Ó DOMHNAILL, Neilí [Uí Dh.] (1907-1984) Neilí NÍ DHOMHNAILL Neilí Uí Dhónaill Neilí Mhicí Hiúdaí 1907 1984 Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall F amhránaí [B9] amhránaí Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Ó DOMHNAILL Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí stór mór amhrán ag Neilí Mhicí Hiúdaí mar a b’fhearr aithne ag a cairde uirthi agus tá cuntas iarbháis in Ceol VII, uimhreacha 1 agus 2, 1984 ag Cathal Goan, atá pósta ar iníon dearthár di, Maighread Ní Dhomhnaill; tá iontráil nach bhfuil ainm leis in The companion to Irish traditional music (1999) in eagar ag Fintan Vallely. I Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall, a rugadh í 29 Meán Fómhair 1907. Ba í an dara duine í den ochtar a rugadh do Mhicí Ó Domhnaill agus Maggie Ní Dhuibheannaigh (Maggie Chonaill). Bhí sí síolraithe ó Shéamas Ó Domhnaill, duine de na filí i dtús an 19ú haois a bhfuil cuntas ag Seosamh Mac Grianna [q.v.] orthu in Filí gan iomrádh (1926). Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1911: Mick O’Donnell (34), feirmeoir a raibh idir Ghaeilge agus Bhéarla aige. Bhí Béarla agus Gaeilge ag a bhean Maggie (29) freisin. Bhí an triúr páistí a rugadh dóibh beo agus ní raibh acu ach Gaeilge: Bridget (6); Ellen (5) agus Susan (3). Sa teach leo freisin bhí bean singil a bhí gaolmhar leo, Mary McFadden (74), ar Ghaeilge amháin a bhí aici.

Tuairimíonn Goan gur de dheasca radharc na súl gan a bheith go maith aici go dtéadh sí i dtreo na seandaoine agus gur fhoghlaim sí a oiread sin amhrán ar an gcuma sin; óna máthair agus ó aintín a máthar a fuair sí a bhformhór. ‘Sa bhliain 1974, faoi scéim a bhí eagraithe ag Breandán Breathnach [q.v.] sa Rannóg Cheoil Tuaithe, tháinig mac dearthára do Neilí, Mícheál Ó Domhnaill, go Rann na Feirste ag bailiú amhrán agus taobh istigh d’achar an-ghearr, bhailigh sé 159 amhrán idir Bhéarla agus Ghaeilge ó Neilí.’ Agus cuireann Goan leis an méid sin go raibh saibhreas ollmhór seanchais aici. Tá an bailiúchán amhrán i Roinn Bhéaloideas Éireann sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Ar nós a sinsir, an file sin gan iomrá, chumadh sí amhráin; bhí cuid acu sách maith chun duaiseanna Raidió na Gaeltachta a bhuachan agus luaitear go háirithe ‘Aoibhneas na Maidine’ agus ‘Aisling an Deoraí’. Tuairim 1954 chaill sí radharc na súl ar fad. D’éag sí san ospidéal réigiúnda i Leitir Ceanainn 5 Lúnasa 1984. Tá a guth le cloisteáil sa taifead Ireland / Irlande (audivis, UNESCO D 8271). Deirtear i leabhar mór Vallely: ‘Her nieces Tríona and Mairéad [Ní Dhomhnaill] and nephew Mícheál learned many of her songs, performing them solo and with such groups as Skara Brae, the Bothy Band and Touchstone.’