Bhí sé ar dhuine de na haistritheoirí a bhí ag soláthar don Ghúm sna blianta tosaigh. Tá cuntais air ag Pádraig Ó Baoighill in Donegal Annual, 1998 agus in An tUltach, Iúil 1997. Sa Sruthán, gar don Fhál Carrach i gContae Dhún na nGall, a rugadh é ar 12 Meitheamh 1905. Ba iad Jeaic Ó Brógáin, feirmeoir, agus Méabha Ní Dhúgáin (Madge atá uirthi sa taifead beireatais) a thuismitheoirí. Bhí beirt deirfiúracha agus ceathrar deartháireacha aige. I scoil náisiúnta Ghort a’Choirce a cuireadh bunoideachas air. Deir Ó Baoighill gur thug na múinteoirí ansin faoi deara go raibh ‘éirim agus agra chinn’ aige. D’fhreastail sé ar Choláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn, agus ansin chaith tamall ag freastal ar an gColáiste Ollscoile i mBaile Átha Cliath. Thugadh sé ceachtanna príobháideacha Gaeilge, Matamaitice agus Gréigise sa chathair 1923-26. Fuair sé post buan leis na mórdhíoltóirí Carton agus bhí sé ina bhainisteoir creidmheasa acu. Thosaigh sé ag scríobh in An Reult, Irish Independent, An Phoblacht agus Scéala Éireann.

Ar na leabhair a d’aistrigh sé tá Páistí na nua-fhoraoise, 1933 (Children of the new forest le Captain Frederick Marryat); Píobaire Sídhe Ghleann Mhaoiliúra, 1933 (The fairy minstrel of Glenmalure le Edmund Leamy); Eachtraí Sherlock Holmes, 1936 (le A. Conan Doyle); Saighdiúir de Shlua Uí Néill, 1935 (With the Army of O’Neill le T.A. Finlay); Scéalta don aos óg, 1935 (le Hans Christian Andersen); Oileán an uathbháis 1937 (Island of terror le H.C. McNeile, ‘Sapper’); Faoi’n róba dhearg, 1937 (Under the red robe le Stanley J. Weyman). Deir Ó Baoighill: ‘B’fhiú go mór do Ghaeil Uladh breathnú arís ar chuid de na leabhair sin agus iad ag ullmhú téacsanna a bheadh oiriúnach do chanúint Thír Chonaill.’ Léadh sé an nuacht ar Radio Éireann. D’éirigh sé cairdiúil le Pilib Ó Floinn, aisteoir, agus ghlacadh sé páirt i ndrámaí Amharclann na Mainistreach. Bhí sé ghníomhach i gCumann Thír Chonaill ón tús, é ina uachtarán agus ina chathaoirleach air. Thugadh sé léachtaí ar fud na tíre ar ábhar a bhain le Tír Chonaill. Deir Ó Baoighill: ‘Ba mhór a chabhair fosta don chiste cuidithe do Bháthadh Árainn Mhór.’ Phós sé bean as Baile an Chnocáin, Co. Cill Mhantáin. Bhí cónaí orthu i nDroimeanach, Baile Átha Cliath. Luaitear mac leis, Seán. Bhí Proinnsias ina chónaí ina aonar ó cailleadh a bhean. Deir Ó Baoghill: ‘Bhí sé i gcrann a shláinte go dtí gur bhris maistíní mí-thrócaireacha isteach ina theach cónaí, gur bhuail siad é agus gur fhág siad é ina luí faoi phrios i rith na hoíche.’ D’éag sé 26 Bealtaine 1997.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú