MOONAN, George Aloysius (1872–1945) George Aloysius MOONAN Seoirse Ó Muanáin 1872 1945 28 Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath M An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath státseirbhíseach roimh 1922 [B9] státseirbhíseach Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Ag 28 Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath, a rugadh é ar 3 Samhain 1872. Tábhairneoir a athair Richard agus ba í Mary Tiernan a mháthair. Ba as Droichead Átha don athair agus fuair sé bás nuair a bhí Seoirse an-óg. Chaith sé tosach a shaoil ina chónaí i dtithe paróiste i gContae Lú lena shean-uncail agus ansin lena uncail. Shíl sé go ndeachaigh sin chun tairbhe dó sa mhéid go raibh leabharlanna maithe ag na sagairt sin agus go bhfuair sé léargas ar leith ar shaol na tuaithe. Bhí sé ar scoil anseo is ansiúd i gContae Lú ag na Bráithre Críostaí agus ag Bráithre Mhuire. Chuala sé Gaeilge á labhairt den chéad uair sa cheantar timpeall Shliabh gCuillinn.

Bhí sé ag pulcadh le haghaidh na scrúdaithe státseirbhíse i mBaile Átha Cliath in 1889–90 agus thosaigh sé ag freastal ar rang Gaeilge a bhí ar siúl ag Risteard Ó Maoilbhréanainn agus casadh Liam Ó Maolruanaidh, Pádraig Ó Brolcháin agus Pádraig Mac an Fhailghe air. Bhí sé cairdiúil freisin le Séamus Micheál Mac Cogadháin, Ciarraíoch a bhí i láthair ag an gcruinniú ar 31 lúil 1893, agus ba é a d’inis dó i dtaobh Chonradh na Gaeilge bheith bunaithe. Deireadh sé féin go raibh sé ar an 17ú ball.

Nuair a fuair sé post san Oifig Chogaidh i Londain casadh Fionán Mac Coluim air agus chuir siad rang beag Gaeilge ar siúl. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath tar éis tamaill agus casadh Fionán air lá agus thug sé chuig cruinniu den Ard-Chraobh é. Mhaíodh sé gur mar sin a tharla gur bunaíodh Craobh Londan den Chonradh. Bhí sé ina chisteoir ag an Ard-Chraobh in 1899 agus mar rúnaí acu in 1899–1900. Toghadh é ina bhall den Choiste Gnó in 1900 agus ceapadh é ina Rúnaí ar an gConradh ar 19 Feabhra 1901 nuair a d’éirigh Séamus Ó Cathasaigh as an bpost deonach sin. Nuair a ceapadh Pádraig Ó Dálaigh ina rúnaí ar tuarastal d’fhan Seoirse ina rúnaí don Choiste Gnó ar feadh 12 bliana. Bhí sé ina bhall coiste go dtí 1915.

Bhí sé ina rúnaí agus ina chisteoir ag Feis Laighean agus ina uachtarán ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath. Scríobh sé ceann de phaimfléid an Chonartha, The Spirit of the Gaelic League (1905).

Ba é Donnchadh Ó Liatháin a mhol go mbeadh Seachtain na Gaeilge ar siúl ach ba é an Muanánach faoi deara an moladh a chur i gcrích go praicticiúil.

Ceapadh é ina rúnaí ar Choláiste Laighean nuair a bunaíodh é agus lean sé air sa phost go dtí 1913 nuair a toghadh é ina chathaoirleach agus ina bhainisteoir oinigh.

Phós sé Máire Eibhlín Ní Charthaigh ar 17 Lúnasa 1901. Ní raibh aon chlann acu.

In 1905 chláraigh sé mar mhac léinn i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Glacadh leis mar abhcóide in 1911 agus rinne Abhcóide Sinsearach de in 1930. Ceapadh é ina bhreitheamh sa Chúirt Chuarda san oirthuaisceart. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Ridirí Naomh Columbán i mBaile Átha Cliath.

In 1921 foilsíodh an téacsleabhar cáiliúil A short history of the Irish people le Mary Hayden agus George Moonan. Is é cuid Sheoirse den leabhar sin na léachtaí a thugadh sé ar luathstair na hÉireann i gColáiste Laighean agus ba é a bhí freagrach as ar scríobhadh i dtaobh na litríochta. Fuair sé bás ar 15 Nollaig 1945.