Ó DORCHAÍ, Proinsias [Ní Dhorchaí] (1943–1994) Proinsias NÍ DHORCHAÍ Proinsias Bean Harris 1943 1994 Cúige na Sí, Co. Mhaigh Eo F Scoil Náisiúnta Naomh Seosamh, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath Ardscoil Dhumhach Thrá, Baile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath scríbhneoir ceoltóir léachtóir eagarthóir múinteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Ó DORCHAÍ Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Tá cuntas uirthi ag Máire Uí Mhaicín in Comhar, Meán Fómhair 1994. I gCúige na Sí, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, a rugadh í 30 Meitheamh 1943. Ba é Patrick Darcy, pluiméir, fear a throid i gCogadh Cathartha na Spáinne, a hathair agus ba í Kitty Golden a máthair. Ba í an dara duine í de chúigear cailíní agus beirt bhuachaillí. I mBaile Átha Cliath a tógadh í agus d’fhreastail sí ar Scoil Náisiúnta Naomh Seosamh, Dún Laoghaire, sula ndeachaigh sí go hArdscoil Dhumhach Thrá; i rith an ama bhí sí ag foghlaim an phianó i Scoil Cheoil na Cathrach. Go luath ina saol bhí sí ina ball den Réalt i nDún Laoghaire agus ba bheag samhradh nach raibh sí ag foghlaim Gaeilge sa choláiste samhraidh ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe, nó le linn di a bheith ar saoire sa cheantar sin. Bhain sí BA amach sa Ghaeilge agus sa Laidin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1964 agus ghnóthaigh céim mháistir i 1968. Chaith sí ó 1965 go 1968 ag múineadh i gColáiste Chualann, Dún Laoghaire, meánscoil bheag lán-Ghaelach do chailíní. I Scoil Chaitríona, Sráid Eccles, Baile Átha Cliath, a bhí sí ag obair ó 1968 go 1971 agus ó 1971 go 1974 bhí sí i Scoil Chuimsitheach Cholm Cille, na Gleannta, Co. Dhún na nGall. Chaith sí trí bliana ina dhiaidh sin ina heagarthóir cúnta i mBrainse na bhFoilseachán sa Roinn Oideachais. Ó 1977 amach bhí sí ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste Dhún Chéirí. D’eagraíodh sí ceardlanna scríbhneoireachta agus d’fhostaíodh scríbhneoirí aitheanta Gaeilge chun iad a stiúradh. Deir Uí Mhaicín: ‘I dtús na n-ochtóidí chinn sí ar an Ghearmáinis a fhoghlaim chun í féin a chur in áit an fhoghlaimeora agus chun leathnú a dhéanamh ar na modhanna teagaisc a raibh taithí aici orthu go nuige sin. Tar éis samhradh a chaitheamh sa Ghearmáin ag cur slachta ar a cuid Gearmáinise tháinig sí ar ais chugainn i Roinn na Gaeilge lán de thuairimí nua díograiseacha a raibh fonn uirthi a thriail orainne agus ar ár gcuid grúpaí teagaisc.’ In Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, 2000 tugann Liam Mac Con Iomaire as dialann scríbhneora Tim Robinson sliocht i dtaobh cúrsa iriseoireachta sa Cheathrú Rua i bhfómhar 1978: ‘The course ended with a workshop .... The best was Proinsias Ní Dhorchaí’s demystification of Irish grammar, an electrifying performance ...’. Cuireann Mac Con Iomaire féin leis an méid sin: ‘Bhí sé den ádh orm a bheith i láthair in oifigí Bhord na Gaeilge oíche amháin a raibh sí ag taispeáint do ghrúpa múinteoirí an chaoi le Gaeilge chomhráiteach a mhúineadh do dhaoine fásta. Ní fhaca mé a sárú, roimhe ná ó shin, agus aontaím go hiomlán le Tim Robinson gur electrifying performance a bhí ann. Bean uasal a bhí inti sa gciall is uaisle den fhocal uasal, a raibh a hacmhainn grinn ar aon dul lena meabhair cinn agus lena croí mór.’

I gcomhpháirt le Rhóda Uí Chonaire bhí sí ina heagarthóir ar Comhar ó Eanáir 1976 go Eanáir 1977. Bhí sí féin ina heagarthóir ar an iris as sin go Márta 1979. Deirtear in eagarfhocal na hirise sin, Meán Fómhair 1994: ‘Chuir sí chun na hoibre le fuinneamh agus le samhlaíocht agus ba chaibidil éachtach i stair fhorbairt Comhar a tréimhse sise sa “suíochán te”.’ Catalógú a rinne sí ar amhráin Ghaeilge oirthear na Gaillimhe i mbailiúchán Choimisiún Béaloideasa Éireann is ea Clár Amhrán an Achréidh, 1974; a tráchtas máistir atá ann go bunúsach agus chiallaigh an saothar sin gur scrúdaigh sí lámhscríbhinní an Choimisiúin leathanach ar leathanach chun na hamhráin ó oirthear na Gaillimhe a aimsiú, agus go ndearna sí na hamhráin a scagadh agus a chlárú agus a aicmiú de réir téama. Bhí baint aici le heagarthóireacht Poems and a Play in Irish, 1981 le Breandán Ó Beacháin [B5] agus Adharca Broic, 1978 le Micheál Ó hAirtnéide [q.v.]. Bhí sí ina comheagarthóir ar INNTI 4 agus INNTI 5. D’aistrigh sí go Gaeilge leabhair do pháistí óga: Ainmhithe Óga, 1987; Cad a ithimid?, 1987; Is mise do chara, 1987; bunleabhar do pháistí is ea Mise agus Mamaí, 1987. Bhí léirmheasanna agus aistí aici in Comhar, Feasta, Callahan’s Irish Quarterly (Berkley, California), An Comhar (iris Chomhar na Múinteoirí Gaeilge); Studia Hibernica…. Chuir sí eagar ar Scáthán na Beatha, 1975 agus 1976, díolaimí filíochta na meánteistiméireachta a d’fhoilsigh Ó Fallúin. Bhí an chaibidil ‘Gaelic Ripples… the Growth of Cultural Awareness’ aici in Victorian Dublin, 1980 in eagar ag Tom Kennedy.

Ceoltóir aitheanta ba ea í: ‘Ba cheoltóir tallanach cumasach í féin, agus beidh cuimhne i gcónaí ag a cairde ar an gcaoi a gcuireadh sí faoi dhraíocht muid ag na foinn a sheinneadh sí ar an bhfeadóg mhór agus ar an bhfeadóg stáin.’ Dhéanadh sí moltóireacht ag Fleánna Ceoil, ag Slógadh agus i gcomórtais liteartha an Oireachtais. Bhí sí ina ball de chumainn éagsúla Ghaeilge agus cheoil agus de Amnesty International agus Irish Council for Civil Liberties. Bhí sí pósta ar Christy Harris, pluiméir ar nós a hathar, agus bhí cónaí orthu i mBré, Co. Chill Mhantáin. D’éag sí 16 Iúil 1994 agus tá sí curtha i Reilig Springfield, Bré.