WILMOT, Séamus (1902–1977) Séamus WILMOT 1902 1977 Lios Tuathail, Co. Chiarraí Reilig Lios Tuathail, Co. Chiarraí M Coláiste Mhichíl, Lios Tuathail, Co. Chiarraí Coláiste na hOllscoile, Corcaigh scríbhneoir riarthóir oideachasóir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

I Lios Tuathail, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 4 Bealtaine 1902. Gabha ba ea a athair Edward agus ba í Mary Dillon a mháthair. Bhí triúr deirfiúracha aige. Col ceathar dó an scríbhneoir Seosamh Ó Conchubhair (1877–1957) agus bhí gaol gairid go leor aige le Gerald Griffin (1803–1840). I ndiaidh bunscolaíochta bhí sé i gColáiste Mhichíl i Lios Tuathail agus ansin i gColáiste Ollscoile Chorcaí mar ar ghnóthaigh sé céim sa tráchtáil i 1922.

Bhí sé ag múineadh i gColáiste Mhichíl ó 1922 go 1927 (agus scríbhneoir eile úd Lios Tuathail, Brian Mac Mathúna, sa rang aige) agus ó 1927 go 1930 i gColáiste Bhelvedere agus bliain ansin sa Cheardscoil i Ráth Maonais. Ceapadh é ina Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin faoi Choiste Gairmoideachais Chontae Loch Garman. Air a thit sé an chéad ghairmscoil tuaithe in Éirinn a oscailt i gCam Eolaing i 1932. I 1935 ceapadh é ina chléireach baile i nGaillimh, i 1938 ina Chléireach Sinsearach in Ollscoil na hÉireann agus ina Chláraitheoir ann ar ball. D’éirigh sé as an bpost sin i 1972. Bhronn an Ollscoil dochtúireacht air i 1953.

Phós sé Mary Agnes Scanlon ó Dhroim Chliabh, Co. Shligigh, i nDeireadh Fómhair 1931. Múinteoir ceardscoile i Lios Tuathail í san am. Bhí triúr mac agus iníon amháin acu.

I rith a shaoil bhí dúil aige sa litríocht, san amharclannaíocht agus sa Ghaeilge. Ó 1928 go 1931 bhí sé ina rúnaí ag an gComhar Drámaíochta; bhí sé ina chathaoirleach ag Taibhdhearc na Gaillimhe ar feadh tréimhse; é ar dhuine de bhunaitheoirí Chompántas Amharclainne na Gaeilge (1942–1956); ar dhuine de stiúrthóirí Amharclann na Mainistreach ó 1956 amach. Bhí sé ina chathaoirleach ar Shiamsa, Amharclann Náisiúnta na nDaoine, agus ina uachtarán ar Sheachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail.

I measc na ndrámaí a scríobh sé tá: An Casán agus Murchadh an tSolais (dhá dhráma aon mhíre) (1931); Bantighearna an Ghorta (1944), ar roinneadh duais Amharclann na Mainistreach airsean agus ar dhráma Shéamais Uí Aodha, Donnchadh Rua, i 1938; San am soin (1944); Grádh níos mó (1946); Déamar agus a bhean (1952); Prólóg don réim nua (1954).

Scríobh sé úrscéalta i nGaeilge agus i mBéarla: Mise Méara (1946); The Splendid pretence (1947); And so began (1973). Tháinig a chnuasach gearrscéalta Eochair na sráide amach i 1967.

D’éag sé ar 28 Eanáir 1977.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »