Ó BRIAIN, Micheál (1923-1997) Micheál Ó BRIAIN 1923 1997 An Coilleach, Co. na Gaillimhe M aisteoir Diarmuid Breathnach Máire Ní Mhurchú Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cló Iar-Chonnachta agus bunúdair na mbeathaisnéisí, Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú Foilsiú ar líne These pages may be freely searched and displayed. Permission must be received for subsequent distribution in print or electronically. Please go to http://www.ainm.ie/ for more information. 2010

Bhí an cainteoir dúchais Gaeilge seo ar dhuine de na haisteoirí ab aitheanta ar stáitse Amharclann na Mainistreach. Ar an gCoilleach i bparóiste an Spidéil, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 15 Lúnasa 1923. B’as an áit sin dá athair Máirtín agus b’as Baile an tSléibhe dá mháthair, Cáit Ní Chúláin, agus dá hathairsean. Cúig dhuine déag a rugadh don lánúin ach trí dhuine déag díobh a mhair. B’as ceantar na Fairche i dtuaisceart Chonamara do sheanathair athartha Mhichíl, fear ar scríobh Tomás Ó Colmáin [B5] síos uaidh ceann de na hamhráin a thug sé do Eileen Costello [B2]. Cuireadh oideachas ar Mhicheál i scoil náisiúnta an Spidéil agus sa scoil ghairmoideachais ann. D’imir sé peil le foireann Chois Fharraige agus d’fhan spéis ar leith aige sna cluichí gaelacha; b’annamh Domhnach gan é a bheith i bPáirc an Chrócaigh.

Ó bhí sé deich mbliana d’aois bhí rólanna aige i ndrámaí. Bhí aithne curtha ag Leon Ó Broin [q.v.] air agus b’eisean a mhol d’Earnán de Blaghad [B5] go bhfostódh an Mhainistir é. Um Márta 1943 a thosaigh sé ann in aois 19 bliain dó. Bhí an chéad mhór-ról aige in Tenants at Will le George Shiels. Bhí rólanna aige i 300 léiriúchán ann agus gan amhras bhí rólanna aige sna geamaireachtaí Gaeilge go léir agus sa chuid is mó ar fad de na drámaí Gaeilge. Bhí sé páirteach i ndrámaí sin na Mainistreach ar éirigh thar cionn ar fad leo: The righteous are bold, They got what they wanted, This other Eden, Tarry Flynn, Borstal Boy .... Cuimhnítear ar chuid de na drámaí Gaeilge a bhfacthas iontu é: An Béal Bocht, Séadna, Lig Sinn i gCathú, Gach Neach Beo, Is Glas iad na Cnuic, Fiche Bliain ag Fás, Tagann Godot, Gunna Cam agus Slabhra Óir, . . .. I 1970 thaistil sé an mhór-roinn in The Hostag le Breandán Ó Beacháin [B5]; tamall maith roimhe sin bhí sé páirteach sa dráma An Pósadh (Dubhghlas de hÍde) i bPáras. Bhí sé ag aisteoireacht i bhFlórans, Londain agus sna 1980idí i Meiriceá. Bhí sé rannpháirteach sna turais go léir a thug an Mhainistir ar cheantair Ghaeltachta agus bhain taitneamh ar leith astu.

Aisteoir maith raidió agus teilifíse ba ea é freisin. Bhíodh a ghlór soiléir le cloisteáil go minic ó Radio Éireann agus bhí sé rannpháirteach sa tsraith a scríobh Eoin Ó Súilleabháin—Colm i Sasana, Colm sa Bhaile ..., a n-éisteadh muintir na Gaeltachta go haireach leo. Drámaí teilifíse a raibh rólanna aige iontu ba ea Teangmháil agus Oileán Tearmainn. Bhí sé sna sraitheanna tosaigh de Glenroe. I measc na scannán a raibh rólanna aige iontu bhí Shake hands with the Devil, The playboy of the western world, Johnny Nobody, The girl with green eyes, Professor Tim, The rising of the moon, The quiet man .... Is insuime, b’fhéidir, go raibh smeadar gaoil ag a mháthair le stiúrthóir an dá scannán deireanacha sin, John Ford. Nuair a shroich sé aois an phinsin lean sé air ag obair agus pointí suntasacha sna blianta sin ba ea a bheith ag aisteoireacht le Barry Cassin agus O.Z. Whitehead sa dráma What Where le Samuel Beckett in Amharclann an Gheata agus a bheith in John Bull’s Other Island le Cyril Cusack agus John Cowley sa Gaiety. D’éag sé ar 9 Meitheamh 1997. Bhí iníon agus triúr mac aige féin agus a bhanchéile Caitlín Ní Fhaoláin as Muineachán (d’éag 12 Meitheamh 2003). Mac leo is ea an scoláire Gaeilge Máirtín Ó Briain; bhuaigh mac leo an gradam ‘Eolaí óg na bliana’ i 1977; chuaigh mac eile isteach sa Gharda Síochána; le dochtúireacht a chuaigh a n-iníon. Tá siad beirt curtha i Reilig Éinde ar an gCoilleach.