtique au Collège de France: Henri d’Arbois de Jubainville’ in La Collège de France (1530-1930), 1932. In earrach 1913 chaith sé tamall sa Mhumhain agus foilsíodh a chuntas ar Ghaeilge na Mumhan in Revue de Phonetique, iml III, fasc. 4. Rinne Risteárd Ó Maolchatha[B5] tagairt dá chuairt ar Shiobhán an tSagairt i mBéal Átha an Ghaorthaidh in éineacht leis na hollúna John Fraser agus Osborn Bergin[B2] timpeall 1913 (feic B5: 200a).