‘Last trading skipper of a Galway hooker’ an cheannlíne ar thuairisc bháis an mháistir báid mhóir seo san Irish Times 2 Deireadh Fómhair 2004. Tá cuntas ag Liam Mac Con Iomaire air, agus ar a bhean Baba (Bairbre), in Conamara: An Tír Aineoil/The Unknown Country, 1997. Rinne Éamon agus Cian de Buitléar gnéchlár faoi dar teideal ‘The Islandman’. Sa Doirín Glas, Leitir Móir, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 25 Márta 1932. Ba é an duine ba shine é den deichniúr a bhí ag Píotar Báille agus Máire Ghriallais. Bhí muintir Johnny ag tarraingt móna agus earraí eile go Co. an Chláir, go hÁrainn agus go Gaillimh le ceithre ghlúin ar a laghad. Is dá shin-seanathair a tógadh an bád cáiliúil An Capall timpeall 1860 agus faoin am a raibh Johnny 17 bliana bhí sé ina mháistir uirthi. Deich mbliana roimhe sin chuaigh sé in éineacht lena athair agus lucht móna go Cinn Mhara. Deir Mac Con Iomaire: ‘Chaith “An Capall” blianta fada sa Sruthán Buí go dtí Aoine an Chéasta 1974, tráth ar tugadh ar cheann téide go Dún Mánuis í, áit a ndearna Colm Mhichael Labhráis suas as an nua í.’ Buaileadh buille ar ghnó na móna nuair a thosaigh daoine ag úsáid Kosangas agus d’iompaigh Johnny ina iascaire go lánaimseartha: bhí an trálaer Naomh Cáilín ceannaithe aige i 1959. Bhí baint aige le Cruinniú na mBád i gCinn Mhara ó thosach. Phós sé Baba (Bairbre) Dan Mhaoláin as Doire Fhatharta, a raibh báid mhóna ag muintir a máthar. ‘Ag dul chuig an scoil ar an gCeathrú Rua as Doire Fhátharta ar an mbus a bhí Baba maidin nuair a d’íoc Johnny táille an bhus di .... Ar a bhealach go Sasana ar an mBeet a bhí Johnny an lá sin ...; ba í an phingin ba chiallmhaire a chaith sé riamh í!’ (Mac Con Iomaire). Phós siad i 1962 agus bhí cúigear iníníocha agus cúigear mac acu. Ag pointe éigin d’aistrigh an teaghlach isteach go cathair na Gaillimhe. Anuas go dtí 2004 bhí páirt á glacadh aige sna rásaí bád. D’éag sé 26 Meán Fómhair 2004.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú