CONDON, Teresa Josephine (1899-1941) Teresa Josephine CONDON 1899 1941 F An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath scoláire Gaeilge/Ceiltise/Béaloidis [B9] scoláire Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Is ródhóigh gurb í seo an Teresa Josephine Condon a rugadh 27 Márta 1899 do James Edmond Smith Condon, abhcóide, agus a bhean Mary Bolger. Bhí cónaí orthu ag 16 Plás Warrington, Baile Átha Cliath. Tá cuntas gairid ag Gearóid Ó Murchadha[B2] uirthi in Éigse, 1941-42. Bhain sí céim amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1921. Chuir sí eagar ar ‘Purgadóir Phádraig Naomhtha’ agus bhí sin i gcló in Lia Fáil, 1924; ba é an chéad alt san iris sin é. Bhí dhá thráchtas eile i gcló ann: ‘De febre efemera’ le Winifred Wulff[q.v.] agus ‘Táin Bó Geanainn’ in eagar ag Mairéad Ní Ghrádaigh[B1]. Sa réamhrá deir Dubhghlas de hÍde[B4]: ‘Do scríobh Treasa Condúin an chéad cheann aca i gcomhair céim an M.A. tar éis dul faoin scrúdú di. Tá mórán de na nótaí agus variae lectiones nár ghá a gcur síos ann so ach do chuir an clódóir i gcló iad go hiomlán gan fhios dúinn.’ Chuir sí eagar ann freisin ar an dán ‘A Dhuine théid go Loch Dearg’. Deir Ó Murchadha: ‘For several years before her death Miss Condon had been a valued member of the lexicographical staff of the Royal Irish Academy....’ agus deir sé nach raibh aon choinne lena bás. Chóirigh sí an litir U in Contributions to a Dictionary of the Irish Language (Acadamh Ríoga na hÉireann) agus ba í Eleanor Knott[B2] a chuir tríd an bpreas é i 1942. Rinne sí obair ar an litir S freisin agus foilsíodh é i 1953. Cailleadh Teresa Josephine Condon, ‘lexicographer’, in aois a 42 bliain di, in Ospidéal an Royal City of Dublin 7 Aibreán 1941. Bhí cónaí uirthi ag 5 Plás Hoirbeaird, Baile Átha Cliath.