Ó hAIRTNÉIDE, Micheál [Michael Hartnett] (1941-1999) Micheál Ó hAIRTNÉIDE Michael Hartnett 1941 1999 Cromadh, Co. Luimnigh M Scoil Iósaf, An Caisleán Nua, Co. Luimnigh file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Mar le file Béarla agus Gaeilge in éineacht ní dóigh go raibh aon duine eile riamh a thabhaigh an oiread céanna clú. Mar aistritheoir dánta Gaeilge luaitear é in aon anáil le Frank O’Connor agus Thomas Kinsella. In Repossessions. . ., 1995 deir Seán Ó Tuama: ‘His poetry in Irish exudes an intimate lyric magic; indeed his poetic voice is more lucid, more natural perhaps, in his Irish poems than those in English.’ Tá gearrchuntas a mhic Niall ar fáil ar an idirlíon. Scríobh cairde leis—Nuala Ní Dhomhnaill, David Wheatley, Michael Smith, Michael Longley, Tony Curtis—na cuimhní a bhí acu air in uimhir speisialta de Metre, geimhreadh 2001-2; tá ann freisin an t-agallamh a chuir Dennis O’Driscoll air le haghaidh Poetry Ireland Review, Fómhar 1987. Tá aiste ina thaobh ag Risteárd Ó Glaisne in Comhar, Samhain 1980. I ndiaidh a bháis scríobh Liam Ó Muirthile ‘Bás an Fhile’ ina cholún ‘An Peann Coitianta’ san Irish Times. Gheofar gan amhras gearrchuntais ar a shaol agus a shaothar i leabhair thagartha. Craoladh an clár teilifíse Michael Hartnett: Necklace of Wrens tamall i ndiaidh a bháis.

San ospidéal i gCromadh, Co. Luimnigh, a rugadh é ar 18 Meán Fómhair 1941 agus dúirt sé le Dennis O’Driscoll: ‘I am the only “recognised” living poet who was born in Croom.’ Ach is sa Chaisleán Nua Thiar a bhí cónaí ar a thuismitheoirí, Denis Harnett, péintéir tí, agus Bridie Halpin, agus a d’fhás sé suas. Is trí bhotún sa teastas beireatais a bhí an ‘t’ istigh i lár an sloinne; is léir ar Eolaí an Teileafóin go bhfuil an dá leagan coitianta i Luimneach agus shíl sé an leagan ‘botúnach’ a bheith níos gaire don Ghaeilge. Ochtar leanaí a rugadh don lánúin ach níor mhair ach cúigear buachaillí agus cailín. Sóisialach ba ea a athair, é tugtha don léitheoireacht, agus bhí leabhair sa teach; bhí Micheál in ann léamh in aois ceithre bliana dó. I mBunscoil Shiúracha na Trócaire a bhí sé ar dtús agus ansin i meánscoil thuata Naomh Íde. Deir a mhac Niall gur chaith sé cuid dá óige ar altromas amuigh faoin tuaith i dteach a sheanmháthar i gCamas: ‘There he learned, by listening, to speak and understand the Gaelic language.’ Deir Ó Glaisne: ‘Cainteoirí dúchais Gaeilge ab ea a dhá sheanathair agus a dhá sheanmháthair. Duine dá sheanmháithreacha, bhí sí 96 bliana nuair a cailleadh í 1966.’ D’imigh sé go Sasana a luaithe a bhí an ardteistiméireacht déanta aige agus fuair obair mar ghiolla tae ar láithreán tógála i Londain ar dtús agus chleacht poist uirísle eile ina dhiaidh sin. Is i rith an ama seo a casadh Rosemary Grantley air agus pósadh iad i 1967.

Cheana féin bhí dánta i gcló aige i nuachtáin agus ba é an file Paul Durcan a dhírigh aird John Jordan, léachtóir le Béarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, air agus chuir seisean ar a chumas freastal ar an ollscoil ar feadh bliana chun staidéar a dhéanamh ar loighic agus ar fhealsúnacht. Deir Michael Smith gur chabhraigh an file James Liddy leis freisin; in éineacht le Liddy bhí sé ina chomheagarthóir ar an iris liteartha Arena. Chaith sé tamall ina choimeádaí in iarsmalann James Joyce sa Túr Martello i gCuas an Ghainimh. I 1964 d’imigh sé a fhoghlaim Spáinnise i Maidrid d’fhonn go bhféadfadh sé filíocht Lorca a aistriú. Faoi 1968 bhí sé ar ais i mBaile Átha Cliath, iníon aige, Lara, a rugadh an bhliain sin, cónaí ar an teaghlach in Marino, agus post buan státseirbhíse aige sa Mhalartán Teileafóin. Rugadh Niall i 1971. Dánta grá do Rosemary is ea a chéad chnuasach Anatomy of a Cliché, 1968; deirtear go raibh éifeacht ag laoithe cumainn na Gaeilge ar an saothar sin. Ba iad na leabhair a lean sin: The Hag of Beare, 1969; Selected Poems, 1970; Tao, 1971, leagan den Tao Te Ching a raibh sé ag obair air sa Túr Martello i 1963; Gipsy Ballads, 1973, leaganacha de dhánta Lorca. Chuir sé féin agus Desmond Egan an duanaire Choice, 1973 amach. Ag pointe éigin bhí sé ina eagarthóir filíochta ag an Irish Times.

Faoi 1974 bhí fonn air luí isteach ar dhánta Gaeilge a chumadh. Dúirt sé leis an Drisceolach gur le linn seisiúin léitheoireachta le Máirtín Ó Direáin[q.v.] in Amharclann na Péacóige a labhair sé go poiblí a chéaduair faoin mian seo. I bhfad roimhe sin, i 1961, scríobh sé féin agus Caitlín Maude[B1] an dráma An Lasair Choille; i dTaibhdhearc na Gaillimhe a léiríodh den chéad uair é 14-17 Meitheamh 1962. In A Farewell to English, 1975 a scríobh sé an cheathrú úd: ‘I have made my choice / and leave with little weeping: / I have come with meagre voice / to court the language of my people’. In éineacht leis sin go léir bhí eagla air timpeall an ama sin go dtabharfaí ardú céime dó sa Mhalartán Teileafóin agus d’aistrigh an teaghlach go gabháltas beag i gceantar sléibhe i dTeampall an Ghleanntáin tuairim cúig mhíle ón gCaisleán Nua Thiar. Ba chabhair chuige sin gur bhuaigh sé an Duais Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach agus Sparánacht na Comhairle Ealaíon i 1975. Cé nár thréig sé an Béarla amach is amach is í an Ghaeilge is mó a bhí á saothrú aige go ceann breis is deich mbliana. Saibhriú saoil aige faoin tuaith ba ea an dúlra. Is iad na leabhair a chuir sé amach i rith na tréimhse sin: Cúlú Íde / The Retreat of Ita Cagney, 1975; Adharca Broic, 1978; An Phurgóid, 1983; Do Nuala: Foidhne Chrainn, 1984; An Lia Nocht, 1985. Deir Nuala Ní Dhomhnaill go raibh scríbhneoirí Béarla ábhairín ciniciúil nó searbhasach féin faoin athrú treo agus nár chuir muintir na Gaeilge ach fáilte fhuarbhruite roimhe (‘he also found the welcome of the Gaeilgeoir somewhat less forthcoming than he might have expected’).

Níorbh ann d’Aosdána go 1983 agus, cé go dtugadh Micheál léachtanna i gColáiste Thuamhumhan, Luimneach, ar feadh tamaill, b’éigean dá bhean dul ag obair agus é a fhágáil i bhfeighil na leanaí. Ní raibh sé furasta a bheith in aontíos leis: ‘Ar a ceathair a chlog ar maidin, nuair atá formhór na ndaoine ina suan, b’fhéidir gurb amhlaidh a theastaíonn uaidhsean a bheith ag éisteacht le ceol Bach’ (Ó Glaisne). Bhí sé ag éirí róthugtha don ól. Theip ar an bpósadh agus, b’fhéidir a rá, ar an turgnamh teanga. D’aistrigh sé go hInse Chór, Baile Átha Cliath, agus breathnaíodh ar fhoilsiú Inchicore Haiku, 1985 mar chomhartha go raibh fillte aige ar an mBéarla. Toradh ar thréimhse na Gaeilge is ea na haistriúcháin a rinne sé ar fhilí móra an 17ú haois: Ó Bruadair: Selected Poems of Dáibhí Ó Bruadair, 1985; Haicéad, 1993; Ó Rathaille: The Poems of Aodhagán Ó Rathaille, 1999. Aistriúchán ar dhán Ungáirise le Ferenc Juhász is ea An Damh-Mhac, 1987. Cuireann Seán Lysaght béim ar thábhacht na Gaeilge ina shaol fileata in Poetry Ireland Review 16, 2000 (‘Michael Hartnett: An Appreciation’). Agus ní hé gur thréig sé an Ghaeilge. Saothair aistriúcháin níos deireanaí is ea: Dánta Naomh Eoin na Croise, 1991; The Poems of Nuala Ní Dhomhnaill, 1986. Bailiúchán dátheangach is ea: A Necklace of Wrens: selected poems in Irish with English translations by the author, 1987. Bhuaigh sé Duais na Comhairle Ealaíon don leabhar ab fhearr i nGaeilge i 1986. Bhuail taom tromchúiseach é le linn Sheachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail agus níor éirigh leis teacht chuige féin ina dhiaidh. D’éag sé 13 Deireadh Fómhair 1999. Deir a mhac: ‘The years of drinking, for a man so fragile, caught up with him and he died on October 13th, 1999 from Alcoholic Liver Syndrome.’ Tá sé curtha i Reilig Chalvaire sa Chaisleán Nua Thiar. In Irish Times 14 Deireadh Fómhair luadh i measc a mhuintire a pháirtnéir Angela Liston. Foilsíodh A Book of Strays, 2000; Collected Poems, 2001 agus fógraíodh go bhfoilseofaí i rith 2003 Collected Translations ina mbeidh gach saothar ón Tao agus ó Lorca go dtí na haistriúcháin ar na filí Gaeilge.