Bhí sé ar dhuine de shagairt na Gaeilge ab fhearr a raibh aithne orthu ag pobal Bhaile Átha Cliath. Ar an gCnoc, Cois Fharraige, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 24 Márta 1912. Ba iad Tadhg Ó Loideáin agus Máire Ní Chonghaile a thuismitheoirí. Cainteoir dúchais Gaeilge ba ea é nár fhoghlaim Béarla go ndeachaigh sé go meánscoil. Chuaigh sé isteach in Ord na gCairmilíteach Díbhrógacha i mBaile Locha Riach, Co. na Gaillimhe, 7 Meán Fómhair 1931 agus oirníodh i mBaile Átha Cliath é 11 Meitheamh 1938. Seachas tamall de bhlianta i Londain agus i mBaile Locha Riach is i dteach an oird i Sráid Clarendon, Baile Átha Cliath, a chaith sé a shaol. D’éag sé 26 Feabhra 1997. Foilsíodh léirmheasanna leis in Comhar, chomh maith le ‘Aitheasc ar litríocht na Gaeilge a craoladh ar Raidió na Gaeltachta, Domhnach Cásca 1972’. Deir Risteárd Ó Glaisne: ‘Corrdhuine ba bhreátha caint ná é’, agus é ag tagairt do shraith cainteanna a thug sé ar Raidió na Gaeltachta ar phéintéirí na hEorpa faoin teideal ‘Cumadh na Scuaibe’ (Raidió na Gaeltachta, 1982).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú