Ó LAOI, Áine [Uí Laoi] [Ní Ghallchóir] (1920-1994) Áine UÍ LAOI Áine Ní Ghallchóir 1920 1994 Dobhar Láir, Co. Dhún na nGall F Meánscoil Lughaidh, Muineachán Coláiste Mhuire, Sráid Chathal Brugha, Baile Átha Cliath amhránaí [B9] amhránaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Ó LAOI Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010 An Buachaill Bán Cló Iar-Chonnacht Eisithe ar Seoda sean-nóis as Tír Chonaill (1996).

I nDobhar Láir, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall, a rugadh an t-amhránaí aitheanta seo 18 Nollaig 1920. Feirmeoir beag ba ea a hathair, Eoghan Éamoinn Shíle Ó Gallchóir, a dhéanadh obair shéasúrach in Albain. Ba í Sailí Nic Cóil a máthair. Bhí cáil an léinn ar Eoghan agus ba é a léadh nuachtáin agus a scríobhadh litreacha oifigiúla do mhuintir na háite. Bhí naonúr sa teaghlach acu. Fuair sí scolaíocht go háitiúil, i gClochar Lughaidh, Muineachán, ina dhiaidh sin agus i gColáiste Mhuire, Sráid Chathal Brugha, Baile Átha Cliath. Bhí sí ag múineadh in áiteanna éagsúla: i gContae Lú, Co. an Chabháin, Cill Chainnigh agus i mBaile Átha Cliath. D’fhoghlaim sí a cuid amhrán i nDobhar Láir ó Shíle Mhicí Uí Ghallchóir go mór mhór; níor ghaolta iad. Ba í an duine deireanach í a bhuaigh an Bonn Óir, príomhdhuais an Oireachtais d’amhránaíocht ar an sean-nós anuas go dtí 1959, agus an bhliain dár gcionn ba í an chéad duine a bhuaigh Corn an Chomhlacht Oideachais (Corn Uí Riada anois). Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life uirthi i 1994 as a saothar don sean-nós. Thaifead sí cláir do Radio Éireann sa dá shraith Amhráin ar an Sean-Nós agus Amhránaithe ón Ghaeltacht. Is i gCartlann Raidió RTÉ atá an bailiúchán is cuimsithí dá cuid amhrán. Ghlac sí páirt i gcláir eile ar Radio Éireann—mar shampla in Fadhbhanna Gaeilge agus i sraith clár le Gordon Mac Gill-Fhinnein[q.v.] faoi amhráin na hÉireann agus na hAlban. D’fhoilsigh Gael Linn ceirnín dá cuid. D’éirigh sí as an amhránaíocht phoiblí i lár na 1960idí agus chuaigh le múinteoireacht eacnamaíocht bhaile go lánaimseartha. Bhí sí gníomhach mar mholtóir i gcomórtais amhránaíochta an Oireachtais go dtí deireadh a saoil. Phós sí Wilfrid Lee, arbh as Baile Shéamais Dhuibh, Co. An Chabháin, dó, 6 Deireadh Fómhair 1952 agus bhí triúr clainne orthu. I gCluain Sceach, Baile Átha Cliath, a bhí siad ag cur fúthu. D’éag sí 7 Samhain 1994. Tá sí curtha i Machaire Gathláin, Co. Dhún na nGall. Bhuaigh a deirfiúr Cití comórtas sean-nóis an Oireachtais freisin agus bhí cáil na hamhránaíochta ar a deartháir Hiudaí Beag, a d’ímir peil shinsireach le foireann an chontae agus le foireann Chúige Uladh.