Ó CÉIRÍN, Cyril (1934–1999) Cyril Ó CÉIRÍN 1934 1999 Baile Átha Cliath M An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath mianadóir file múinteoir scríbhneoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Is mar seo a chuirtear síos air in Eolaire Chló Iar-Chonnachta, 1998, in eagar ag Gearóidín Uí Nia: ‘Gearrscéalaí, file, beathaisnéisí, taighdeoir, béaloideasóir, eagarthóir, aistritheoir, staraí agus ealaíontóir’. Is lena fhilíocht, lena leabhair agus a aistriúcháin, agus lena shaothar péintéireachta a bhaineann New Series: Departures 4, 2000 in eagar ag John Doorty; tá sa bhfoilseachán sin cuntas gairid John Doorty ar a bheatha, rogha dá dhánta, maille le haistriúcháin Bhéarla, agus dánta ina ómós a scríobh Michael Davitt, Micheál Ó hAirtnéide[q.v.], Nuala Ní Dhomhnaill, Liam Ó Muirthile, Pádraig Ó Fiannachta, Gabriel Rosenstock, Cathal Ó Searcaigh, Seán Ó Donnchú. Ní ón ghaoth a fuair sé féith na n-ealaíona. Bean a raibh clú na lásadóireachta agus an deartha uirthi a mháthair Eileen O’Donoghue. B’as Luimneach di agus tá cuntas uirthi in Irish Arts Review Yearbook 15, 1999 (‘Two forgotten talents of Limerick Lace: Michael Hayes and Eileen O’Donoghue’ le Veronica Rowe): ‘She was a lace-maker, a designer and manager at the Limerick Lace School. She attended summer courses at the Metropolitan School of Art in Dublin and her designs won several first prizes at RDS. The school was beginning to fail in 1919—it closed in 1923—and she took up a post as assistant manager and bookkeeper in a large hosiery factory in Cork. There she met Thomas Kerin.’

I mBaile Átha Cliath a rugadh é 9 Feabhra 1934. Oifigeach bainc, arbh as Lios Dúin Bhearna dó, Thomas Kerin. Bhí beirt deartháireacha ag Cyril agus beirt deirfiúracha. I mbailte anseo is ansiúd a bhí cónaí ar an teaghlach—Fionntamhnach agus Caisleán na Deirge i dTír Eoghain, Ard Mhacha, Sligeach. Le linn dó a bheith ag staidéar ar an ailtireacht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, roghnaíodh é ar fhoireann dornálaíochta na hollscoile. Ach in áit leanúint air sa chúrsa ailtireachta is amhlaidh a chuaigh sé go Sasana chun obair náibhíochta a dhéanamh. As sin chuaigh sé go dtí an Afraic Theas gur chaith an tréimhse 1956–61 ag obair mar mhianadóir; sa tír sin a thosaigh sé ag scríobh agus ag saoririseoireacht agus a casadh a bhean, Kit Foley, banaltra as Éirinn, air. Ar ais in Éirinn dóibh bhí sé fostaithe mar mhianadóir in Abhóca, Co. Chill Mhantáin, sular fhill sé ar an gColáiste Ollscoile chun céim a dhéanamh sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus sa stair. Bhí Fraincis agus Spáinnis go líofa aige. Phós sé Kit i 1965 agus bhí beirt mhac acu. Chaith sé fiche bliain leis an meánmhúinteoireacht i gColáiste Mhungairit agus i gClochar na Toirbhirte i Luimneach. Ba é, i gcomhar leis an Athair Micheál Liston, a chuir tús le Cúirt Éigse na Máighe, cumann liteartha, agus a chuir eagar ar a gcnuasach, Breith, 1974. Tá duaiseanna a bhuaigh sé liostaithe in Eolaí Chló Iar-Chonnachta: ‘An chéad áit i gComórtas Fhéile na Máighe 1975, An tOireachtas 1977 ar dhán fada, An tOireachtas 1980 ar aistriúchán, Listowel Writers’ Week, an dara háit, Duais Bhord na Gaeilge 1981, An tOireachtas 1983 ar dhán, Nora Fahy Awards/ New Series Departures 1997’. D’fhoilsítí a dhéantús filíochta in The Poetry Ireland Review, Feasta, Innti, Comhar. . . .; roghnaigh Eoghan Ó Tuairisc[B5] agus Séamas Ó Céileachair[q.v.] dánta leis ina ndíolaimí. In éineacht le Micheál Ó hAirtnéide thug sé camchuairt na hAlban ag léamh a dhánta.

Bhí spéis ar leith aige san Athair Peadar Ó Laoghaire[B2] agus d’aistrigh Mo Scéal Féin (My Story, 1970) agus Séadna, 1989. Is le saothar Uí Laoghaire a bhaineann An tOilithreach Gaelach, 1973. Is é Le hAer’s le Fuacht, 1986 a aonchnuasach dánta. Leagan Nua-Ghaeilge de sheantéacs is ea Saltair Mhuire, 1989. I gcomhpháirt le Kit scríobh sé Wild and Free, 1978, leabhar i dtaobh na timpeallachta, agus Women of Ireland: A Biographic Dictionary, 1996. D’éirigh sé as an múinteoireacht i 1988 agus chuaigh chun cónaithe i Lios Dúin Bhearna. Lean sé den phéintéireacht agus d’fhaigheadh obair mar mhaisitheoir leabhar. Bhí baint mhór aige leis an bhfeachtas in aghaidh na forbairte a bhíothas a bheartú i Mullach Mór sa Bhoireann agus scríobh The Outlandish World of the Burren, 1998. Bhí sé ag scríobh úrscéil dar teideal Heatwave agus tá réamhrá leis an saothar sin i gcló in New Series: Departures. Ní raibh coinne lena bhás 4 Feabhra 1999. Tá sé curtha i gCill Mhúine.