Ó CÉILEACHAIR, Séamas (1916-1988) Séamas Ó CÉILEACHAIR 1916 1988 An Doirín Álainn, Co. Corcaigh M Coláiste Ullmhúcháin Bhráithre De La Salle, Mala, Co. Chorcaí Coláiste Oiliúna De La Salle, an Baile Nua, Co. Phort Láirge Ollscoil na hÉireann, Gaillimh aistritheoir múinteoir file Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Labhair sé le Risteárd Ó Glaisne faoina shaol is a shaothar in Inniu 17 Meán Fómhair 1971. Tá cuntais air: sa réamhrá a chuir Tomás Ó Floinn[q.v.] le Drúcht an ghleanna; rogha dánta agus dánta nua, 1986; i ndiaidh a bháis ag Gabriel Rosenstock in Comhar, Samhain 1988. Tá agallamh a rinne Gabriel Rosenstock leis i gcló in Comhar, Nollaig 1983. Tá léirmheas ar Drúcht an ghleanna ag Bríona Nic Dhiarmada in Comhar, Eanáir 1988.

Sa Doirín Álainn i bparóiste Bhaile Bhuirne, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 9 Feabhra 1916. Bhí feirm bheag ag a athair Denis, arbh as Mullach an Ois dó, agus bhí cónaí ar a mhuintir ann le fada. Ó Ghleann Fleisce dá mháthair, Julia O’Donoghue; bhí gaol aici le muintir an Athar Pádraig Ó Duinnín[B3]. Bhí ceathrar mac agus iníon amháin acu. Dúirt sé leis an nGlaisneach go raibh an Ghaeilge aige ón gcliabhán. Cuireadh oideachas air i gCúil Aodha, sa Choláiste Ullmhúcháin i Mala agus i gColáiste Oiliúna de La Salle i bPort Láirge. Cháiligh sé mar mhúinteoir i 1938. D’fhreastail sé go páirtaimsearach ar Choláiste na hOllscoile i nGaillimh agus bhain amach an Dioplóma san Oideachas i 1941, an B.A. i 1942 agus M.A. i 1943. Ó 1940 go 1956 bhí sé ag múineadh i gCathair Aodha i gContae an Chláir. As sin go dtí go ndeachaigh sé ar pinsean i 1981 is ina phríomhoide i Scoil Náisiúnta Sceichín a’ Rince, Coill Bheithne, Co. Thiobraid Árann, a bhí sé. Ina dhiaidh sin bhí cónaí air i mBéal Átha Póirín.

File ba ea a athair agus bhí cáil na filíochta ar an bhfear oibre a bhí acu, Seán Ó Murchú. Bhí traidisiún na filíochta go láidir sa cheantar. Bhí filíocht á cumadh aige agus é sa bhunscoil i gCúil Aodha. Sna luathdhaichidí thug Tadhg Ó Donnchadha[B1], Dónall Ó Corcora[B5] agus Gearóid Ó Murchadha[B2] misneach dó nuair a mhol siad a dhéantús (Ó Glaisne). Is é a dúirt sé le Rosenstock: ‘Táim i gceartlár an traidisiúin. Is é atá á dhéanamh agam le tamall ná ag scríobh i rithim na gnáthchainte seachas i rithim an cheoil ...’. Deir Ó Floinn: ‘Lean sé gan sos de chumadh na filíochta. Bliain i ndiaidh bliana ghnóthaigh sé duaiseanna i gcomórtais filíochta an Chomhchaidrimh agus i gcomórtais filíochta an Oireachtais. Gan amhras dob é “an saor síorbhuailteach” é. Chaith sé a shaol ar fad leis an bhfilíocht ... Thoirbhir Séamas Ó Céileachair é féin don fhilíocht i dtús a shaoil. Ina bhuachaill fós dó ghlac sé páirt i nDámhscoil Mhúscraí agus ó shin i leith is í an fhilíocht is beatha dó.’ Deir Ó Floinn gur chaith sé a shaol ar fad faoin tuaith, gur chaith sé tamall i mbun feirme dá chuid féin agus gurb í an tuath is foinse dá fhilíocht: ‘Tréith shuntasach i saothar Uí Chéileachair is ea an bhraistint agus an mothú don dúlra. I measc nuafhilí na Gaeilge (filí a shaothraigh an fhilíocht Ghaeilge ó thosaigh gluaiseacht na hathbheochana) níl file eile seachas Ó Céileachair a rinne saothrú d’aon ghnó ar an dúlra mar ábhar. Ó thaobh na staire de is i bhfilíocht na Sean-Ghaeilge amháin a fhaightear an dúlra mar ghnáthábhar.’ Ba dhóigh le Rosenstock gur beag file comhaimsearach a d’fhéadfadh dán fada chomh cumasach críochnúil le ‘Cúltroid Uí Shúilleabháin Béarra’ a scríobh. Deir sé freisin: ‘Sáraistritheoir a bhí ann freisin. Tá na hamhráin ó dhrámaí Shakespeare aige thar barr. (Ba chumasc suimiúil a stíl filíochta de thraidisiún a cheantair féin agus mórfhilíocht an Bhéarla ... chun na fírinne a rá níor bhuaileas riamh le héinne a bhí in ann tagairt do Ó Bruadair, Ó Rathaile, Keats agus Shelley faoi mar b’aon bhaicle amháin iad—agus ina aigne siúd b’eadh ní foláir).’ Cé go n-aithníonn Nic Dhiarmada buanna Uí Chéileachair agus a thaitneamhaí is a cheolmhaire atá a dhánta, deir sí faoi Drúcht an ghleanna: ‘Blas seanaimseartha is mó a fhaighimse ar an gcnuasach seo, fiú amháin ar na dánta nua ann. Is duine é Séamas Ó Céileachair—dar leis na dánta seo—atá as tiúin ar fad leis an lá atá inniu ann, le saol na fichiú haoise, saol na cathrach móire.’

Is iad na leabhair a tháinig óna láimh: Bláth an bhaile, 1952; Dánta do scoláire, 1954; Coillte an cheoil, 1955; Hup-Hup, 1955 (dánta don naíscoil); Mil na mbláth, 1956; Grian na gcnoc, 1968; Drúcht an ghleanna, 1986. Chuir sé ar fáil trí chnuasach de shaothar na bhfilí comhaimseartha: Nuafhilí 1 (1942-52), 1956; Nuafhilí 2 (1953-63), 1968 ; Nuafhilí 3, 1979 [1964-77]. Chuir sé dánta do scoileanna ar fáil in Dánta iarscoile, 1960 agus in Ríocht na gréine, 1971. D’éag sé 27 Meán Fómhair 1988 agus cuireadh é i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne.