Ó CAITHNIA, Liam Pilib (1925–2001) Liam Pilib Ó CAITHNIA 1925 2001 Corcaigh M Scoil na mBráithre Críostaí, Cé Uí Shúilleabháin, Corcaigh Coláiste Chiaráin, Bré, Co. Chill Mhantáin Coláiste Muire, Marino, Baile Átha Cliath An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath amhránaí [B9] Bráthair Críostaí amhránaí Bráthair Críostaí [B9] Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Scríobh Alan Titley faoi cheann dá leabhair: ‘Níl aon amhras ná go bhfuil Scéal na hIomána (1980) ar cheann den chúpla leabhar is tábhachtaí ar fad a scríobhadh sa Ghaeilge san aois seo. Rachainn chomh fada is a rá go mbeadh sé go hard ar aon liosta de na leabhair thaighde nó fhaisnéise is fearr a foilsíodh in Éirinn san aois seo’ (‘Liam P. Ó Caithnia, scoláire’ in Gníomhartha na mBráithre, 1996 in eagar ag Micheál Ó Cearúil). Tá eolas faoi freisin in Irish Times 27 Deireadh Fómhair 2001. In Béaloideas, 2002 tá marbhna le Bo Almqvist, stiúrthóir taighde Uí Chaithnia agus é i mbun a thráchtais ar stair na hiomána, agus deir sé: ‘Ba mhaith an rud é, go deimhin, gur scoláire de mhianach Liam Uí Chaithnia ab ea a chéadbhain céim dochtúireachta i mbéaloideas na hÉireann.’

I gCathair Chorcaí a rugadh é ar 14 Meán Fómhair 1925; feisteoir agus deileadóir i monarcha Ford ba ea a athair Leo Canny agus ba í Mamie Conway a mháthair. Bhí naonúr eile clainne ag an lánúin. Thug sé taitneamh don Ghaeilge ar dtús sa Mhodhscoil agus mhéadaigh ar an taitneamh sin nuair a chaith sé tamall i mBéal Átha an Ghaorthaidh nuair nach raibh sé ach naoi mbliana d’aois. Na Bráithre Críostaí ar Ché Uí Shúilleabháin a thosaigh ar mheánoideachas a chur air agus i 1938 chuaigh sé féin isteach sna Bráithre. Tar éis dó a chúrsa meánscoile a chríochnú i gColáiste Chiaráin i mBré chuaigh sé isteach sa nóibhíseacht i mBaile an Bhóthair, Baile Átha Cliath, i 1941. Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Muire, Marino, agus thosaigh ag obair i gCnoc Síon, Port Láirge. Bhí sé ag obair anseo is ansiúd ar fud na hÉireann: i gCeanannas Mór, i mBóthar na Trá i nGaillimh, i gCaisleán Dhroimeanaigh, Fionnradharc, Scoil Uí Chonaill agus Coláiste Mhuire (Cearnóg Pharnell) i mBaile Átha Cliath, i nDún Dealgan agus san Iúr. Rinne sé BA sa Ghaeilge agus sa Laidin sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ghnóthaigh MA agus dochtúireacht ar ball. Chomh maith le bheith ag múineadh scoile ghlacadh sé páirt san obair eile a bhí ar siúl ag na Bráithre chun spéis na ndaltaí a mhúailt sa Ghaeilge: ó 1958 go 1960 bhí sé ina eagarthóir ar An Réiltín, feasachán oifigiúil Ógra Éireann; agus ba ghnách leis cuid den samhradh a chaitheamh i bhfeighil na mbuachaillí a thugadh an tÓgra go Brú na Mí i mBaile Ghib. Amhránaí binn ba ea é agus stór mór d’amhráin Ghaeilge aige.

Tugtar suas do Stair na hIomána ó Thosach ama go 1884 gur sárleabhar é i ngeall ar an eolas go léir i dtaobh na hiomána agus saol na gnáthmhuintire atá nochtaithe ann den chéad uair, i ngeall ar a bhfuil d’fhoinsí eolais agus fianaise cíortha ann agus i ngeall ar an stíl ghlan údarásach ina bhfuil sé scríofa—‘stíl atá idir phearsanta agus líofa agus láidir agus áititheach, ach fairis sin ar fad ar pléisiúr i gcónaí é a léamh’ (Titley). Oscailt súl dá lán a bhí ann agus ghnóthaigh sé Duais na hInstitiúide Cultúrtha Gael-Mheiriceánaí. Bhí fiche bliain caite aige leis mar théis dochtúireachta agus mar leabhar. Deir an t-údar sa réamhrá: ‘Is é aidhm an tsaothair seo stair agus ginealach na hiomána a chuardach, a aithint—ní nach furasta i gcónaí—agus a chíoradh ó thosach ama in Éirinn go bliain 1884 nuair a bunaíodh an Cumann a ghlac mar chúram air féin ó shin í’. Comhlánú ar an saothar sin is ea Micheál Cíosóg, 1982 agus Báirí Cos in Éirinn, 1984. Deir Titley: ‘Ní heol dom aon chuntas eile chomh soiléir ná chomh hinléite ar gharimeachtaí bhunú an Chumainn Lúthchleas Gael is atá in Micheál Cíosóg.... I leataoibh ó bheith ina shárbheathaisnéis is lámhleabhar luachmhar é Micheál Cíosóg ar mheon na hÉireann ó aimsir an Ghorta go tús na haoise agus is teist thábhachtmhar arís eile é ar an tslí a raibh snáithe uile na gluaiseachta náisiúnta ag comhlánú a chéile.’ Saothar eile leis is ea: Art Mac Bionaid: dánta, 1979 a réitigh sé féin agus Tomás Ó Fiaich[q.v.] d’Éigse Oirialla; Apalóga na bhFilí, 1200-1650, 1984, ar leabhar tagartha é i dtaobh na scéalta a insítear i ndánta siollacha na Gaeilge Clasaicí. Deir Almqvist ina thaobh: ‘Cuireann lucht béaloidis spéis faoi leith sa leabhar úd Apalóga na bhfilí. Cé gur téama litríochta atá ann, ag rianadh is ag clárú na éilíní teagaisc eiseamláracha idir na blianta 1200 agus 1650, tá mórthábhacht leis an gcíoradh atá déanta ann do dhaoine a dhéanann scrúdú ar fhás is ar fhorbairt na scéalta úd a bhaineann le creideamh agus le moráltacht i mbéaloideas na Gaeilge. Cruthú atá sa leabhar arís ar dhoimhneas tuisceana an údair agus ar a raibh de léann go raidhsiúil air.’ Bhí spéis ar leith aige i gcreideamh na gnáthmhuintire 1550-1850 agus bhí saothar mór á bheartú aige ach tholg sé galar Alzheimer. D’éag sé ar 25 Meán Fómhair 2001.