Ó hÉIDEÁIN, Eustás Éamonn (1921-2001) Eustás Éamonn Ó hÉIDEÁIN 1921 2001 An Nás, Co. Chill Dara M Scoil na mBráithre Críostaí, Nás, Co. Chill Dara Coláiste na hOllscoile, Corcaigh sagart Caitliceach Rómhánach [B9] sagart Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí an sagart Doiminiceach seo ina Ollamh le hOideachas i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Sa Nás, Co. Chill Dara, a rugadh é 15 Deireadh Fómhair 1921. Ba é an ceathrú leanbh é ag William agus Maria Agnes Ó hÉideáin. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí sa Nás agus i gColáiste Ollscoile Chorcaí ina dhiaidh sin. Bhí an chéim DPhil aige agus ó 1956 go 1964 bhí sé ina léachtóir le fealsúnacht i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe. Scríobh sé National School Inspection in Ireland: The Beginnings, 1967. D’éag sé 7 Márta 2001.