Ó SÚILLEABHÁIN, Diarmaid (1932-1985) Diarmaid Ó SÚILLEABHÁIN 1932 1985 Na hAoraí, Co. Chorcaí M Coláiste Íosagáin, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Nuálaí ba ea é i scríbhneoireacht chruthatheach na Gaeilge. Is leis a bhaineann eagrán iomlán Comhar, Aibreán 1986: tá aistí ann ag Iarla Mac Aodha Bhuí, Pádraig Ó Snodaigh, Éamon Ó Ciosáin, Ciarán Ó Coigligh, Máirín Nic Eoin, Tadhg Ó Ceallaigh, Seosamh Ó Murchú, Seán Mac Stiofáin, Pádraig Ó Siadhail. Deirtear san eagarfhocal: ‘Is dócha go bhfuil comhshnáth le tabhairt faoi deara i gcuid mhaith de na hailt anseo, is é sin an tuairim nach bhfuair an Súilleabhánach an ceart a bhí ag dul dó mar scríbhneoir’. Deir Tadhg Ó Ceallaigh, comhghleacaí leis i nGuaire: ‘Nárbh ait nach raibh ar chumas aon cheann dár n-institiúidí léinn cúpla bliain a thabhairt dó mar léachtaí ar cuairt nó mar scríbhneoir cónaitheach. Bhí an cumas agus an mianach a bhí ann aitheanta le fada an lá ach go dtí gur thairg an tOllamh Pádraig Ó Fiannachta post i Maigh Nuad dó i 1984, rinne gach grúpa faillí ann.’ Is é a deir Seán Ó Tuama (Repossessions: Selected Essays on the Irish Literary Heritage, 1995): ‘Diarmaid Ó Súilleabháin was the most dedicated writer of novels in recent times. His untraditional use of Irish and his experimental modes of narration make him also, one suspects, our most unread novelist of recent times.’ Nocht Seán Ó Ríordáin an tuairim seo in Irish Times 12 Lúnasa 1972: ‘Is deacair Ó Súilleabháin a mholadh nó a cháineadh mar ní féidir é a thuiscint’ (i gcló in Traidisiún Liteartha na nGael, 1979).

Gar do na hAoraí i mBéarra a rugadh é ar 29 Iúil 1932. Feirmeoir beag a athair John O’Sullivan agus múinteoir bunscoile a mháthair Máire Áine Ní Dhrisceoil. Thug scoláireacht go dtí Coláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne é, mar a raibh tionchar ag an mBráthair Peadar Ó Loingsigh[q.v.] air, agus cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Leis an múinteoireacht a chaith sé a shaol. Bhí sé ag múineadh i Mullach Eadrad agus i gCathair Mhór sula bhfuair sé post i mbunscoil Iósaif, Guaire. Chláraigh sé mar bhall de Shinn Féin tuairim 1970. ‘Togha cainteora ba ea é, agus cainteoir teasaí freisin, óir labhair sé díreach mar a mhothaigh sé, agus d’íoc sé as óir cuireadh i bpríosún é mar gheall ar óráid a thug sé i gContae Loch Garman i 1971’ (Mac Stiofáin). Trí mhí a chaith sé in Mountjoy i ngeall ar dhaoine i Ros Mhic Thriúin a spreagadh chun liostáil san IRA. Tugann an scríbhneoir sin cuntas ar an tréimhse a chaith sé in Arm na Poblachta, é ina Aidiúnach ar an aonad áitiúil den arm sin agus é ina bhall den Ard-Chomhairle mar Stiúrthóir Poiblíochta; b’éigean dó éirí as an obair sin de dheasca drochshláinte. Bhíodh ábhar aige in An Phoblacht.

Tá clár a shaothair in Diarmaid Ó Súilleabháin: saothar próis, 1992 le hIarla Mac Aodha Bhuí. Is iad na húrscéalta a scríobh sé: Dianmhuilte Dé, 1964; Caoin tú féin, 1967; An uain bheo, 1968; Maeldún, 1972; Ciontach, 1983; Aistear, 1983; Bealach Bó Finne, 1988. Úrscéalta do dhéagóirí is ea Súil le Muir, 1959 agus Trá agus tuileadh, 1967. D’fhág sé úrscéalta neamhfhoilsithe ina dhiaidh agus pléann Éamon Ó CiosáinLá Breá Gréine Buí’ go háirithe san aiste aige in Comhar. D’fhoilsigh Coiscéim Lá Breá Gréine Buí agus an t-úrscéal Oighear geimhridh le chéile mar leabhar i 1994. In An tÚrscéal Gaeilge, 1991 deir Alan Titley: ‘An ceart choíche, is dócha gurb é Ciontach Dhiarmada Uí Shúilleabháin ceann de na ráitis pholaitiúla is láidre dár scríobhadh i bhfoirm úrscéil le leathchéad bliain anuas in Éirinn’. Agus deir Titley freisin: ‘Dá mbeadh ort scríbhneoir amháin a roghnú a chuir saol seasmhach úd an Athar Peadar suas síos agus tóin thar ceann is é Diarmaid Ó Súilleabháin thar éinne eile an té is túisce a rithfeadh leat. Is ina shaothar siúd a fhaighimid an éabhlóid is sia siar nó an titim is faide síos ón idéal a shamhlaigh daoine le húrscéal mór an Athar Peadar’. Gearrscéalta atá in Muintir, 1970.

Tá na seacht ndráma a scríobh sé gan foilsiú. Is iad is ábhar d’aiste Phádraig Uí Shiadhail. In Halla Damer agus sa Phéacóg a léiríodh an chuid is mó díobh. Bhain Bior duais Oireachtais i 1965 agus bhuaigh an leagan Béarla, Saville Row, Lr, duaiseanna ag féile drámaíochta i gCorcaigh agus ag Féile Drámaíochta na hÉireann 1965 i mBaile Átha Luain. Is i gcomhair chomóradh 1916 a scríobh sé Macalla agus léiríodh in Halla Damer é 18-23 Aibreán 1966. Drámaí eile a luann Risteárd Ó Glaisne in Inniu (‘Diarmaid Ó Súilleabháin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’) 17 Meitheamh 1971 is ea: Lens, dráma Béarla a léiríodh sa Lantern; Ontos a léiríodh i gColáiste na Tríonóide i 1967; An Deisceart Domhain a léiríodh sa Phéacóg i 1969. Fiafraíonn Ó Siadhail cén fáth atá leis an neamart a rinneadh ina shaothar drámata. ‘Saothar an-chasta atá ann a d’éiligh an tuiscint ar choincheapa nua, ar struchtúir nua—is go speisialta, ar idéanna nua—ar an lucht féachana. Drámaíocht ar leith nach dtaitneodh ach leis an mhionlach a thuigfeadh í a bhí sa saothar sin . . .. Más amhlaidh gur tharraing Ó Súilleabháin úrscéalaíocht na Gaeilge isteach san Fhichiú hAois, rinne sé iarracht an rud céanna a dhéanamh le drámaíocht na Gaeilge. Ar an drochuair, níor thug sé a lucht féachana leis.’ Le linn dó a bheith i bpríosún Mountjoy thug sé faoi The Quare Fella le Breandán Ó Beacháin[B5] a aistriú. Chum sé dánta Béarla agus Gaeilge. Foilsíodh cinn Ghaeilge in Comhar agus luaitear na cnuasaigh Greater than he Barabbas, 1976 (dánta Gaeilge agus Béarla), agus Gealach Reatha, 1982; roghnaigh Gréagóir Ó Dúill dán dá chuid, ‘Fíor-uaigneas’, in Fearann Pinn: Filíocht 1900 go 1999, 2000. D’aistrigh sé go Gaeilge Tema del traidor y del heroe agus La forma de la espada, scéalta le Jorge Luis Borges (1899-1986) agus tá siad le fáil sa leabhar Irish Strategies, 1975 in eagar ag Liam Miller. Ceiliúradh ar shaothar na mBráithre Críostaí is ea Saighdiúir gan Chlaíomh, 1985.

Dúradh i réamhrá an eagráin úd de Comhar: ‘Bhí tréithe na mórphearsan ag baint le Diarmaid Ó Súilleabháin. Tréithe iad a thóg sé leis ón gcliabhán, óna shinsir thiar i mBéarra, tréithe iad a raibh sé eolach orthu agus bíodh gur fada ó d’fhág sé a fhód dúchais féach nárbh fhada riamh óna chroí ná óna pheann Béarra gona háilleacht gona mistéireacht. Is cuma cén léamh a dhéanfar ar shaothar an tSúilleabhánaigh ní féidir a shéanadh gur thóg sé ar dhúshraith na tuisceana tarchéimnithí a bhraith sé ann féin ina óige’. Phós sé Úna Ní Chléirigh 28 Deireadh Fómhair 1954 agus bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu. D’éag sé 5 Meitheamh 1985. Toghadh é ina bhall den Irish Academy of Letters agus bhain sé Duais an Bhuitléaraigh agus duaiseanna Oireachtais.

In Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973 chuir sé síos ar na mianta a bhí aige: ‘To see a posthumous Nobel Prize for the Celtic World awarded to the late author Máirtín Ó Cadhain, a personal friend, whose giant literary achievements are surely deserving of one. To see Ireland united as a socialist Republic, fully democratic and above all non-sectarian. To write in Irish in an urban context, also to live to see the breaking down of barriers between those who write in both languages in Ireland, a sharing of two great heritages and traditions. I should like to think I have played some small part in bringing about that certain dual mileu, that particular muintearas.’