Tá cuntais ar a shaol agus a shaothar in Harvard University Gazette 2 Lúnasa 2006 (atá le fáil ar an idirlíon) agus ag SÓC in Irish Times 21 Lúnasa 2006. Bhí sé ina ollamh leis na Teangacha agus Litríochtaí Ceilteacha in Harvard. Deir ‘SÓC’: ‘More than any other person Charles Dunn is responsible, through his learning, example and congenial personality, for the burgeoning of Celtic Studies as an academic discipline throughout North America, while former students also occupy prominent academic positions in Ireland, Scotland and Wales.’ Tá a shaothar liostaithe ag Rolf Baumgarten in Bibliography of Irish Linguistics and Literature 1942-71, 1986.

In Arbuthnott, Albain, mar a raibh a athair ina mhinistir Preispitéireach, a rugadh é i 1915. Cuireadh oideachas air in Obaireadhain agus i nDún Éideann sular aistrigh an teaghlach go Bostún ar dtús agus ar ball go Ceanada. In Ollscoil McMaster in Hamilton, Ontario, a fuair sé an chéim BA sa Bhéarla agus sa Ghearmáinis. ‘Although he had spent his childhood in Scotland he had not then acquired a knowledge of Gaelic. He began to remedy this deficiency in the years 1938-41 when, as a graduate student at Harvard University, he studied Celtic languages and literatures under Fred Norris Robinson... and Kenneth Jackson.’ Bhí poist aige in ollscoileanna Columbia, Cornell, Toronto agus Nua-Eabhrac agus d’fhill sé ar Harvard i 1963 chun a bheith ina Chathaoirleach ar Roinn na dTeangacha agus na Litríochtaí Ceilteacha. I measc na leabhar a scríobh sé tá: Highland Settler: a Portrait of the Scottish Gael in Nova Scotia, 1953 (is i Nova Scotia a rugadh a athair); The Foundling and the Werwolf. A literary-historical study of Guillaume de Palerme, 1960; The Role of the Poet in Early Societies, 1989.

Phós sé Patricia Campbell (d’éag 1973) i 1941 agus bhí mac agus iníon acu. Phós sé ansin Elaine Birnbaum agus bhí mac acu. D’éag sé in Boston ar 24 Iúil 2006.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú