Ó SÚILLEABHÁIN, Diarmuid (1947-1991) Diarmuid Ó SÚILLEABHÁIN 1947 1991 Cúil Aodha, Co. Chorcaí M Scoil Bharr d’Inse, Co. Chorcaí Coláiste Íosagáin, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath amhránaí iriseoir craoltóir múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 Bruach na Carraige Báine Cló Iar-Chonnacht Eisithe ar Bruach na Carraige Báine (1995).

Iriseoir agus amhránaí aitheanta. Tá cuntas air: ag Dónal Ó Liatháin in Feasta, Eanáir 1992; ag Pat Ahern in The companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely. I gCúil Aodha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 12 Eanáir 1947. Maidhcí Ó Súilleabháin a athair agus Nóra Ní Éalaithe ó Chill Gharbháin a mháthair. Amhránaí agus fidléir ba ea Maidhcí. Ba é Diarmuid an tríú duine den seachtar clainne a bhí acu. Deifiúr leis is ea an t-amhránaí Éilís Ní Shúilleabháin a bhfuil cuntas ag Liam Mac Con Iomaire uirthi i leabhar Vallely. Tarraingíonn Ó Liatháin pictiúr taitneamhach den timpeallacht inar tógadh é: ‘Tigh fial fáilteach ab ea tigh a mhuintire, ina raibh cead suite cois tine nó codladh ar an settle ag uasal agus íseal. Bhíodh lucht scoraíochta isteach ann agus ridirí bóthair go minic ag fanúint thar oíche. Ansan a airigh Diarmuid a lán de na hamhráin agus den cheol agus des na scéalta, óna athair féin, Maidhcí, ó Pheataí na Ráithe [Ó Tuama] agus ó Dhiarmuid Ó Ríordáin a bhíodh go minic ann. Bhí an sean-nós ar a dtoil acu siúd agus dob uathu a fuair sé a chéad bhlaiseadh dhe.’ Liostaíonn Ó Liatháin na pearsana a chuaigh i gcion air ina óige: a chomharsana, na múinteoirí i Scoil Bharr d’Inse agus i gColáiste Íosagáin, Bess Cronin (Ó Cróinín [B5]), Domhnall Ó Ceocháin[B4], Pádraig Mac Suibhne[B5], Pádraig Ó Cruadhlaoich[B1], Dónall Ó Mulláin[B4], Seán Eoghain Ó Súilleabháin [B5, lch 297] .... B’fhéidir a áitiú gurbh é Seán Ó Riada[B5] is mó a thug in éifeacht é; bhí sé ina bhall ó thús de Chór agus de Chlaisceadal Chúil Aodha in éineacht lena dheartháireacha. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta an dlúthdhiosca Bruach na Carraige Báine ar a bhfuil 13 d’amhráin aige. Tá amhráin aige freisin ar cheirníní Cheoltóirí Laighean, An Bóthar Cam agus The Star of Munster. Tionóltar Éigse Dhiarmuidín i gCúil Aodha gach bliain i gcuimhne air. I 2001 thug Ceirníní Claddagh Éigse Dhiarmuidín amach i gcomhar le Raidió na Gaeltachta.

Cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sé ag múineadh sa Phasáiste Thiar, Co. Chorcaí. Chaith sé tamaill ó 1974 ag obair do Raidió Logánta Chorcaí, ar chuid de RTÉ é, agus ó 1977 i Seomra Nuachta RTÉ sular thosaigh ag obair i dtús na 1980idí i Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall, mar chlár-reachtaire agus iriseoir. Timpiste gluaisteáin ar an mbóthar idir Dún Chaoin agus Fionntrá ba thrúig bháis dó ar 2 Nollaig 1991. Baile Bhiocáire, Dún Chaoin, a sheoladh ag an am. Tá sé curtha i Reilig Ghobnatan, Baile Bhuirne.