Ó FEARGHAIL, Aodh (1916-1997) Aodh Ó FEARGHAIL 1916 1997 Baile Átha Cliath M Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge, Baile Átha Cliath Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath eagarthóir múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Is é a mhéid agus a dhoimhneacht a bhí spéis aige sna healaíona go léir idir cheol, litríocht, dhrámaíocht, na healaíona físeacha . . ., agus an t-eolas agus an taithí a bhí aige orthu, is mó a chuaigh i gcion ar iriseoirí agus ar a chomhghleacaithe i gConradh na Gaeilge; níl rud is fearr mar léiriú air sin ná na téarmaí a chaith sé ina eagarthóir ar An Glór agus Feasta. Tá cuntais air: ag Cathal Ó Feinneadha, a bhí ina uachtarán ar an gConradh 1965-68, in Feasta, Samhain 1997; ag Muiris Mac Conghail agus Mícheál Ó hUanacháin in Irish Times 12 Samhain 1997; ag Micheál Mac Aonghusa in Feasta, Márta 1998. I mBaile Átha Cliath a rugadh é 29 Feabhra 1916. Ba iad Patrick Farrell, tiománaí veain, agus Esther Farren a thuismitheoirí agus bhí cónaí orthu ag 47 Sráid Chaoimhín Íochtarach sular aistrigh siad go dtí an Cuarbhóthar Theas nuair a bhí Aodh sna déaga. Bhí triúr deirfiúracha aige. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Synge agus cháiligh mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Fuair sé buanphost i Scoil Eoin Baiste, an Charraig Dhubh, in Eanáir 1937 agus bhí ina dhiaidh sin i gCrois Araild (1938-50), i mBaile an Mhuilinn (1950-65), sa Chúlóg (1965-72) agus i Scoil Haróid i nDeilginis (1972-77). D’éirigh sé as an múinteoireacht i 1977 i ngeall ar dhrochshláinte.

Bhí sé bainteach le Conradh na Gaeilge ar bhealaí éagsúla, é ina rúnaí ar Chraobh Liam Bulfin, ina bhall de Choiste Chathair Átha Cliath, ar an gCoiste Gnó 1951-62 agus ina Thánaiste faoi dhó, ina bhall de Choiste an Oireachtais agus den gCoiste Ealaíne. Bhí sé ina rúnaí oinigh ar Choimisiún na Rincí Gaelacha 1943-61; tá sé tugtha suas dó gurbh é a d’fhorbair an eagraíocht sin i gcaoi gurbh eagras mór idirnáisiúnta ar ball é. Ceapadh ina eagarthóir ar An Glór é i dtús 1944.

Bhí sé ina eagarthóir ar Feasta 1966-1972; roimhe sin bhí sé ar an gcoiste eagarthóireachta agus ina fho-eagarthóir faoi Eoghan Ó Tuairisc[B5], fear a raibh sé an-chairdiúil leis (Eoghan Ó Tuairisc: Beatha agus Saothar, 1988 le Máirín Nic Eoin). Deir Ó Feinneadha: ‘Ní raibh a shárú ann mar eagarthóir, agus má bhí locht air, ba é sin go raibh sé chomh tugtha don chríochnúlacht gur shleamhnaigh spriocdhátaí thairis ar uairibh.’ Deir sé go raibh eolas leathan aige ar an gcaighdeán oifigiúil. Deir Mícheál Mac Aonghusa: ‘Ba é a mhúin na comharthaí clódóra dom an chéad lá, agus a thug mé céim ar chéim tríd an iliomad tascanna a bhaineann le foilsiú irise . . .. Bhíodh sé ar a sháimhín suilt nuair a bhíodh sé ag plé scríbhneoirí agus cúrsaí litríochta. Cheil an bealach muinteartha a labhraíodh sé an léann a bhí sa duine agus a mhóreolas ar an litríocht . . . shaibhrigh sé mo shaol. Ba é m’athair baiste san iriseoireacht é.’ Is é a deir Mac Conghail agus Ó hUanacháin: ‘Chruthaigh sé ina eagarthóir stuama tíosach a chloígh leis na hardchaighdeáin ghairmiúlachta agus smaointeachais a bhí buailte ar an iris roimhe ag Seosamh Ó Duibhginn[q.v.] agus ag Ó Tuairisc fá seach. Bhain sé le traidisiún an eagarthóra ná scríobhfadh ach a chuirfeadh gach aon eile ag scríobh dó. An uair, ámh, a bhraith sé easnamh ar an iris, mar a bhraith i gcás an cheoil de, chuir sé Charles Acton an Irish Times ag soláthar ábhair dó i mBéarla, agus dhein sé féin athleagan Gaeilge a chur ar fáil de. Dhein sé cúram ar leith de na healaíona físeacha, agus ba mhinic grianghrafanna de shaothar ealaíontóirí óga i gcló aige i Feasta.’ Bhí cuid mhór de Mhór-roinn na hEorpa siúlta aige. Bhí sé pósta ar Eibhlín Ní Chonchubhair (d’éag 1962), múinteoir agus moltóir rince, agus phós sé Caitlín Nic Mhurchú (McMorrow), meánmhúinteoir, i 1965. D’éag sé 7 Deireadh Fómhair 1997.