Ó GUAILLÍ, Éamon (1912-1983) Éamon Ó GUAILLÍ 1912 1983 Corcaigh M Scoil na mBráithre Críostaí, An Mhainistir Thuaidh, Corcaigh Coláiste na hOllscoile, Corcaigh stiúrthóir ealaíonta léiritheoir drámaí múinteoir drámadóir aisteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Scríobh an t-aisteoir seo drámaí i nGaeilge agus roghnaigh Séamas Ó Céileachair[q.v.] péire dán dá dhéantús in Nua-Fhilí (1942-1952), 1956. Bhuaigh a dhán ‘Cé hé an file?’ an chéad duais i gcomórtas anOireachtais i 1942. In Fallaing Aonghusa, 2002 tugann Tomás Mac Anna ‘príomhaisteoir’ fhoireann sheasta Amharclann na Mainistreach air. Tá gearrchuntais air in Inniu 1 Lúnasa 1952 agus 24 Iúil 1953 agus is leis a bhaineann ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 26 Meán Fómhair 1959. I gCorcaigh a rugadh é 17 Feabhra 1912. Corcaíoch a mháthair Mary Pyne agus mhaíodh sé gur chainteoir dúchais Gaeilge agus Protastúnach a hathairsean; síltear gurbh as Port Láirge dó. Aisteoir freisin ba ea a dheartháir Seathrún Ó Góilidhe (chun iad a dhealú ó chéile is d’aon ghnó an litriú a bheith difriúil acu) a rugadh san Astráil. I mBaile Átha Cliath a rugadh a n-athair Tomás ach chuaigh a mhuintir chun cónaithe i gCorcaigh agus bhí sé ar scoil sa Mhainistir Thuaidh. Chaith an teaghlach tamall san Astráil agus is in Sydney a chuaigh Éamon ar stáitse den chéad uair in aois sé bliana dó. Adhlacadh an t-athair an lá céanna a rugadh Seathrún agus thug an mháthair a beirt mhac agus a hiníon Mairéad abhaile léi go Corcaigh; bhí Éamon naoi mbliana d’aois ag an am agus gan focal Gaeilge aige.

Is i scoileanna na mBráithre Críostaí sa Mhainistir Thuaidh a cuireadh oideachas air. Dúirt sé i gclár raidió uair: ‘Chuas féin ar scoil go dtí an lofta ... agus d’fhanas ann ar feadh na mblianta’ (i gcló in Aeriris, 1976 in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa); is é is ciall don ‘lofta’ an Chríoch-Scoil (‘The Loft’) a bhí ar siúl ó 1926 amach ag an Athair Séamus Ó Floinn[B1] i seomra os cionn monarcha milseán i Sráid Mulgrave. Phós an mháthair arís agus nuair a chaill an leasathair a phost b’éigean d’Éamon an teaghlach a chothú agus cúpla bliain a chaitheamh i monarcha Ford mar oibritheoir ardluais cruaí. Bhí an mheánteistiméireacht déanta aige agus d’fhill sé ar scoil in aois 17 mbliain dó. Nuair a thosaigh sé ar chúrsa BA i gColáiste Ollscoile Chorcaí d’fhostaigh an Mhainistir Thuaidh mar mhúinteoir é agus bhí sé in ann teacht i dtír san ollscoil ar cibé pá a bhí le fáil aige. Deirtear (‘An Mhuintir s’againne’) gurbh é an chéad duine é a fuair céim BA sa stair trí Ghaeilge. Béarla (faoi Dhomhnall Ó Corcora[B5]) agus Spáinnis an dá ábhar eile aige. Rinne sé céim mháistir ina dhiaidh sin. Bhí Niall Tóibín ar dhuine dá dhaltaí sa Mhainistir Thuaidh agus in Smile and be a villain!, 1995 molann sé an chaoi a raibh sé in ann spéis an ranga a mhúscailt sa stair agus sa Laidin. Ach ba mhó a dhúil san aisteoireacht. Léirigh sé drámaí Gaeilge i Scoil an Cheoil i gCorcaigh.

Chaith sé tamaill le compántas taistil Cecil Ford agus Sheila Carty i Sasana agus bhí fostaithe in amharclann Hampstead. Bhí sé rannpháirteach le Siobhán Nic Cionnaith[q.v.] san amharclann Embassy in The white steed le Paul Vincent Carroll i rith an ama sin. Sa nóta beathaisnéise in Nua-fhilí deir Séamas Ó Céileachair: ‘Ag obair ar an stáitse i Londain, i nGlaschú, i gCambridge agus in Eastbourne.’ Phós sé Elda Ní Shúilleabháin, Corcaíoch a rugadh in Montreal, agus bhí iníon agus beirt mhac acu. Timpeall an ama sin ghlac sé leis an deis chun dul in éineacht le trúpa aisteoirí Hilton Edwards go Nua-Eabhrac agus Ottawa; bhí ról aige in Broadway sa dráma le Shaw, Heartbreak House, agus thairg Hollywood conradh dó ach roghnaigh sé a pháistí a thógáil in Éirinn. Bhí sé tamall in Amharclann an Gheata sular fostaíodh go lánaimseartha é sa Mhainistir; d’fheidhmíodh sé mar léiritheoir freisin ansiúd agus is iomaí sin dráma Gaeilge a léirigh sé sa Phéacóg. Dhealródh gurbh é an chéad dráma a raibh ról aige ann sa MhainistirNa cloigíní, aistriúchán le Maighréad Nic Mhaicín[B4] ar Le juif Polonais le Erckmann-Chatrian, ar 11 Deireadh Fómhair 1948 (Ireland’s Abbey Theatre 1899-1951, 1951 le Lennox Robinson). ‘Eamon Guaillí’ an leagan dá ainm Gaeilge a d’úsáideadh sé i dtús báire.

Ba é a dhráma Áis na nDéithe an bundráma Gaeilge deiridh dár léiríodh i seanfhoirgneamh na Mainistreach agus ba é a labhair an líne dheiridh sa dráma The plough and the stars, an líne díreach sula dtosaíonn na saighdiúirí ag crochadh suas ‘Keep the home fires burning’, an oíche ar loisceadh an foirgneamh go talamh 18 Iúil 1951. D’aistrigh sé The taming of the shrew go Gaeilge faoin teideal Suirí le Cáitríona agus rinne é a shuíomh in Éirinn an 20ú haois; léiríodh in Amharclann Damer é 3-8 Meitheamh 1957 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail). Léiríodh a leagan Gaeilge féin dá dhráma The walls talk faoin teideal Labhrann na fallaí in Amharclann Damer 18-23 Samhain 1957 (idem). Léirigh An Comhar Drámaíochta dráma trí ghníomh leis, Ceithre géaga glasa, sa Phéacóg 25-29 Márta 1941; dúirt Gearóid Ó Lochlainn[B3] go mb’fhéidir ‘gurbh é sin an bundráma Gaeilge is fearr dár scríobhadh fós’ (Inniu 1952). Ba é an príomhchainteoir é ar chúrsaí urlabhraíochta, aisteoireachta agus léiritheoireachta ag na cúrsaí drámaíochta a reáchtáil Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath i 1953 agus 1954. Chaith sé 1959-69 ina uachtarán ar Chomhar Aisteoirí Éireann nó Equity. Bhí moltóireacht á déanamh aige ar chomórtais an Chumainn Scoildrámaíochta 1952-55. Bhí sé ina Stiúrthóir Ealaíonta ag amharclann an Lyric i mBéal Feirste 1976-76 agus an post céanna aige sa chompántas taistil The Irish Theatre Company 1977-78. Bhí clár raidió Chuntais Choigiltis Oifig an Phoist, a chuireadh sé i láthair gach seachtain, ar cheann de na cláir urraithe ba mharthanaí dá raibh ar raidió RTÉ.

Maidir le scannáin, bhí deis aige páirt a ghlacadh sa scannán The halfway house ach diúltaíodh visa dó; bhí sé tamall gairid roimh D-Day. I measc na scannán a raibh páirt aige iontu tá: I see a dark stranger (1946); Captain Boycott (1947) mar a raibh de chúram air blas na hÉireann a chur ar chaint Stewart Grainger; A terrible beauty (1960); Ulysses (1967); Black beauty (1971); A portrait of the artist (1979). D’éag sé 28 Márta 1983. Fuair a dheartháir Seathrún bás 16 Deireadh Fómhair 1996.