Sa Choill Ghlas i gceantar Bhaile Mhistéala a rugadh é 25 Aibreán 1927, dar leis an taifead beireatais. I bparóiste Choill Bheithne agus i gContae Luimnigh atá an baile fearainn sin. Mhínigh sé do Risteárd Ó Glaisne (Inniu 23 Meitheamh 1972) gurbh as an áit sin dá mháthair Elizabeth Moore ach nárbh ann a bhí cónaí ar a thuismitheoirí ag am na breithe. Bhí a athair Edward Duane, fear Custaim is Máil, lonnaithe i dTrá Mhór, Co. Phort Láirge, ag an am (an taifead beireatais). Christopher Archibald a baisteadh air agus Archie a thugtaí air ina óige; Odhrán a ainm crábhaidh. Cuireadh bunscolaíocht agus meánoideachas air i Scoil Chnoc Síon, Port Láirge. Chuaigh sé isteach san Ord Froinsiasach i gCill Airne. Bhí an teaghlach aistrithe go cathair Luimnigh um an dtaca seo. Bhí sé ina mhac léinn Gaeilge agus Laidine i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe mar ar bhuaigh sé scoláireacht Theach an Ard-Mhéara i 1948. An Ghaeilge an t-ábhar a bhí aige dá chéim mháistir. Rinne sé staidéar san Ollscoil Ghréagóireach agus i gColáiste Idirnáisiúnta an Antonianum sa Róimh fad a bhí cónaí air i gColáiste San Isadóir sa chathair sin. Oirníodh sa Róimh é i 1953. Tar éis tréimhsí i Luimneach agus i Lováin bhí sé ag teagasc i gColáiste Mhuilte Farannáin (1954-56), agus, nuair a dúnadh an mheánscoil i Muilte Farannáin, is i mBaile Mhic Gormáin a bhí sé, é ina Dhéan Disciplín ann agus Gaeilge, Béarla agus Iodáilis á múineadh aige. Léiríodh sé drámaí i rith an achair sin agus bhuaigh duaiseanna i nDún Dealgan, san Uaimh agus i mBaile Átha Luain; d’aistrigh sé go Gaeilge drámaí le Pádraig Mac Piarais agus Michael Redgrave. Ar feadh trí bliana bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhar na Meánmhúinteoirí. Chaith sé téarma in aghaidh na bliana i 1967 agus i 1968 ag múineadh Laidine in Wilson’s Hospital, scoil Phrotastúnach, in aice le Muilte Farannáin. Bhí sé ina leasreachtaire i gcoláiste talmhaíochta na bhFroinsiasach i Muilte Farannáin i 1966 agus ina reachtaire 1969-72. Ba é definitor na cúige é 1969-78. Bhí sé ina Stiúrthóir Múnlaithe i gColáiste Antoine, Gaillimh, 1972-78. Nuair a rinneadh atheagrú i 1974 ar chúrsaí taighde i nDún Mhuire, Cill Iníon Léinín, ba é Odhrán a ceapadh ina Stiúrthóir ar an Institiúid nua agus bhí sé ina ghairdian ann i 1978. Bhí an dá phost sin aige go 1984 nuair a aistríodh é go Ros Neamhlach, Co. Dhún na nGall, mar bhiocáire.

Is leabhair a scríobh sé ar théamaí cráifeacha iad seo: Froinsias, 1965; Duitse na soiscéil, 1959; Páis an Tiarna, 1976; An Eaglais Óg, 1980; Turas na Croise: A Stair, 1986. Beathaisnéis Mhaoilre Mhic Craith (c.1593-1622) is ea Rógaire Easpaig, 1975. Leabhar critice is ea Meas na Filíochta, 1968. Dhéanadh sé léirmheastóireacht ar leabhair in Inniu. Deir Pól Ó Súilleabháin in iris chlóscríofa na bhFroinsiasach: ‘Sara dtáinig sé isteach san Ord i 1944 bhí cumas breá Gaeilge aige, agus chuir sé an dlaoi mhullaigh air sin i gColáiste na Gaillimhe. Prós glan féitheogach a scríobhadh sé, gan débhríocht gan chiotachas’. Ag tagairt dá leabhar Froinsias deir sé: ‘Le linn dó bheith ina mhac léinn i gCapranica a scríobh sé Froinsias, agus dá chomhartha sin is leabhar fir óig é, é lán den fhuinneamh, agus solas na hIodáile ag drithliú tríd.’ D’éag sé 8 Deireadh Fómhair 1987 agus cuireadh é i mBaile Mhic Gormáin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú