Bhí sé ina Eagarthóir sa Ghúm. B’as Co. Mhaigh Eo dó agus d’aistrigh sé La Mujer del Herve le Gregorio Martinez Sierra (1881-1947) faoin teideal Bean an ghaiscidhigh, 1933 agus El centenario le Serafin Alvarez Quintero (1871-1938) mar Céad bliain d’aois, 1933. D'aistrigh sé freisin na drámaí Scaipin na gCleas, 1933 (Les Fourberies de Scapin le Molière) agus An Bheirt Aodhairí, 1933 (Los Pastores le G.M.Sierra). Gheofar tuairim de na drámaí a d’aistrigh sé don Taibhdhearc in Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail. Bhí sé pósta ar Molly Ní Bhrádagh—agus luadh An Cnoc Glas, Baile an Róba, sa bhfógra báis. D’éag sé ar 13 Eanáir 1983 agus tá sé curtha i reilig Chill Bharróg i mBaile Átha Cliath.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú